Caint ‘mhaslach’ Paul Williams faoin nGaeilge cáinte ag Sinn Féin

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Peadar Tóibín, go raibh tráchtaireacht an chraoltóra ar líomhaintí gur iarr réiteoir ar bhaill chumann peile Gaeltachta gan Gaeilge a labhairt ‘thar a bheith maslach’

Caint ‘mhaslach’ Paul Williams faoin nGaeilge cáinte ag Sinn Féin

Tá cáineadh déanta ag urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin ar an iriseoir agus craoltóir Paul Williams as an tuin chainte a shamhlaítear le scannáin Bhéarla faoi na Naitsithe a chur air féin agus é ag labhairt faoin “fundamentalism” le ceist na Gaeilge.

I ráiteas a d’eisigh sé ar maidin, dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Peadar Tóibín, go raibh tráchtaireacht an chraoltóra ar líomhaintí gur iarr réiteoir ar bhaill chumann peile Gaeltachta gan Gaeilge a labhairt “thar a bheith maslach”.

Dúirt Tóibín gur údar díomá é gur thug an láithreoir le fios ar Newstalk Breakfast “gur grúpa antoisceach iad lucht labhartha na Gaeilge”.

“Is í an Ghaeilge ar dteanga náisiúnta agus ba chóir go mbeadh níos mó measa aige uirthi, in ainneoin a chuid tuairimí frithphoblachtacha. Níl sé ceart ná cóir go ndearna sé aithris ar chanúint Ghearmánach ar an raidió le cur in iúl don lucht éisteachta chomh haontoisceach is atá Gaeilgeoirí.

“Déanann an cineál dearcaidh seo beag is fiú ar thromlach lucht labhartha na Gaeilge atá paiseanta faoin dteanga.”

Dúirt Tóibín gur cúis imní freisin na líomhaintí gur iarr réiteoir ar bhaill chumann peile Gaeltachta gan Gaeilge a labhairt ag cluiche sa Ghaeltacht ag an deireadh seachtaine, go háirithe agus an scéala sin ag teacht sna sála ar Chás Uí Bhruic in ar éirigh fear óg Gaeltachta as a phost i mbeáir i gCorcaigh toisc go ndúradh leis go raibh cosc ann ar Ghaeilge a labhairt.

“Is léir go bhfuil an-chuid le déanamh chun an Ghaeilge a chosaint ó thaobh reachtaíochta de. Caithfidh an rialtas [Bille leasuithe] Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú gan mhoill.

“I dtaca leis sin, is gá dúinn dul i ngleic leis an dearcadh seanchaite atá acu siúd a chaitheann anuas ar an nGaeilge agus ar Ghaeilgeoirí. Tagann na tuairimí seo salach ar bheocht phobal na Gaeilge agus ar na buntáistí uile a ghabhann lenár dteanga dhúchais a labhairt,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin.

Le linn eagrán an lae inné de Newstalk Breakfast, phléigh Williams an scéal faoi na líomhaintí gur iarr réiteoir ar bhaill chumann peile Gaeltachta gan Gaeilge a labhairt ag cluiche sa Ghaeltacht ag an deireadh seachtaine.

Dúirt Williams go mbeadh láncheart ag réiteoir a leithéid a éileamh ar imreoirí Gaeltachta toisc go “labhraíonn gach duine in Éirinn an Béarla” murab ionann agus an Ghaeilge.

Ba nuair a cháin éisteoir an méid a bhí le rá aige faoin nGaeilge, a thiontaigh Williams ar thuin chainte bhréagGhearmánach a chur air féin.

“He [an réiteoir] said ‘look guys, will you go and speak English’, because as we know everybody on this island speaks English, not everybody speaks Irish. I’m sorry if I came across arrogant about that and an insufferable ignoramus – I’ve been called an awful lot worse. But this is fundamentalism ‘You will learn the Irish and you will do it right, ja?’”.

Dúirt Williams go raibh an ghráin aige féin ar an nGaeilge agus é ar scoil mar gur leis an lámh láidir a mhúintí an teanga.

Ar eagrán an lae inniu de Newstalk Breakfast, phléigh Williams an scéal le hArd-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

Dúirt de Spáinn gur ghoill caint Williams go mór ar dhaoine agus mhaígh sé nach labhródh an t-iriseoir mar sin faoi mhionlach ar bith eile. Dúirt Williams go raibh de Spáinn “róghoilliúnach”.