Cath mór romhainn i nDún na nGall agus cluichí cinniúnacha ag foirne Gaeltachta ar fud na tíre

Le cluichí ceathrú ceannais agus babhtaí deireanacha na ngrúpaí tá deireadh seachtaine mór ann d’fhoirne peile na Gaeltachta

Cath mór romhainn i nDún na nGall agus cluichí cinniúnacha ag foirne Gaeltachta ar fud na tíre

Gaillimh

Dé Sathairn, an 16 Deireadh Fómhair

Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe

Oileáin Árann v Orán Mór-Mearaí – Staid an Phiarsaigh, 1.30pm

Naomh Anna, Leitir Móir v Cill Fhir Iarainn – Staid an Phiarsaigh, 3.30pm

Dé Domhnaigh, an 17 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe

Maigh Cuilinn v Réalta Thuama – Staid an Phiarsaigh, 3.30pm

An Spidéal v Naomh Micheál  – Ros Moc, 4.15pm

Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe

Micheál Breathnach v Naomh Breandán – Béal Átha na Sluaighe, 3.30pm

Craobh Shinsir Pheil na mBan Ghaillimh

Cill Choirín/Cluain Bheirn v Maigh Cuilinn – Cathair Loistreáin, 1pm

I nGaillimh, imreofar babhtaí ceathrú ceannais na gcraobhacha sinsir agus idirmheánaí Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.

Is iad Maigh Cuilinn, curaidh 2020, an t-aon chumann Gaeltachta ar éirigh leo na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach sa Chraobh Shinsir agus tabharfaidh siad aghaidh ar Réalta Thuama Dé Domhnaigh. Bhí géarchoimhlint idir na foirne céanna sna babhtaí leathcheannais anuraidh agus beidh Maigh Cuilinn ag súil go mbeidh an lá leo arís an uair seo.

Is ar an Domhnach freisin a imreoidh An Spidéal i mbabhtaí dícháilithe na craoibhe. Is i gcoinne Naomh Micheál arís a bheidh fir Chois Fharraige. Cúl amháin a bhí idir na foirne nuair a chasadar ar a chéile mí ó shin agus b’aid fir na cathrach a thug na cosa leo. Pé dream a chailleann Dé Domhnaigh, beidh deis eile acu teacht slán sa Chraobh Shinsir faoi cheann cúpla seachtain.

Tá foirne Gaeltachta go mór sa treis sa Chraobh Idirmheánach an deireadh seachtaine seo agus Micheál Breathnach, Naomh Anna agus Oileáin Árann uile ag dul chun páirce sna babhtaí ceathrú ceannais. Is é Tyler Ó Flaithearta príomhscórálaí Oileán Árann go dtí seo sa chraobh agus beifear ag súil go ndéanfaidh sé an beart arís in aghaidh Órán Mór-Mearaí inniu. Beidh Naomh Anna ag imirt in aghaidh Cill Fhir Iarainn díreach ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh go mbeadh na Breathnaigh sách maith le Naomh Breandán a bhualadh Dé Domhnaigh.

Beidh dúshlán mór roimh mhná Mhaigh Cuilinn an lá céanna agus iad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Chill Chóirín/Cluain Bheirn, a bhfuil seacht gcraobh as a chéile buaite acu, sna babhtaí ceathrú ceannais.

Dún na nGall

Dé Sathairn, an 16 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall

Cill Charthaigh v Seán Mac Cumhaill – Ard an Rátha, 8pm

Craobh Idirmheánach Peile Dhún na nGall

Cloich Cheann Fhaola v Malainn – Páirc Uí Domhnaill, 2pm

Naomh Bríd v Naomh Columba – Na Cealla Beaga, 2pm

Gaeil Fhanada v Bun Cranncha – Páirc Uí Dhomhnaill, 4pm

Naomh Muire v An Clochán Liath – Ard an Rátha, 6pm

Dé Domhnaigh, an 17 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall

Gleann tSúilí v Ard an Rátha – Conmhaigh, 1pm

Naomh Adhamhnáin v Naomh Náille – Páirc Mhic Cumhaill, 3pm

Gaoth Dobhair v Naomh Conaill – Páirc Mhic Cumhaill, 5.15pm

Craobh Shinsir Pheil na mBan Dhún na nGall

Gleann Fhinne v An Tearmann – Leifear, 1.30pm

Na babhtaí ceathrú ceannais atá romhainn i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall agus aird gach duine dírithe ar an gcluiche idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill Dé Domhnaigh. Fathaigh na craoibhe atá sna foirne seo le blianta beaga anuas agus is minic go mbuann an dream a thagann slán as na coimhlintí eatrhu an chraobh. Theastaigh trí chluiche chun na foirne a scaradh óna chéile i gcluiche ceannais 2019 agus ba cheart go mbeadh coimhlint chrua eile ann an deireadh seachtaine seo. Bhí seans ag an dá fhoireann é a thógáil go bog sna cluichí gan tábhacht a bhí acu an deireadh seachtaine seo caite.

Aréir a imríodh an chéad chluiche ceathrú ceannais idir Naomh Micheál agus Aodh Ruadh agus tráthnóna a bheidh ceann eile de bhoic mhóra na peile i nDún na nGall, Cill Charthaigh, san iomaíocht in aghaidh fir Bhaile Féich, Seán Mac Cumhaill. Beidh Naomh Adhamhnáin le Naomh Náille Dé Domhnaigh agus is ar an Domhnach freisin a imreofar an cluiche leathcheannais dícháilithe idir Ard an Rátha agus Gleann tSúilí.

