Beannacht
Ná creid iadsan adeir
nach fiú is nach féidir
an té atá glic agus láidir
a chloí le croí maith mór.
Cloisfidh tú fós iad ag gáirí
is ag gol os cionn na dtinte
is na gcinnlínte: na leanaí
ag filleadh ar Hamelin.
Foilsíodh an dán seo sa gcnuasach Cé a mharaigh Emma Mhic Mhathúna? agus dánta eile le Louis de Paor a d’fhoilsigh Éabhlóid sa mbliain 2024.
Scríobh an file an dán i mí na Samhna 2016 agus é i mBostún Mheiriceá díreach tar éis Donald Trump a bheith tofa ina uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá den chéad uair
Fág freagra ar '‘Beannacht’ le Louis de Paor'