Tá cáineadh déanta ar an nós go mbíonn ar iriseoirí fanacht go dtí deireadh preasócáidí rialtais chun ceist i nGaeilge a chur.
Cháin Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí agus Conradh na Gaeilge an nós i ndiaidh don Aire Oideachais Norma Foley a rá le déanaí gur shíl sí go raibh sé “cothrom go leor” go mbíonn ar iriseoirí Gaeilge fanacht go dtí an deireadh lena gceisteanna a chur.
Bhí an tAire ag caint le déanaí ag preasócáid in Institiúid Scannánaíochta na hÉireann, áit ar fhógair sí an dá ábhar nua a bheidh ar fáil don Ardteist an bhliain seo chugainn.
Mar is iondúil ag preasócáidí rialtais ligeadh d’iriseoirí ceisteanna a chur i mBéarla ar dtús sular glacadh le ceisteanna i nGaeilge ag an deireadh.
Cuireadh ceist ar an Aire Oideachais faoin gcleachtas sin agus an amhlaidh go raibh drochmheas ar iriseoirí a oibríonn trí Gaeilge i gceist.
“Táimse á dhéanamh le freastal ar gach duine atá i láthair. Tá sraith ceisteanna i mBéarla. Tá sraith ceisteanna i nGaeilge,” arsa an tAire Oideachais.
“Amanna bíonn sé níos éasca freastal orthu i spásanna difriúla, ach sílim gur fhreastalaíomar ar pé teanga a roghnaigh duine
“Mar rialtas táimid ag déanamh gach rud gur féidir linn, ní hamháin chun í [an Ghaeilge] a mholadh agus a chosaint, ach le go mbeadh sí faoi bhláth. Mar sin, sílim go bhfuil sé cothrom go leor.”
Bíonn nósanna éagsúla ag preasócáidí i dtíortha a mbíonn ceisteanna á gcur i níos mó ná teanga amháin. San Eilvéis, mar shampla, caitear freastal ar cheithre theanga oifigiúla.
Rinne Tuairisc teagmháil le Syndicom, ceardchumann lucht na meán san Eilvéis, le tuiscint a fháil faoi na nósanna imeachta teanga ag preasócáidí ansin.
Mhínigh oifigeach de chuid Syndicom nach scartar óna chéile ceisteanna sna teangacha difriúla. Bíonn an ceart céanna ag iriseoirí léim isteach am ar bith le ceist a chur, is cuma cén teanga a bhíonn in úsáid acu, a dúradh.
Tá cáineadh déanta ag an NUJ ar an nós an cheist Ghaeilge a fhágáil go dtí deireadh na preasócáide anseo.
“Níor cheart go nglacfaí le ceisteanna i nGaeilge ag an deireadh i gcónaí nó go mbreathnófaí ar na ceisteanna seo mar rud go bhfuil míchaoithiúlacht ag baint leo.
’”‘Tá an bhá agus meas céanna tuillte ag iriseoirí a oibríonn trí Gaeilge is atá ag a gcomhghleacaithe a oibríonn i mBéarla. Má chinntear nach bhfuil sé oiriúnach nó nach féidir ceisteanna i nGaeilge agus i mBéarla a scaradh óna céile, d’fhéadfaí uainíocht a dhéanamh ar ord na gceisteanna.”
Cháin Conradh na Gaeilge cleachtas na Roinne Oideachais agus ranna eile freisin.
“Tá sé ríthábhachtach go bhfuil an Ghaeilge fite fuaite i ngach gné den cheistiú, chun a stádas mar an chéad teanga oifigiúil a léiriú,” a dúradh i ráiteas ó Chonradh na Gaeilge.
“Tá an chothroime agus an tosaíocht chéanna tuillte ag iriseoirí agus ag an bpobal a bhíonn ag plé leis an nGaeilge agus na hiriseoirí a bhíonn ag déanamh cumarsáide i mBéarla.
“Ba cheart aird chomhionann a thabhairt ar gach ceist, bíodh sé i nGaeilge nó i mBéarla, chun a chinntiú go gcaitear leis an nGaeilge leis an meas atá tuillte aici agus go ndéantar freastal freisin ar phobal na Gaeilge dá réir.”
Billy an Ghoirt
An cóir dúinn suí ag cúl an bhuis duit freisin Norma?
Seosamh Ó Beirgin
An bhfuil an cumas ag an Aire (agus Airí eile) ceisteanna a fhreagairt ar an toirt, ceann i ndiaidh cinn, in achan cheann den dhá theanga oifigiúla in ar chuirtear iad?