Cruinniú ag an aire Paul Givan le grúpa oideachais Gaeilge ach Conradh na Gaeilge fós ag fanacht

Scríobh Conradh na Gaeilge chuig an Aire Givan i mí Feabhra ag iarraidh cruinniú a shocrú le labhairt faoi chúrsaí Gaelscolaíochta ó thuaidh agus reachtaíocht atá beartaithe

Cruinniú ag an aire Paul Givan le grúpa oideachais Gaeilge ach Conradh na Gaeilge fós ag fanacht

Níl aon chruinniú socraithe ag an Aire Oideachais Paul Givan le Conradh na Gaeilge ó dhiúltaigh sé don chéad iarratas uathu i mí Feabhra, ach tá súil ag lucht an Chonartha cruinniú a eagrú “sna míonna amach romhainn” leis an mBille Gaelscolaíochta sa Tuaisceart a phlé.

Dúirt an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, bainisteoir cumarsáide le Conradh Gaeilge, le Tuairisc gur “ábhar ollmhór díomá” don eagraíocht teanga gur bhuail an tAire Givan le paraimíleataigh Dhílseacha ach gur dhiúltaigh sé bualadh leis an gConradh.

Dúirt sé freisin, áfach, go raibh sé “sláintiúil agus ceart” gur chas an t-aire le hionadaithe ó Fhóram na nÓg an tseachtain seo agus go mbeadh “díomá agus imní” air mura gcasfadh mar go bhfuil “dualgas” ar an aire casadh le grúpa a bhfuil “cúram sainiúil oideachais” air.

“Is cruinniú riachtanach a bhí sa chruinniú le Fóram na nÓg agus sílim gur gá idirdhealú a dhéanamh [idir Fóram na nÓg agus Conradh na Gaeilge]. Is grúpa réigiúnach iad a bhfuil cúram sainiúil oideachais orthu agus faigheann siad sciar maith dá maoiniú ón Roinn Oideachais.

“Ag an am chéanna, sílim go n-aithnítear go forleathan gur scairshealbhóir iontach tábhachtach é Conradh na Gaeilge fosta agus go bhfuil go leor oibre déanta againn maidir le cúrsaí oideachais agus cearta teanga le deich mbliana anuas, agus gur cheart dó bualadh linne fosta,” a dúirt sé le Tuairisc.

Scríobh Conradh na Gaeilge chuig an aire Givan i mí Feabhra ag iarraidh cruinniú a shocrú  faoin “dualgas reachtúil faoi chur chun cinn na Gaelscolaíochta” agus faoi “forbairtí reachtaíochta” a raibh an Conradh ag obair orthu. Deir Ó Tiarnaigh go bhfuil “rud níos críochnúla” ag an gConradh anois faoin mBille Gaelscolaíochta “a bheidh ina chás mór sna míonna amach romhainn” agus go mbeidh an eagraíocht “ag lorg tacaíochta dó sin”.

“Céim ríthábhachtach chun tosaigh” i gcur chun cinn na hearnála óige Gaeilge a bhí sa gcruinniú a bhí ag Fóram na nÓg leis an Aire Oideachais Paul Givan in Stormont an tseachtain seo, dar le stiúrthóir na heagraíochta, Orliath Mhic Leannáin.

Chas ionadaithe ó Fhóram na nÓg leis an Aire Givan Dé Luain lena n-éileamh ar “mhaoiniú fadtéarmach inbhuanaithe” don earnáil óige Ghaeilge a phlé.

“Le trí bliana anuas, tá dea-chaidreamh tógtha againn leis an Údarás Oideachais, agus tháinig méadú suntasach ar acmhainní dár n-earnáil mar thoradh air seo. Thug muid cuid dár ndaoine óga chuig an chruinniú agus mhínigh siad an ról claochlaitheach agus riachtanach a imríonn seirbhísí óige lán-Ghaeilge ina saol.

“Cuireann muid béim ar an ghá atá le creat maoinithe fadtéarmach agus inbhuanaithe atá ag teacht leis an éileamh méadaitheach ar sheirbhísí óige lán-Ghaeilge, atá ag teacht leis an fhás as cuimse ar an oideachas lán-Ghaeilge ar fud an Tuaiscirt,” a dúirt Ní Leannáin.

Thug sí le fios nach mbeadh “deiseanna sóisialta neamhfhoirmiúla” ar fáil do Ghaeilgeoirí óga sa Tuaisceart murach an “maoiniú réigiúnach” a chuirtear ar fáil d’Fhóram na nÓg agus go bhfuil “géarghá…le socruithe maoinithe solúbtha agus cruthaitheacha ag leibhéal áitiúil” le clubanna óige a fhorbairt.

Dúirt an tAire Givan go raibh sé “ag tnúth go mór” le hobair le hearnáil na hóige Gaeilge tar éis an chruinnithe.

“Chuir mé fáilte roimh an deis bualadh le Fóram na nÓg chun dul chun cinn na hoibre óige Gaeilge le blianta beaga anuas a phlé. Táim ag tnúth le hobair leanúnach leis an earnáil chun fanacht ar an eolas faoi fhorbairtí leanúnacha agus cuairt a thabhairt ar eagraíochtaí áitiúla um sholáthar óige Gaeilge mar chuid de mo chlár rannpháirtíochta,” a dúirt sé.

Tharraing an tAire Givan cáineadh air féin le deireanas nuair a bhuail sé le scátheagras na nDílseoirí, an LCC, eagras a chuimsíonn na paraimíleataigh Dhílseacha an Ulster Volunteer Force, an Red Hand Commando agus an Ulster Defence Association.

Tháinig sé chun solais an mhí seo caite gur dhiúltaigh sé cruinniú a eagrú le Conradh na Gaeilge le cás na Gaeilge sna scoileanna ó thuaidh a phlé.

Fág freagra ar 'Cruinniú ag an aire Paul Givan le grúpa oideachais Gaeilge ach Conradh na Gaeilge fós ag fanacht'