Laisc ar an mbord. ‘Turcaí’. Bhí an cluiche cártaí buaite. Turcaí na Nollag neadaithe. Bhí daoine ann a thabharfadh cúpla turcaí abhaile leo mar thoradh ar chluichí cártaí i dtréimhse ghearróga beaga na Nollag. Oíche uilig a bhí ann, nó geall leis, sa tréimhse roimh an Nollaig. B’iontach an caitheamh aimsire iad na cártaí. Bhíodh tithe ósta ann a mbíodh cluichí cártaí iontu chuile oíche sa tseachtain, agus bhítí ag imirt i dtithe cónaithe go leor faoin tuath
Cúig fichead a imrítí in iarthar na tír, ach go raibh cluichí ann a raibh comhaireamh go 45 orthu.
Ba mhór i gceist iad na cluichí cártaí freisin isteach faoin tír, ach go raibh dhá athrú suntasach ann: Fuist ba mhó a imrítí sa gceantar lár tíre, agus ba sna hallaí pobail a bhíodh – agus a bhíonn fós – formhór na gcluichí.
Ná fiafraigh díom cén chaoi a n-imrítear fuist, ach is minic a thug mé athair mo mhná céile agus cúpla feilméara sa gcomharsanacht chuig na cluichí. Bhídís i mórán chuile halla i dtuaisceart chontae Laoise – Ros Fhionnghlaise, Cluain na Slí, Camros, nó ó dheas go Seanchua, b’fhéidir. Ach ba mhó suim a bhíodh agamsa sa gcomhrá a bhíodh eatarthu ná a bhí agam sna cártaí – feilméaracht, aimsir agus peil, go minic. Labhraítí ar na Delaneys as an tSráidbhaile.
B’iontach na laochra iad siúd i Laois. Ar ndóigh, thuigidís go mba as Gaillimh mise agus gur chuir an contae sin togha na bpeileadóirí go Páirc an Chrócaigh. Bhí an-mheas ag athair mo mhná ar Mhattie McDonagh. Ach meabhraíodh dom í gcónaí go mba as Laois é Tommy Murphy – an ‘boy wonder’ mar a thugtaí air. Ba as an nGráig é Tommy Murphy, gar don teorainn idir Laois agus Ceatharlach. Bhí sé ar fhoireann sinsir Laoise agus gan é ach 16. Ba chuimhneach le hathair mo chéile é a fheiceáil ag imirt. Roghnaíodh é ar fhoireann náisiúnta na Mílaoise (1900-2000).
Chuala mé le gairid go bhfuil an fuist laghdaithe sa gceantar lár tíre ach go bhfuil roinnt fós á imirt. Téann cliamhain liom chuile sheachtain chuig fuist i Móinteach Mílic, agus bíonn naoi mbord ansin – ceathrar ag chuile bhord.
Tá an cluiche 25 gaibhte chun deiridh san iarthar freisin, ach feicim go bhfuil sé coinnithe ag imeacht i gcúpla teach ósta sa taobh ó thuaidh de Chonamara agus tóir fós air soir Cois Fharraige.
Céard a tharla?
Tá cuimhne ag John Sweeney, atá ina Chathaoirleach ar Chumann Tráchtála Chonamara, ar oícheanta móra na gcártaí sa teach ósta a bhí ag a mhuintir ar an gCladach Dubh, tuairim ocht míle siar ó thuaidh den Chlochán. “Ba chuid den saol é,” arsa an Suibhneach. “Bhíodh imreoirí cártaí as na hoileáin ann [Tairbeart agus Inis Toirc] agus togha na bhfear cártaí. Ach tháinig an t-am go raibh an bord gan deoraí.”
Thart ar an mbliain 2000 a tharla sé, a deir John. Bhí na seanfhondúirí ag fágáil slán leis an saol, duine ar dhuine. Ní raibh duine ar bith ag teacht chun boird ina n-áit. Ní raibh na daoine óga bainteach leis na cártaí. “Thángadar sin aníos leis an teilifís, púl, teileafón póca, na meáin shóisialta – saol de chineál eile uilig. D’athraigh saol na dtithe ósta tuaithe; d’athraigh saol na ndaoine,” a deir John Sweeney.
Ach, ní hé an turcaí na Nollag an t-aon chaillteanas dá bharr. Tá an chomharsanacht thíos leis agus tá an ceangal daonna lagaithe. Tá fadhb an uaignis ar fud na tuaithe, a deirtear.
I gConamara, bunaíodh anuraidh ceangal idir Forbairt Chonamara Láir, comhlacht forbartha pobail, agus Fóram Chonamara – gluaiseacht shóisialta amach ó thuaidh, agus é mar aidhm acu teagmháil dhaonna a neartú aríst. Ach an bhfuil an cluiche caillte de bharr an luí atá ag daoine leis an téacs agus an ríomhaire?
Ní sna ceantair thuaithe in Éirinn amháin atá an t-aonararachas agus an t-uaigneas ina luí ar dhaoine. Tá sé feicthe ag na Sasanaigh freisin. Tádar ag triail leighis. Seo é – tagann mná agus fir isteach chuig ionad éicint agus tosaíonn siad ag cniotáil.
Bhainfeadh na mná ceart as sin ach céard faoi fhir na tuaithe agus a gcuid méaracha ataithe ag an sclábhaíocht? Cén chaoi a mbéarfaidh siadsan ar bhioráin mhóra na cniotála?
Nach mbeidís níos stuama ag bualadh laisc ar bhord, agus ag neadú turcaí na Nollag?
Pádraig
“Cuireata gan garda is ard a chacann sé,” ar sí agus an mámh á lascadh ar an mbord aici.
Tá saibhreas cainte fós ann timpeall ar chluichí cártaí ach é a bhailiú.
Cé a dhéanfaidh é, lucht an fhoclóra nua??
Ciarán
Píosa an-deas ag Máirtín anseo. Beannachtaí na féile air agus ar lucht na gcartaí, cibé áit a bhfuileadar.