Cartlann an raidió bhradaigh á forbairt 30 bliain tar éis do na stáisiúin gan cheadúnas imeacht den aer

Oíche Chinn Bliana 1988 thit ciúnas ar aerthonnta na tíre nuair a dúnadh suas le 100 stáisiún raidió. Agus é ina dhéagóir, bhí ár gcolúnaí páirteach sa ré chorraitheach sin. Tá sé páirteach anois i dtogra chun cuimhní an raidió bhradaigh a chaomhnú

Cartlann an raidió bhradaigh á forbairt 30 bliain tar éis do na stáisiúin gan cheadúnas imeacht den aer

Ag meán oíche anocht beidh tríocha bliain ann go díreach ó cuireadh an chuid is mó de na stáisiúin raidió in Éirinn den aer nuair a tháinig reachtaíocht nua i bhfeidhm. Chuirfeadh an t-acht nua deireadh leis an dtranglam craoltóireachta a bhí i réim le fiche bliain roimhe sin. Ré an raidió bhradaigh a bhí ann ó dheireadh na 1960í nuair a tháinig na céadta stáisiún ar an aer gan cheadúnas toisc go raibh lúb ar lár sa dlí a bhí in ainm is smacht a chur ar aerthonnta na hÉireann. Faoin Acht Raidió-Theileagrafaíochta 1926, ní fhéadfaí ach £10 a ghearradh ar dhuine a mbeadh ‘gléas raidió-theileagrafaíochta’ aige gan cheadúnas agus ní nach ionadh thángthas i dtír air sin go minic in imeacht na mblianta. A bhuíochas le lúb eile i ndlí na Breataine, faoi dheireadh na seascaidí bhí stáisiúin bhradacha suite ar longa sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Éireann, go háirithe Radio Caroline a mbíodh glúin m’athar ag éisteacht leis faoi na braillíní istoíche. Ba bhagairt chomh mór sin ar údaráis na Breataine é Radio Caroline gur bhunaigh an rialtas seirbhís nua popcheoil BBC Radio 1 i 1967. Faoi thús na seachtóidí bhí roinnt stáisiún bradach i mBaile Átha Cliath agus go deimhin tháinig Saor-Raidió Chonamara ar an aer faoi Cháisc 1970, gníomh a thug ann do Raidió na Gaeltachta. Cé go bhfuil go leor taighde le déanamh fós, is eol dúinn gur bhain roinnt craoltóirí bradacha – go háirithe stáisiúin phobail agus pholaitiúla – úsáid as an nGaeilge. Ba é an raidió bradach faoi ndear RTÉ Radio 2 (2fm anois) chomh maith, seirbhís nua óige a chuaigh ar an aer i 1979.

Ba i dtús na n-ochtóidí a thosnaigh an réabhlóid i gceart, áfach, nuair a bunaíodh stáisiúin mhóra phroifisiúnta a raibh sé d’aidhm acu brabús a dhéanamh i margadh raidió ina raibh an-tart ar na héisteoirí. Chuaigh Sunshine Radio agus Radio Nova ar an aer i mBaile Átha Cliath agus athraíodh cúrsaí craoltóireachta na hÉireann ó bhonn. Ba chumhachtaí agus ba mhealltaí i bhfad na gearrcaigh nua ná na stáisiúin amaitéaracha a bhí ann rompu agus ba gheall le crith talún iad i saol na craoltóireachta. Bhí tarchuradóir Nova chomh cumhachtach sin go raibh éisteoirí acu ar chósta thiar na Breataine agus oifig fógraíochta i Learpholl. Bhí RTÉ ag cailliúint lucht éisteachta go tiubh agus thosnaíodar ag blocáil na gcomharthaí. Deineadh ruathar ar na stáisiúin i 1983 ach ligeadh leo arís nuair a d’imigh na héisteoirí ar buile. Chuir guagacht pholaitiúil na linne bac ar leasú reachtaíochta a réiteodh an fhadhb agus níor ritheadh acht nua go dtí 1988 nuair a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht.

Bhí an raidió bradach de dhlúth agus d’inneach na tíre ar feadh 10 mbliana ar a laghad agus ba bheag baile in Éirinn nach raibh stáisiún dá chuid féin aige agus éisteoirí dílse dá réir. Bhí éagsúlacht mhór ann: ba ghnólachtaí móra rathúla iad cuid de na stáisiúin ach bhí stáisiúin phobail ann chomh maith a thug guth do dhaoine nach bhféadfadh RTÉ freastal orthu. Fuaireas féin mo chéad bhlaiseadh den chraoltóireacht bhradach agus gan ach 15 bliana slán agam nuair a bhunaigh cara liom stáisiún sa chlub óige áitiúil. Ba é an raidió a chothaigh ar feadh blianta fada mé agus tá mo chroí ann ó shin mar chraoltóir deonach le Flirt FM sa Ghaillimh.   

Go dtí le déanaí, níor aithníodh an raidió bradach mar chuid de stair na craoltóireachta in Éirinn ach tá meitheal bheag againn a bhí páirteach sa ré chorraitheach sin inár n-óige ag iarraidh an scéal a chur ina cheart. Le déanaí bhronn an staraí raidió Eddie Bohan a chartlann phearsanta de ghearrthóga nuachtáin agus earraí bolscaireachta ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. I nDeireadh Fómhair d’eagraíos féin agus an gníomhaí raidió Brian Greene teacht le chéile i mBaile Átha Cliath chun agallaimh a chur ar dhaoine a raibh baint acu leis an raidió bradach. Tá an t-ábhar sin, mar aon le taifeadtaí stairiúla de stáisiúin bheaga agus mhóra, á chraoladh againn faoi láthair ar an suíomh comórtha www.pirate.ie. Tá cartlann an raidió bhradaigh á tógaint againn de réir a chéile agus tá súil againn go mbeidh sí ina hacmhainn luachmhar do thaighdeoirí amach anseo.       

Fág freagra ar 'Cartlann an raidió bhradaigh á forbairt 30 bliain tar éis do na stáisiúin gan cheadúnas imeacht den aer'