Cathaoirleach nua ceaptha ar Bhord Fhoras na Gaeilge

Is í Regina Uí Chollatáin, Cathaoir agus Ollamh na Nua-Ghaeilge i UCD atá ceaptha ina chathaoirleach ar bhord na heagraíochta trasteorann

Cathaoirleach nua ceaptha ar Bhord Fhoras na Gaeilge

Tá an tOllamh Regina Uí Chollatáin ceaptha ina Cathaoirleach ar Bhord Fhoras na Gaeilge.

Is í Regina Cathaoir agus Ollamh na Nua-Ghaeilge agus Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.

Iarbhall de Bhord Stiúrtha TG4 í.

As Leitir Ceanainn i nDún na nGall di ó dhúchas agus athbheochan na Gaeilge agus iriseoireacht na Gaeilge na príomhréimsí taighde atá aici.

Cheadaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas ainmniúchán cúigear eile ar bhoird an Fhorais Teanga.

Ceapadh Freda Nic Giolla Chatháin mar chomhalta ar Bhord Foras na Gaeilge ar feadh téarma ceithre bliana. Iarbhainisteoir  ar an Taibhdhearc í Freda Nic Giolla Chatháin.

Iarcheannasaí ar Gnó Mhaigh Eo í agus bhí sí ina hOifigeach Cumarsáide Gaeilge le Gaillimh 2020. Ceoltóir agus aistritheoir í.

Chomh maith leis sin ceapadh Freddie Kettyle, feirmeoir agus fear gnó as Achadh an Iúir, contae an Chabháin, mar Leas-Chathaoirleach ar Bhord Ghníomhaireacht na hUltaise.

Ceapadh triúr eile ar Bhord na hUltaise; Allen McAdam, fiontraí agus feirmeoir as contae Mhuineacháin, Lavinia Tilson, príomhoide bunscoile i mBaile Chonaill, an Cabhán, agus Karen Devenney, leas-phríomhoide i mBunscoil i Mainéar Uí Chuinneagáin i nDún na nGall.

Dúirt an tAire Gaeltachta Catherine Martin agus an tAire Stáit Jack Chambers go raibh “áthas” orthu anois go raibh boird iomlána anois ag an dá eagraíocht.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn go raibh “lúcháir” air “fáilte” a chur roimh Regina Uí Chollatáin agus Freda Nic Giolla Chatháin ar bhord na heagraíochta.

Bhí Foras na Gaeilge gan aon chathaoirleach ó dheireadh na bliana seo caite nuair a tháinig deireadh le tréimhse Phóil Uí Ghallchóir sa chathaoir i Sráid Amiens.

Fág freagra ar 'Cathaoirleach nua ceaptha ar Bhord Fhoras na Gaeilge'

  • Pat Butler

    Is mór agam treisiú Regina Uí Chollatáin. Is dúshlánach an jab atá le déanamh. Tabharfaidh Regina díogras, mianach, agus cúr i gcrích tomhaiste chuige.
    Ó Thuaidh, a Regina!

  • Éilís Ní Anluain

    Comhghairdeachas leat a Regina, go maire tú do nuaíocht!