Caithfidh an Rialtas dul i ngleic leis na hargóintí gan bhunús faoi imircigh

Is léir gur beag tionchar a bhíonn ag focail cháinteacha an rialtais faoi cheist na hinimirce agus líon na n-eachtraí loiscthe ag dul i méad

Caithfidh an Rialtas dul i ngleic leis na hargóintí gan bhunús faoi imircigh

Foirgneamh eile, iar-theach tábhairne an Shipwright sa Rinn i mBaile Átha Cliath curtha trí thine ag lucht an chiníochais, agus níl aon rud déanta ag an rialtas ach é a cháineadh agus dul i muinín na bhfocal in ionad an ghnímh.

Ní hé seo an chéad fhoirgneamh a cuireadh trí thine. In 2018 cuireadh óstán an Chaiseal Mara i mBun an Phobail i dTír Chonaill trí thine. In 2019 cuireadh tine leis an óstán Shannon Key West – faoi dhó go deimhin.

Sa mbliain chéanna dódh carr leis an Teachta Dála, Martin Kenny, TD, i ndiaidh dó labhairt amach i gcoinne ionsaithe ar theifigh, agus cuireadh árasáin i mBaile an Átha Mhóir trí thine nuair a ceapadh go raibh siad le cur ar fáil do theifigh.

In 2022, cuireadh an Kill Equestrian Centre trí thine, agus ag tús na bliana seo rinneadh ionsaí tine eile ar Rawlton House i Sráid Sherrard i mBaile Átha Cliath (agus an tuairim bhréagach ann go raibh sé le cur ar fáil do theifigh). I mí na Bealtaine cuireadh pubaill a bhí in úsáid ag teifigh i Sráid Sandwith trí thine, agus i dTír Chonaill rinneadh dhá ionsaí coirloiscthe ar fhoirgnimh i mBun Cranncha.

Agus ina dhiaidh sin bhí ionsaithe i mBaile an Chollaigh, i bhFionnghlas, ar an Holiday Inn Express i Sráid Chathal Brugha, óstán an Great Southern i Ros Láir agus san óstán Ross Lake i Ros Cathail na Gaillimhe.

Agus anois an ceann is deanaí sa Rinn i mBaile Átha Cliath.

Is léir gur beag tionchar atá ag na focail cháinteacha a d’eisigh an rialtas, agus ionsaithe den chineál seo ag dul i méad.

Is léir freisin, ní hamháin nach ndearna an rialtas aon réamhphleanáil don líon teifeach a tháinig go hÉirinn ach ní dhearna siad aon phleanáil faoi cén chaoi a rachfaí i ngleic leis an míthuiscint agus an t-eolas bréagach a scaiptear faoin scéal.

I ngach aon chás táthar ag gearán nár coinníodh an pobal áitiúil ar an eolas faoina raibh i gceist. I gcás Ros Láir, mar a phléigh mé anseo cheana, gealladh cumarsáid leis an bpobal áitiúil ach fós féin níor tharla sin.

Feictear domsa nach bhfuil meas dá laghad ag an rialtas ná ag an gcóras riaracháin ar na pobail áitiúla seo, nach gcreideann siad i ndáiríre gur chóir dóibh dul i gcomhairle leo, nó níos measa, míniú a thabhairt faoin míthuiscint faoin scéal atá ann go forleathan is a mhéadaíonn de réir mar a dhéanann an rialtas neamhaird de mhianta is d’amhras an phobail.

I gcás na Rinne, dódh an teach tábhairne ar an tuiscint go raibh sé le cur ar fáil do theifigh.

Mar a tharla, bhí sé i gceist an foirgneamh a chur ar fáil don phobal dúchasach atá gan dídean. Tá siadsan fós gan dídean mar gheall ar an eachtra seo.

Mhínigh Feidhmeannas Réigiún Bhaile Átha Cliath um Dhaoine gan Dídean nach nós leo eolas a thabhairt nuair is é an gnó céanna a bhíonn i gceist, amhail is nach bhfuil aon difear idir teach tábhairne agus dídean do dhúchasaigh nó d’eachtrannaigh.

Ag an am céanna, ní dhéanann sé mórán difir. Níl sé ceart go ligtear do dhaoine foirgnimh a chur trí thine toisc nach dteastaíonn uathu teifigh a thagann thar sáile a bheith ann.

Tá an ceart, cinnte, ag daoine agóid a dhéanamh i gcoinne polasaí ar bith agus polasaí lonnaithe teifeach san áireamh.

Cinnte is coir atá ann áit a chur trí thine ar mhaithe le brú a chur ar an rialtas polasaí a athrú agus tá difríocht idir agóid le brú polaitiúil a chur ar an rialtas agus gníomh coiriúil le bac a chur ar an rialtas a bpolasaí a chur i bhfeidhm.

Ach caithfidh an rialtas éirí as an gcur i gcéill anois. Caithfidh siad glacadh leis go gcaithfidh siad labhairt leis an bpobal agus glacadh leis go gcaithfidh siad dul i ngleic leis na hargóintí gan bhunús a chuirtear ar aghaidh maidir leis an scéal seo.

Caithfear díriú ar an tseafóid a luaitear – an chaint faoi ghrinnfhiosrú ar na teifigh, nó na bréaga faoi líon na gcoireanna a bhfuil teifigh freagrach astu, nó an baol, mar dhea, atá ann don phobal áitiúil toisc gur Moslamaigh nó eile iad na teifigh.

Agus caithfidh an Garda Síochána glacadh leis mar thosaíocht go gcaithfidh siad stop a chur leis an loscadh, stop a chur leis an imeaglú ciníoch agus labhairt leis an bpobal ar mhaithe le réiteach síochánta a bhaint amach.

An bhfuil an rialtas in ann ag a leithéid?

Fág freagra ar 'Caithfidh an Rialtas dul i ngleic leis na hargóintí gan bhunús faoi imircigh'

  • JZ

    Nach bhionn sé cosúil leis an aimsir na Cogadh na Saoirse agus na tithe mór ag chur trí thine?

  • Niall O Murchadha

    Mar bharr ar shotal cheannairi an rialtais ta raiteas an Taoisigh nar cheart tuairimi na bpobal aitiuil a chur san aireamh agus ionaid a roghnu do na hinimircigh is cuma faoina lion na a mbunus.
    Ta seafoid eile a craobhscaoileadh ag airi rialtais go gcaithfidh muintir na hEireann glacadh le cibe lion inimirceach a thagann isteach ag ‘lorg didine’. Ta teorainn leis an lion dairire gur feidir a ghlacadh beag beann ar a dtionchar ar shaol agus shaiocht na.mbunduchasach. Meastar go bhfuil an tsochai gonta go leor cheana fein agus gur ga na doirse a dhunadh go ceann tamaill.

  • Eoin Ó Murchú

    Níl sé cosúil leis. Bhí cogadh ar siúl, agus rinneadh ionsaithe ar an aicme a ceapadh a bheith ar son na himpire. Is iarracht atá sa gcoirloscadh reatha ná teifigh a fhágáil gan dídean. Níl aon ceart dá leithéid, agus iachall a chur ar an rialtas polasaí a athrú.

  • Aodh na bPiostal

    “I gcás na Rinne, dódh an teach tábhairne ar an tuiscint go raibh sé le cur ar fáil do theifigh.

    Mar a tharla, bhí sé i gceist an foirgneamh a chur ar fáil don phobal dúchasach atá gan dídean.”

    —————————————————————————————————————
    Agus má chreideann tú sin tá tú giota maith níos bómánta nó shíl mé