Beidh coimhlint mhór Ghaeltachta sna babhtaí ceathrú ceannais den Chraobh Idirmheánach nuair a thabharfaidh Naomh Muire, Íochtar na Rosann, aghaidh ar an gClochán Liath Dé Sathairn. Imreoidh Cloich Cheann Fhaola agus Malainn in aghaidh a chéile, beidh Naomh Columba agus Naomh Bríd le chéile agus casfaidh Gaeil Fhanada ar Bhun Cranncha Dé Sathairn freisin sna cluichí ceathrú ceannais eile sa chomórtas.

Imreofar cluiche ceannais Chraobh Shinsir na mBan freisin ar an Domhnach agus Gleann Fhinn agus An Tearmann ag tabhairt aghaidh ar a chéile den tríú bliain as a chéile. Ceann as péire a bhuaigh an dá dhream agus Gleann Fhinne a bhuaigh Craobh 2020. Beidh Geraldine McLaughlin agus a comrádaí ag iarraidh díoltas a bhaint amach.

Corcaigh

Dé Sathairn, an 16 Deireadh Fómhair

Príomh-Chraobh Idirmheánach Peile Chorcaí

Naomh Abán v Ceann Toirc – Mala, 7.30pm

Cill na Martra v Uinsinn Naofa – Páirc Uí Rinn, 7.30pm

Dé Domhnaigh, an 17 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsear Peile A Chorcaí

Béal Átha an Ghaorthaidh v Ó Donnabháin Rossa – Áth an Mhíl, 4pm

Shane Ó Duinnín (Cill na Martra)
Shane Ó Duinnín ag imirt do Chill na Martra ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2017. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tar éis dóibh a gcluiche sa dara babhta in aghaidh Dhroichead na Bandan a chailliúint, caithfidh fir Bhéal Átha an Ghaorthaidh an ceann is fearr a fháil ar  chumann Uí Dhonnabháin Rossa más leo áit a bhaint amach i mbabhtaí ceathrú ceannais i gCraobh Shinsir Peile A Chorcaí. Tá an dá chluiche go dtí seo caillte ag foireann an Sciobairín ach ní le mórán.

Sa Phríomhchraobh Idirmheánach, tá an-seans ag an dá fhoireann Ghaeltachta, Naomh Abán agus Cill na Martra, na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach. Casfaidh Naomh Abán ar Cheann Toirc i gcluiche crua i Mala ag 7.30pm Dé Sathairn agus tabharfaidh Cill na Martra agus Uinsinn Naofa aghaidh ar a chéile i bPáirc Uí Rinn ag an am céanna.

Port Láirge

Dé Sathairn, an 16 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile Phort Láirge

An Rinn v Baile na Cúirte – Páirc Uí Fhearachar, 7pm

Cé nach bhfuil ach cluiche amháin imeartha acu go dtí seo, uair na cinniúna atá ann do pheileadóirí na Rinne i gCraobh Shinsir Phort Láirge anocht. Caithfidh an cumann Gaeltachta an ceann is fearr a fháil ar Bhaile na Cúirte más leo dul ar aghaidh sa chomórtas i mbliana. Dúshlán ceart atá roimh an Rinn agus iad ag tabhairt aghaidh ar sheaimpíní na bliana seo caite. Bhí dornán imreoirí in easnamh ar an Rinn an deireadh seachtaine seo caite nuair a chaill siad in aghaidh an tSráidbhaile agus beifear ag súil go mbeidh biseach tagtha ar dhuine nó beirt in am do chluiche an lae inniu.

Maigh Eo

Dé Sathairn, an 16 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile Mhaigh Eo

Béal an Mhuirthead v Achadh Mór – Béal an Átha, 4pm,

Dé Domhnaigh, an 17 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile Mhaigh Eo

An Éill v Cill tSéadhna – Caisleán an Bharraigh, 2pm.

Ní theastaíonn ach pointe amháin ó Bhéal an Mhuirthead chun na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach i gCraobh Shinsir Peile Mhaigh Eo ach beidh siad ag súil leis an gceann is fearr a fháil ar an Achadh Mór, dream a bhfuil a dhá chluiche go dtí seo caillte acu.

Bheadh Cill tSéadhna sásta le comhscór in aghaidh na hÉile Dé Domhnaigh ach coimhlint níos géire a bheidh ansin. Tá an dá fhoireann ag iarraidh na babhtaí dícháilithe a sheachaint agus caithfidh Cill tSéadhna súil ghéar a choinneáil ar Tommy Conroy Mhaigh Eo. Tá Tommy Conroy eile ag imirt don chumann Gaeltachta agus cáil air freisin as cúil a scóráil. Beidh sé ag teastáil.

An Mhí

Dé Domhnaigh, an 17 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Iomána na Mí

Cill Liatháin v Bhulf Tón – Muileann an Chláir, 1.45pm

Clann na nGael v Gaeil Bhláth Gall – Maigh Dearmhaí, 1.45pm

Tá rás na bhfoirne Gaeltachta i gCraobh Shinsir Iomána na Mí rite agus na cluichí deireanacha i mbabhtaí na ngrúpaí le himirt an deireadh seachtaine seo. Theastódh bua ollmhór do Bhulf Tón in aghaidh Chill Liatháin chun an t-ísliú céime a sheachaint agus níl tábhacht ar bith le cluiche Chlann na nGael i gcoinne Ghael Bhláth Gall amárach.

Fág freagra ar 'Cath mór romhainn i nDún na nGall agus cluichí cinniúnacha ag foirne Gaeltachta ar fud na tíre'