Gearán déanta ag Coiste Oireachtais na Gaeilge le roinn rialtais maidir le comhfhreagras i mBéarla

Dúirt Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh TD, gur ‘masla’ a bhí ann gur i mBéarla a d’fhreagródh roinn rialtais comhfhreagras i rinneadh léi i nGaeilge

Gearán déanta ag Coiste Oireachtais na Gaeilge le roinn rialtais maidir le comhfhreagras i mBéarla

Tá gearán oifigiúil á dhéanamh ag coiste Oireachtais faoi roinn rialtais a d’fhreagair i mBéarla comhfhreagras i nGaeilge.

Chinn baill Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta an tseachtain seo go ndéanfaí gearán faoin Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a thug freagra i mBéarla ar chomhfhreagras i nGaeilge faoi cén uair a bheadh aistriúchán ar an Phlean Forbartha Náisiúnta nua ar fáil.

Cuirfidh siad an Coimisinéir Teanga ar an eolas faoi “na fadhbanna” a bhí acu chomh maith.

Rinne Cléireach Choiste na Gaeilge teagmháil leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag tús na míosa seo maidir le leagan Gaeilge a fháil de Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 an Rialtais, a foilsíodh ar an 4 Deireadh Fómhair.

Sa fhreagra, i mBéarla amháin,  a tugadh ar an gcomhfhreagras sin ar an 5 Deireadh Fómhair, dúirt Rúnaí Príobháideach Ard-Rúnaí na Roinne go raibh súil ann go mbeadh an plean ar fáil go hiomlán i nGaeilge “go luath”. Bhí leagan Gaeilge d’achoimre an phlean sna cáipéisí a cuireadh chuig Cléireach Choiste na Gaeilge.

Cuireadh freagra, i nGaeilge amháin, ar ais chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an lá céanna ag lorg soiléiriú faoi cibé an raibh leagan Gaeilge den Phlean Forbartha Náisiúnta ina iomlán ar fáil nó le cur ar fáil.

Thóg sé trí lá ar an Roinn freagra a thabhairt ar an gceist sin agus, arís, is i mBéarla amháin a tugadh an freagra.

“It typically takes a number of weeks for translators to complete such documents,” a dúradh.

“We’ll be sure to send the full translation over as soon as we have it.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go raibh gearán oifigiúil déanta ag an gcoiste le hArd-Rúnaí na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

“Masla atá i gceist arís. Tarlaíonn sé rómhinic. Tá an chuma ar an scéal nach dtuigeann siad gur masla atá ann nó go bhfuil dualgas orthu nó b’fhéidir go dtuigeann agus gur cuma sa sioc leo. Léiríonn sé an dúshlán ollmhór atá romhainn má táimid chun meon an státchórais i leith na Gaeilge a athrú,” arsa Ó Snodaigh.

“Más aineolas é, ní haon leithscéal an t-aineolas. Tá dualgas soiléir ann. Ní fhéadfadh nach dtuigeann siad é sin, go háirithe i gcomhthéacs an t-ábhar a bhí á phlé againn – gan aon leagan Gaeilge de phlean náisiúnta a bheith ar fáil. Ní raibh sa chomhfhreagras seo ach dhá abairt agus ní fhéadfaidís an méid sin féin a aistriú.”

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá dualgas ar an Stát a chinntiú gur i nGaeilge a fhreagraítear comhfhreagras a sheoltar i nGaeilge chuig comhlachtaí poiblí. Is dualgas é chomh maith go bhfoilseofaí aon cháipéis ina leagtar amach tograí beartais phoiblí go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla.

Fág freagra ar 'Gearán déanta ag Coiste Oireachtais na Gaeilge le roinn rialtais maidir le comhfhreagras i mBéarla'

  • Gabriel Rosenstock

    Beidh Éire fós ag Kate O’Dwyer.

  • Éamonn Ó Gribín

    Ab uno disce omnes!