Caithfidh Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht an fód a sheasamh

Is iad na hUltaigh is túisce de na Cúigí a chuirfeas chun páirce anocht i mBéal Feirste i gcoinne na nDragons

Caithfidh Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht an fód a sheasamh

Tá babhtaí 17 agus 18 den URC fós le himirt an deireadh seachtaine seo agus an ceann seo chugainn agus faoi láthair tá na ceithre chúige suite i measc na n-ocht bhfoireann a bheas sna babhtaí ceathrú ceannais faoi cheann trí seachtaine. Fiú má theipeann ar Chúige Laighean, foireann nár chaill cluiche amháin fós an séasúr seo, nó ar Chúige Uladh, foireann atá sa tríú háit ar an tábla, níl bealach ar bith nach mbeidh siad ag imirt sna cluichí ceathrú ceannais ag tús mhí na Bealtaine.

Caithfidh Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht, foirne atá sa gcúigiú agus sa séú háit ar thábla an URC an dúshláin, an bhagairt agus an brú a thiocfas ó na foirne atá thaobh thiar díobh a sheachaint. Beidh siad araon ag iarraidh leas a bhaint as an dá chluiche réamhbhabhta le hiad féin a ardú go dtí an t-ochtú áit nó níos airde.

Is iad na hUltaigh is túisce de na Cúigí a chuirfeas chun páirce anocht i mBéal Feirste i gcoinne na nDragons, foireann atá ar thóir a gceathrú bua sa gcomórtas seo. Beidh díomá agus iontas ar Chúige Uladh mura dtabharfaidh siad na cúig phointe atá ar fáil abhaile leo anocht.

Amárach a chuirfidh na trí chúige eile chun páirce. Is ag na Connachtaigh amháin a bheas buntáiste an bhaile agus iadsan ag tabhairt faoin Caerdydd, foireann atá ceithre áit agus cúig phointe taobh thiar d’fhoireann na Gaillimhe. Ach níl ach dhá phointe idir Caerdydd agus na Sharks, foireann atá san ochtú áit rud a thabharfaidh spreagadh iontach dóibh. Caithfidh Cúige Chonnacht a bheith san airdeall le bua baile a chinntiú sula dtéann siad go Glaschú (4ú háit) faoi cheann seachtaine, turas nach mbeidh éasca.

Roimhe sin imreoidh Cúige Laighean i gcoinne na Lions i Johannesburg. Is é Jason Jenkins an t-aon imreoir chéad rogha a thug Leo Cullen leis ar an gcuairt dhá chluiche seo ar an Afraic Theas. Ní gá dó mar go bhfuil siad slán sábháilte ar bharr an tábla. Ainneoin gur imreoirí dara, agus i gcúpla cás, tríú rogha a bheas sé ag cur chun páirce, ní féidir pointe nó dhó ná fiú bua do na hógánaigh seo a chur as an áireamh. Is iad na Lions is laige de na ceithre fhoireann ón Afraic Theas atá ag imirt san URC, iad suite sa deichiú háit ar an tábla faoi láthair. Beidh foireann Átha Cliath ag iarraidh teacht i dtír air sin.

Seans gur ar Chúige Mumhan atá an brú is mó i measc na gcúigí agus iadsan freisin ag dul chun páirce san Afraic Theas. Ní hamháin go bhfuil contúirt ag baint leis an gcúigiú háit ina raibh siad suite agus mé ag scríobh an ailt seo, níl ach seacht bpointe idir iadsan agus na Sharks, dream atá san ochtú háit. Is i gcoinne na Stormers, curaidh an chomórtais faoi láthair, a bheas Cúige Mumhan i gCape Town amárach. Is fiú a mheabhrú gur chaill na Stormers i gCorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo caite. Fágann sin gurb é an URC an t-aon chomórtas atá acusan anois, ach an oiread le Mumha. Caithfidh Cúige Mumhan pointe nó dhó a shlánú sa gcluiche seo más leo a chinntiú nach mbeidh siad ag fágáil na gcluichí ceathrú ceannais. Sea, tá dianbhrú ar fhoireann Graham Rowntree amárach agus beidh i gceann seachtaine freisin.

Fág freagra ar 'Caithfidh Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht an fód a sheasamh'