Gearán déanta faoi réiteoir a mhaítear a d’iarr ar oifigeach gan a bheith ag Gaeilgeoireacht ag cluiche sa Ghaeltacht

Tá CLG Na Piarsaigh, Ros Muc, tar éis gearán a dhéanamh le Bord Chontae na Gaillimhe faoin réiteoir a bhí i bhfeighil ar chluiche craoibhe i Ros an Mhíl Dé Sathairn

Gearán déanta faoi réiteoir a mhaítear a d’iarr ar oifigeach gan a bheith ag Gaeilgeoireacht ag cluiche sa Ghaeltacht

Tá gearán oifigiúil déanta ag cumann Gaeltachta faoi réiteoir a líomhnaítear a d’iarr ar bhall den chumann gan a bheith ag caint Gaeilge le linn cluiche craoibhe a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine.

Tá CLG Na Piarsaigh, Ros Muc, tar éis gearán a dhéanamh le Bord Chontae na Gaillimhe faoin réiteoir a bhí i bhfeighil ar a gcluiche in aghaidh CLG Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach i Ros an Mhíl Dé Sathairn seo caite.

Tuairiscíodh ar Nuacht an Iarthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go maíonn an cumann go ndúirt an réiteoir le duine d’oifigigh an chumainn gan a bheith ag labhairt as Gaeilge le foireann Ros Muc le linn an chluiche.

Dúirt Alan Milton, Stiúrthóir Cumarsáide CLG, le Tuairisc.ie tráthnóna gur údar “díomá” don eagraíocht a bheadh ann dá dtarlódh a leithéid “áit ar bith sa tír” toisc go mbeadh sé ag dul glan in aghaidh “gach rud a sheasann CLG dó”. Dúirt Milton gur bhain ceisteanna mar seo le boird chontae agus ní le Páirc an Chrócaigh.

Dheimhnigh Cathaoirleach chumann Ros Muc, Áine Ní Ghríofa, do Tuairisc.ie go raibh “deacracht” acu leis an réiteoir le linn an chluiche agus gur seoladh litir ghearáin faoin scéal chuig Bord Chontae na Gaillimhe inniu.

Ní raibh Ní Ghríofa sásta aon ráiteas eile a dhéanamh faoin scéal go mbeadh freagra faighte ar an ngearán ó Bhord an Chontae.

Tá sé deimhnithe ag Rúnaí Bhord Chontae na Gaillimhe go bhfuil an gearán faighte agus á fhiosrú acu.

Fág freagra ar 'Gearán déanta faoi réiteoir a mhaítear a d’iarr ar oifigeach gan a bheith ag Gaeilgeoireacht ag cluiche sa Ghaeltacht'

  • Proinsias O'Bairéid

    Má tá an scéal seo fíor is rud uafásach é agus tá súil agam go mbeidh an bhord contae na Gaillimhe dáiríre faoi ag déileáil leis.

  • patrick

    do-chreidte, scannalach, uafasach, ainspianta

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ganntanas réiteoirí le Gaeilg ag an GAA??

    Cad chuige nár rinneadh gearán i bhfad sular thosaigh an cluiche sa chéad áit? Nár cheart réiteoirí le Gaeilg bheith ag déanamh réiteoireacht ar chluichí Gaeltachta??