‘Cad é mar is féidir fuath a bheith ag duine ar bith do theanga?’ Cinneadh ‘aineolach’ Líofa cáinte ag Adams

Dúirt ceannaire Shin Féin inniu Gerry Adams gur “chinneadh aineolach ag duine aineolach” é deireadh a chur leis an maoiniú do scéim Ghaeltachta Líofa

‘Cad é mar is féidir fuath a bheith ag duine ar bith do theanga?’ Cinneadh ‘aineolach’ Líofa cáinte ag Adams

Ag labhairt dó ag tionól de chuid Shinn Féin Cúige Uladh tráthnóna, dúirt Gerry Adams gur “chinneadh aineolach ag duine aineolach” é deireadh a chur leis an maoiniú do scéim Ghaeltachta Líofa.

Rinne ceannaire Shinn Féin cáineadh láidir ar an DUP agus a ndearcadh i leith na Gaeilge agus ar an Aire Pobal Paul Givan.

“Tá an-dímheas ag an DUP ar an Ghaeilge agus ar phobal na Gaeilge. Cad é mar is féidir fuath a bheith ag duine ar bith do theanga? Bhí an cinneadh a ghlac an DUP oíche Nollaig chun an t-airgead a ghearradh de Líofa iontach maslach ar fad. Cinneadh aineolach ag duine aineolach,” a dúirt Adams.

Dúirt sé  go raibh beag is fiú á dhéanamh d’aon ghnó ag an DUP den Ghaeilge, agus, ag iompú ar an mBéarla dó, dúirt sé:

“It was an ignorant decision taken by an ignoramus. Of course we will forgive him for this. After he restores the funding and treats our teanga with the respect it deserves.”

Ba i ríomhphost a seoladh ó oifig Líofa oíche Nollaig a chuir an Roinn Pobal cinneadh an Aire Paul Givan in iúl do lucht na gcoláistí Gaeltachta a chuir na ranganna ar fáil faoi scéim Líófa go raibh deireadh curtha leis an maoiniú.

“Mar gheall ar choigilteas éifeachtúlachta ní bheidh an Roinn ag soláthar Scéim Sparánachtaí Líofa i 2017. Nollaig mhaith agus bliain úr faoi mhaise daoibh,” a dúradh sa ríomhphost.

Tuairiscíodh an tseachtain seo go bhfuil bean as Contae Aontroma le dúshlán cúirte a thabhairt in aghaidh an chinnidh an maoiniú £50,000 a tharraingt siar.

Dúirt ceannaire an SDLP, Colum Eastwood, gur “mór an náire” é gur cuireadh airgead breise ar fáil do bhannaí ceoil go gairid i ndiaidh don Roinn Pobal an maoiniú a bhaint den scéim ‘Líofa’.

Dúirt Comhalta eile de chuid an Tionóil Reachtúil, Gerry Carroll ó People Before Profit, gur cluiche “seicteach” atá ar bun ag an DUP chun aird a tharraingt ó chonspóid na scéime teasa inathnuaite, RHI, agus gur “gníomh soiniciúil” a bhí ann maoiniú Líofa a chur ar ceal.

“Léiríonn sé chomh suarach is atá an DUP i ndiaidh na heachtra RHI. Is sparánachtaí iad seo a chuidíonn le páistí atá faoi mhíbhuntáiste, as achan phobal agus achan chúlra, dul chun na Gaeltachta le snas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Dúirt Niall Comer ó Chonradh na Gaeilge gur “ionsaí soiniciúil” ar an nGaeilge a bhí sa chinneadh agus go raibh “leithcheal soiléir” i gceist.

Labhair ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams, chomh maith tráthnóna faoin tsáinn pholaitiúil ina bhfuil Stormont faoi láthair i bhfianaise chonspóid NHI.

“If the First Minister does not take the actions that society desires and deserves and which a sustainable process of change requires, then Sinn Féin will bring this ongoing and totally unacceptable state of affairs to an end.”

Fág freagra ar '‘Cad é mar is féidir fuath a bheith ag duine ar bith do theanga?’ Cinneadh ‘aineolach’ Líofa cáinte ag Adams'

  • file

    “Cad é mar is féidir fuath a bheith ag duine ar bith do theanga?”

    Ar an drochuair, is iomaí sin Gaeilgeoir ar m’aitheantas a bhfuil fuath aige do theanga, mar atá, an Béarla. Agus ní fearrda an Ghaeilge an fuath sin.