Tá cáipéisí conspóideacha a dhiúltaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste a tahbhairt do Chonradh na Gaeilge le breis agus dhá bhliain curtha ar fáil acu.
Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil foireann dlí na heagraíochta i mBéal Feirste “ag déanamh scagadh” ar a bhfuil sna cáipéisí faoi láthair.
I mí Feabhra 2022 a rinne Conradh na Gaeilge iarratas faoin reachtaíocht saorála faisnéise maidir leis an chomhairle dlí a fuair Comhairle Cathrach Bhéal Feirste sular cuireadh ar ceal plean go mbeadh comharthaíocht dhátheangach le feiceáil in ionad fóillíochta an Olympia i ndeisceart na cathrach.
I mí Feabhra na bliana seo, sheas binse de chuid na gCúirteanna Breithiúnais Ríoga le hachomharc Chonradh na Gaeilge i gcoinne chinneadh Choimisinéir Faisnéise Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste gan an chomhairle dlí a chur ar fáil.
Baineann an chomhairle dlí sin leis an úsáid a bhain an DUP as an ‘call in’ nó an ‘glaoch isteach’ chun stop a chur le cinneadh go gcuirfí comharthaíocht dhátheangach sa mhórionad foillíochta a dhéanann freastal ar an chathair ar fad.
Is féidir ‘call in’ nó ‘glaoch isteach’ a chur síos nuair a cheapann 15% de na comhairleoirí nár tháinig an Chomhairle ar chinneadh ar an bhealach ceart nó má cheaptar go ndéanfadh an cinneadh dochar do chuid den phobal.
An chomhairle dlí a fuair Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ná go raibh na critéir chuí comhlíonta ag an DUP agus go bhféadfadh comharthaí dátheangacha “dochar díréireach” a dhéanamh do “chuid amháin de mhuintir an cheantair”.
Níor foilsíodh riamh an réasúnú ba bhonn leis an chinneadh sin agus diúltaíodh d’iarratas a rinne Conradh na Gaeilge ar an eolas.
Cuireadh ar ceal cinneadh a rinne coiste de chuid na Comhairle i mí Mheán Fómhair 2021 comharthaíocht dhátheangach a chuir in airde san Olympia.
Creideann Conradh na Gaeilge gur athraigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste a cinneadh comharthaí dátheangacha a chur in airde i sólann an Olympia mar thoradh díreach ar an chomhairle dlí a fuair siad.
Thacaigh PILS [Tacaíocht Dlíthíochta ar mhaithe le Leas an Phobail], a chabhraíonn le heagraíochtaí cásanna a thabhairt chun leasa an phobail, agus CAJ, eagraíocht cearta daonna, leis an chás a thug Conradh na Gaeilge.
Ag an éisteacht an mhí seo caite, ba i nGaeilge a bhí na ráitis tosaigh a rinne Claire Donnelly, Príomhoide Scoil an Droichid, Seán Ó hEacháin, Ceann Roinn na Gaeilge i gColáiste Feirste, Eoghan Ó Gormaile, Oibrí Pobail i nGlór na Móna, agus Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga Chonradh na Gaeilge.
Meastar gurbh é sin an chéad uair ar labhair finnéithe Gaeilge go hoifigiúil sna cúirteanna i mBéal Feirste ó tugadh isteach an tAcht um Riarachán Ceartais (Teanga) i 1737.
Dúirt Conradh na Gaeilge faoin bhreithiúnas gur lá iontach a bhí ann don “trédhearcacht”, don “chomhionannas, don daonlathas agus don Ghaeilge”.
Fág freagra ar 'Cáipéisí conspóideacha faoi chomharthaí Gaeilge curtha ar fáil dhá bhliain ó lorgaíodh iad'