An Chatalóinis agus an neamhspleáchas

‘Reifreann’ na Catalóine - Cé gurb é atá á iarraidh ag an-chuid Catalónach, ní bheidh neamhspleáchas á fhógairt anocht lasmuigh den Palau de la Generalitat in Barcelona. Ach bainfear gach leas as an toradh chun a thuilleadh brú a chur ar rialtas na Spáinne agus beidh ceist na Catalóinise fite fuaite leis an bhfeachtas sin.

Ebullició_independentista

Tá muintir na Catalóine ag caitheamh vóta inniu i ‘reifreann’ neamhspleáchais ar dhein Maidrid tréaniarracht stop a chur leis.

D’agair rialtas Mariano Rajoy agus go leor de na meáin chumarsáide náisiúnta Spáinneacha feachtas fíochmhar i gcoinne an reifrinn a raibh achasáin ní ba bhinbí fós ann ná mar a chualathas ó bhunaíocht Londan aimsir an reifrinn Albanaigh le déanaí.

D’fhógair Cúirt Bhunreachtúil na Spáinne go raibh an reifreann Catalónach míbhunreachtúil agus mídhleathach agus mar sin, go hoifigiúil níl ach ‘próiseas rannpháirtíochta poiblí’ ar bun ag rialtas na Catalóine inniu agus ní bheidh aon stádas dleathach ag an toradh.

Tá gach seans ann go mbeidh móramh suntasach ar son an neamhspleáchais ón Spáinn: mháirseáil suas le 2 mhilliún Catalónach ar a shon ar shráideanna Barcelona dhá mhí ó shin agus tá feachtas bríomhar agus cliste ar bun sna meáin shóisialta le bliain anuas.

Faoina 2.00 a chlog inniu, bhí an phríomheagraíocht neamhpháirtí ar son an neamhspleáchais, Assemblea Nacional Catalana, ag tuairisciú go raibh a vóta caite ag 1.1 milliún duine (as daonra níos mó ná 7 milliún).

Úsáidfear an toradh chun brú morálta agus polaitiúil a chur ar rialtas Rajoy cead vótála a thabhairt don Chatalóin i reifreann oifigiúil amach anseo.

Is fada lucht labhartha na Gaeilge ag cur suime i gcinniúint na Catalóinise.

Chítear d’éinne a chaitheann seal sa Chatalóin, go háirithe lasmuigh de Barcelona, go bhfuil seasamh agus stádas ag an gCatalóinis ar dheacair a leithéid a shamhlú go deo leis an nGaeilge. Níl neamhspleáchas na Catalóine ar lic an dorais fós, ach cad a chiallódh a leithéid do dhán na Catalóinise dá mbainfí amach é?

Ní hionann an náisiúnachas agus cosaint thréan ar theanga mhionlaithe aon chríche, cé go gceanglaítear an dá ghné le chéile go minic.

Tá go leor leaganacha den náisiúnachas ann agus ní gá go dtabharfaí aitheantas follasach d’aon teanga ar leith. D’fhéadfadh cosaint áirithe a bheith i gceist, mar a tharla in Éirinn i gcás na Gaeilge tar éis 1922.

Níos minice ná a mhalairt, scáthán is ea leibhéal na cosanta ar stádas na teanga i measc an phobail trí chéile. Ba bheag duine a bhfuil Gaeilge na hAlban aige a bhí ag súil le hathrú míorúilteach chun feabhais i bpolasaithe an SNP dá scarfadh Albain ón gcuid eile den aontas.

Cé go bhfuil an náisiúnachas polaitiúil an-láidir in Albain, is ar éigean atá ról ar bith ar cúrsaí teanga ann. Más go faonlag fann ar an imeall atá do theanga sula gcaitear na vótaí (ag glacadh leis go dtabharfar an deis sin duit ar an gcéad dul síos), ná bí ag súil go mbeidh tú i lár an aonaigh nuair a bheidh pas snasta á dhearadh ag do rialtas nua ceannasach.

D’fhéadfadh gluaiseacht láidir náisiúnachais a bheith tugtha do chosaint na teanga ach gan seans dá laghad ag an gcríoch sin neamhspleáchas a bhaint amach sa ghearrthéarma (an Bhreatain Bheag, mar shampla). Léiríonn sampla na Breataine Bige gur féidir le córas féinrialtais bearta fónta ar son na teanga mionlaithe a dhéanamh laistigh de stát níos mó.

Is é an dála céanna ag na Catalónaigh é.

Ó thús na 1980í nuair a fuair an Chatalóin féinrialtas dá cuid féin laistigh de stát na Spáinne, tugadh stádas oifigiúil (i dteannta na Spáinnise) don Chatalóinis, deineadh teanga an teagaisc di ag gach leibhéal den chóras oideachais agus cuireadh seirbhísí an rialtais áitiúil ar fáil inti.

Normalizació lingüística a baisteadh ar an mbeartas sin agus thug an Generalitat, rialtas na Catalóine, faoi le fonn agus le fuadar: an Chatalóinis a dhéanamh ‘normálta’ i ngach aon réimse den saol, idir phoiblí agus phríobháideach.

