Cuala v Aireagal Ciaráin – Páirc an Chrócaigh, 3.40in (Beo ar TG4)
Feicfear beirt de na lántosaithe is fearr sa tír tráthnóna agus Con O’Callaghan agus Darragh Canavan ag iarraidh Craobh Shinsir Peile Club na hÉireann a bhuachan dá gcumainn i bPáirc an Chrócaigh.
Tá Cuala ó Bhaile Átha Cliath agus Aireagal Ciaráin ó Thír Eoghain ag imirt ina gcéad chluiche ceannais peile na hÉireann riamh – cé go bhfuil an cluiche ceannais iomána bainte amach faoi dhó ag fir na príomhchathrach – agus daoine ag súil go mór le gaiscí a fheiceáil ó mhic Uí Cheallacháin agus Uí Cheannabháin.
Bhí Darragh agus a dheartháir Ruairí ar fheabhas ar fad d’Aireagal Ciaráin sa mbua a bhí acu ar sheaimpíní na Mumhan, na Crócaigh ó Chill Airne. Am breise a bhí ag teastáil chun na foirne a scaradh óna chéile i gcoimhlint den scoth agus an t-imreoir contae Joe Oguz a d’aimsigh an cúl cinniúnach d’fhir Thír Eoghain sa tréimhse sin. Ba mhó caint a rinneadh faoi chúl Darragh Canavan sa dara leath, áfach, pas álainn curtha ina threo ag Ruairí agus críoch iontach curtha ag Darragh leis an ngluaiseacht.
Ní ar Darragh agus Ruairí amháin a chaithfidh Cuala súil a choinneáil, tá gaiscí déanta ag Oguz agus Peter Óg McCartan d’Aireagal Ciaráin sa bhfeachtas go dtí seo agus cé gur imreoir lán taithí é Peter Harte, léiriú ar a thábhachtaí atá an bheirt eile gur tháinig 1-13 den 2-18 a d’aimsigh Aireagal Ciaráin in aghaidh na gCrócach ó dheartháireacha Uí Cheannabháin.
Clann eile a mbeidh an-tionchar acu ar an gcluiche iad muintir O’Callaghan. Chomh maith le Con, beidh beirt deartháireacha eile, Eoghan agus Niall, ag imirt do Chuala sa gcluiche ceannais. Sa líne lántosaithe a bhíonn Con agus Niall agus ocht bpointe aimsithe acu sa mbua ar Chúil Irra/An Leathros Dé Domhnaigh seo caite, cúig cinn ag Con agus trí cinn ag Niall. Cosantóir é Eoghan a bhféadfaí ga chur de chúram air srian a choinneáil ar Ruairí Canavan.
Tá Michael Fitzsimons, lena naoi mbonn uile-Éireann, ag imirt mar leathchúlaí láir do Chuala ach níorbh aon iontas é dá rachadh sé siar chun iarracht a dhéanamh smacht a choinneáil ar Darragh Canavan. Ba cheart go mbeadh coimhlint mhaith idir Peadar Ó Cofaigh Byrne agus Joe Oguz i lár na páirce chomh maith.
Má éiríonn le Cuala tionchar na Canavans a mhaolú, beidh céim mhór tugtha acu i dtreo Chorn Andy Merrigan a bhuachan, ach, mar atá feicthe ag gach dream a d’imir Aireagal Ciaráin go dtí seo, ní bhíonn sé éasca é sin a dhéanamh.
Fág freagra ar 'Caithfidh Cuala greim a fháil ar na deartháireacha Canavan chun Craobh na hÉireann a bhuachan'