Cáineadh déanta ag Seanadóir ar ‘dhrochscéalta gan staonadh’ Morning Ireland agus ‘Crying Game’ Joe Duffy

Urlabhraí cumarsáide Pháirtí an Lucht Oibre míshásta le RTÉ as gan aird a thabhairt ar an bhfeabhas atá tagtha ar chúrsaí eacnamaíochta agus ‘neamhaird’ a dhéanamh d’fhógra oideachais

13/12/2010 Labour introduces four new candidates. New Labour candidate John Whelan running in Laois/Offaly, was one of four new candidates unveiled today. Photo. Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr. Mark Stedman/RollingNews.ie

Tá cáineadh géar déanta ag urlabhraí cumarsáide Pháirtí an Lucht Oibre ar RTÉ as gan aird a thabhairt ar an bhfeabhas atá tagtha ar chúrsaí eacnamaíochta.

I ráiteas a d’eisigh sé tráthnóna, dúirt an Seanadóir John Whelan gur ghlac sé leis nach raibh rian an téarnaimh eacnamaíochta le feiscint fós ar fud na tíre, ach gur léir dó nach raibh fiú ‘gaoth an fhocail’ faighte ag an gcraoltóir náisiúnta faoin ‘dea-scéal’ eacnamaíochta.

Dúirt urlabhraí cumarsáide Pháirtí an Lucht

Oibre go bhfuil an chuma ar an scéal go dtuigtear do RTÉ gur chuid dá ndualgas mar chraoltóir poiblí é “to churn out a dirge of negativity and a diet of despair morning noon and night”.

Dúirt Whelan, a thug blianta fada mar iriseoir é féin, gur ‘drochscéalta gan stad gan staonadh’ a bhíonn ag RTÉ.

“It starts the minute we get up with Morning Ireland’s non-stop negativity; continues through the afternoon with the chief conductor of the Crying Game, Joe Duffy and is relentless across all the station’s news bulletins.

“There is no reprieve at the weekend either as Marian Finucane’s moaning across the country and the airwaves takes up where the others have left off.”

Dúirt Whelan gurb é an sampla ab ‘iontaí’ aige den ‘diúltachas’ seo ná ‘an neamhaird’ a dhein RTÉ an tseachtain seo caite ar fhógra an Aire Oideachais maidir leis an obair thógála agus athchóirithe atá beartaithe ag an Roinn Oideachais do scoileanna na tíre.

Mhaígh Whelan nach raibh oiread agus focal ar 6:1 News RTÉ faoin bhfógra.

“It’s as if it never happened or that this significant announcement with an impact in every county in the country didn’t measure up as news in Montrose.

“No doubt the closure of a single school would, however, make their news bulletin headlines,” a dúirt an Seanadóir John  Whelan.