Mheall rath eacnamaíoch na Catalóine, go háirithe mórcheantar Barcelona, an-chuid daoine ó cheantair eile den Spáinn agus ó Mheiriceá Laidineach ar thóir oibre. B’éigean do na hinimircigh sin an Chatalóinis a fhoghlaim sa chóras oideachais nó, ag brath ar an áit ina rabhadar ag maireachtaint, sa chomharsanacht féin ó chainteoirí eile. Is ann d’an-chuid cainteoirí Catalóinise nár tógadh leis an teanga sin, go háirithe i measc na hóige.

Dar le suirbhé cuimsitheach ar úsáid na Catalóinise i 2003, dúirt 77 faoin gcéad den daonra gur úsáideadar an Chatalóinis mar ‘ghnáth-theanga’ ach cainteoirí dúchais Spáinnise ab ea 42 faoin gcéad díobh sin. Lasmuigh den Chatalóin nó lasmuigh den Spáinn ar fad a tógadh go leor de na daoine sin agus beidh a dtuairim siúd cinniúnach inniu: an nglacann go leor acu anois gur cheart go mbeadh an Chatalóin neamhspleách nó an í an fhéiniúlacht Spáinneach is tábhachtaí dóibh i gcónaí in ainneoin gurb í an Chatalóinis is minice a labhraíonn siad?

Táimse ag obair i bpáirt le taighdeoirí ag an Universitat Oberta de Catalunya (UOC) a bhfuil staidéar á dhéanamh acu ar na ‘nuachainteoirí’ sin. Ar cheann de na ceisteanna atá á fiosrú ag muintir UOC tá idé-eolaíochtaí agus féiniúlachtaí nuachainteoirí na Catalóinise: cé hiad, cér díobh iad agus cén nasc a shamhlaíonn siad idir úsáid teanga agus féiniúlacht náisiúnta?

Bhí ról lárnach ag an gCatalóinis i bhfeachtas an reifrinn féin, dar ndóigh, scáthán ar an mbonn láidir atá fúithi mar theanga phobail. Go deimhin, chuir na hionsaithe a dhein an Partido Popular ar an gCatalóinis, go háirithe sa chóras oideachais, leis an imní phoiblí gur mian le náisiúnachas lárnach na Spáinne – españolismo mar a thugtar air – comhartha sóirt na ngluaiseachtaí náisiúnacha eile i stát na Spáinne a chloí agus an éagsúlacht theangeolaíoch agus chultúrtha a chur ar ceal.

Comhstádas ar chríocha na Catalóine atá ag an gCatalóinis agus ag an Spáinnis faoi láthair ach ar cheann de na chéad dualgais a thitfeadh ar Generalitat neamhspleách bheadh cinneadh faoi theanga nó faoi theangacha oifigiúla stát na Catalóine.

I bhfianaise na n-ionsaithe a dhein Maidrid ar an teanga go stairiúil – agus ar cuireadh dlús leo le bliain anuas – an mairfeadh comhstádas oifigiúil na Spáinnise sa stát nua?

Is fiú a mheabhrú gur chinn na stáit nua Bhaltacha fiche bliain ó shin gan stádas oifigiúil a bhronnadh ar an Rúisis agus tús a chur le scrúduithe saoránachta sna teangacha áitiúla. Tharraing an cinneadh sin go leor conspóide go háirithe nuair a bhí ballraíocht á lorg ag an Eastóin, an Liotuáin agus an Laitvia san Aontas Eorpach agus bhí ar na rialtais sin a léiriú conas a chosnófaí na mionlaigh Rúisise ina measc.

Pé cinneadh a dhéanfadh rialtas nua Catalónach mar gheall ar stádas na Spáinnise, bheifí ag súil go gcuirfidís bonn níos láidre fós faoin gCatalóinis mar theanga phoiblí, go háirithe i réimsí ar nós na meán cumarsáide (tá feachtas láidir ar siúl le míonna anuas chun a thuilleadh scannán a fháil i gCatalóinis, nó a mbeadh fotheidil Chatalóinise leo).

Mar sin, cé gurb é atá á iarraidh ag an-chuid Catalónach, ní bheidh neamhspleáchas á fhógairt anocht lasmuigh den Palau de la Generalitat in Barcelona.

Os a choinne sin, bainfear gach leas as an toradh chun a thuilleadh brú a chur ar rialtas na Spáinne agus leanfar den fheachtas ar son an neamhspleáchais. Beidh ceist na Catalóinise fite fuaite leis an bhfeachtas sin.

– Ceann gníomhach Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea an Dr. John Walsh. Tá sé páirteach i dtionscadal taighde Eorpach faoi ‘nuachainteoirí’ mionteangacha i gcomhar le buíon taighdeoirí ag an Universitat Oberta de Catalunya in Barcelona. Tá eolas faoin tionscadal ag fáil ar Twitter @nuachainteoir nó ag www.nspk.org.uk

Fág freagra ar 'An Chatalóinis agus an neamhspleáchas'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Cad is fiú Gaeilge nach féidir a thuiscinr ach go dtuigeann tú Béarla. Is fuath liom ‘ag caitheamh vóta’ mar mhalairt ar ‘casting a vote’.

    • Ciarán Ó B

      Ní dóigh liom gur chuala mé riamh aon rud eile seachas ‘ag caitheamh vóta’. Céard a mholfása?