Caithfidh na Teachtaí Dála tuilleadh feola a chur ar na cnámha feasta…

Tá tús maith déanta ag grúpa réigiúnach na dteachtaí neamhspleácha ach caithfidh siad tuilleadh eagair a chur orthu féin agus a bhfealsúnacht a dhoimhniú

Caithfidh na Teachtaí Dála tuilleadh feola a chur ar na cnámha feasta…

Bhí an ceart ar fad ag Máirín Ní Ghadhra nuair a scríobh sí ar an suíomh seo go bhfuil níos mó cumhachta sa Dáil ag na Teachtaí neamhspleácha anois. Chruthaigh siad go binn é nuair a theastaigh a dtacaíocht ón rialtas leis an dlí ar dhíshealbhú a athrú.

Mar a dúirt teachta Rialtais amháin, tá blas na cumhachta faighte anois acu agus beidh siad ag iarraidh tuilleadh. Tá súil agam go mbeidh agus a chonách sin orthu.

Múnla maith iad grúpa réigiúnach na dteachtaí neamhspleácha d’fhórsa polaitíochta a d’fhéadfadh athrú mór a chur ar chúrsaí na tíre amach anseo. Is fada mé féin a rá gur cheart Conradh na Tuaithe a bhunú le cothrom na Féinne a bhaint amach do phobal na tuaithe sa díospóireacht atá ar bun faoi théamh an domhain agus ar chúiseanna eile.

Duine dall nach bhfeicfeadh go bhfuil an domhan ag téamh. Bíodh cónaí ort faoin tuath nó sa gcathair ba cheart go gcuirfeadh sé sin imní ort. Ach is é an chaoi a dtabharfar aghaidh ar an bhfadhb an cheist atá le réiteach.

An bhfágfar meáchan na croise ar phobal na tuaithe nó an iarrfar ar mhuintir na cathrach a gcion féin a dhéanamh?

Taobh amuigh de sin ar fad is iomaí meáchan eile atá ag luí ar an gcuid againn atá inár gcónaí faoin tuath. Anseo i bparóiste Charna tá muid céasta cráite ag rialacha dochta pleanála agus ag ceantair speisialta caomhnaithe.

Tá ceantar mór fairsing cnoic atá caomhnaithe taobh thuas dínn agus Cuan Chill Chiaráin atá caomhnaithe freisin taobh thíos dínn. Ar stiall caol talún atá cónaí orainne. ‘Stiall Gaza’ a thugaimse air.

Bhí an-dóchas againn as Páirc na Mara i gCill Chiaráin ach rug an ceantar caomhnaithe arís orainn agus diúltaíodh an cead pleanála.

Níl amhras ar bith orainn anseo nach é an polasaí oifigiúil atá ag an stát muid a thiomáint isteach chun na cathrach. Tá pobail tuaithe eile ar fud na hÉireann sa gcás céanna.

Tá tús maith déanta ag grúpa réigiúnach na dteachtaí neamhspleácha ach caithfidh siad tuilleadh eagair a chur orthu féin agus a bhfealsúnacht a dhoimhniú.

Theastódh gluaiseacht phobail a bheith go feiceálach taobh thiar díobh. Bhí na héilimh a chuir siad chun cinn roimh an vóta an lá faoi dheireadh spéisiúil ach caithfidh siad tuilleadh feola a chur ar na cnámha feasta.

Bheadh eolaithe i ngluaiseacht phobail in ann cuidiú go mór leo ón taobh sin de. Ba mhaith an beart acu freisin cónascadh a dhéanamh leis an ngrúpa teachtaí neamhspleácha tuaithe a bhfuil Mattie McGrath i gceannas orthu.

Ó thaobh uimhreacha de tá seachtar teachtaí ag an ngrúpa réigiúnach agus seisear ag an ngrúpa tuaithe.

Tar éis thoghchán 1989 ní raibh ag an bPáirtí Daonlathach ach seisear teachtaí ach choinnigh siad greim dúdáin ar an gcomhrialtas a chuir Cathal Ó hEochaidh agus Deasún Ó Máille le chéile. Ba iadsan na giollaí a bhí ina máistrí an fhad is a mhair an rialtas céanna.

Ba cheart gur spreagadh mór don chineál gluaiseachta atá i gceist agam an dul chun cinn atá gluaiseacht den chineál sin a dhéanamh san Ísiltír faoi láthair. Fadhbanna na bhfeilméaraí agus na tuaithe i gcoitinne atá ag cur as dóibh siúd iad féin.

Cuimhnigh gur iníon le bean as Éirinn atá i gceannas na gluaiseachta seo san Ísiltír. Caroline van der Plas is ainm di i, iníon le Nuala Fitzpatrick.

Tá siadsan ag éileamh go mbunófaí Aireacht Tuaithe san Ísiltír agus go mbeadh an Aireacht sin lonnaithe céad ciliméadar ar a laghad as an Háig mar a bhfuil an rialtas.

Cé a déarfadh nár cheart Aireacht mar í a bhunú sa tír seo freisin?

Fág freagra ar 'Caithfidh na Teachtaí Dála tuilleadh feola a chur ar na cnámha feasta…'