Cá bhfuil na leabhair CLG go léir? Seo cúpla ceann…

Is cosúil nach bhfuil na foilsitheoirí ag déanamh go leor brabúis as beathaisnéisí CLG ach tá Pádraic Maher imithe sa seans

Cá bhfuil na leabhair CLG go léir? Seo cúpla ceann…

Bhí blianta fada ann nuair nach raibh ach corrleabhar faoin Chumann Lúthchleas Gael againn don Nollaig. Ansin bhí cúpla bliain ann nuair a bhí rogha shuimiúil go leor de leabhair nua a bhain leis an gCumann. Ach le tamall de bhlianta, níl an méid sin leabhar CLG ag teacht ar an margadh don Nollaig.

Is cosúil nach bhfuil na foilsitheoirí ag déanamh go leor brabúis astu agus níl na scríbhneoirí ag fáil a ndóthain ach an oiread chun tabhairt faoin obair.

Ach tá iar-réalt Thiobraid Árann, Pádraic Maher, i ndiaidh dul sa seans agus a bheathaisnéis a chur os ár gcomhair le cabhair Michael Moynihan (ón Irish Examiner). Bhí seoladh oifigiúil aige in Óstán an Anner i nDurlas Éile mí ó shin agus slua maith ann chun a meas a thaispeáint don laoch áitiúil.

Chualathas gur thug iarlaoch Cill Chainnigh Tommy Walsh an svae leis agus é ag insint scéalta a bhain le roinnt des na cluichí iontacha a bhí ann idir Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh nuair a bhí an bheirt acu ag imirt. Sa leabhar All on the Line, déanann Maher cur síos ar a shaol spóirt agus é ag críochnú le trí bhonn Uile-Éireann mar aon le sé ghradam All Stars.

Dar ndóigh bhí sé ina réalt agus tionchar an-mhór aige ar stíl imeartha na dTiobraid Árannach ar feadh deich mbliana. Nuair a bhí Maher i mbarr a réime, ní raibh mórán eile a bhí níos fearr ná é i measc na gcúlaithe, pé áit a raibh sé ag imirt.

Bhí ar gach dream bainistíochta teacht ar phlean chun tionchar Maher ar an imirt a laghdú. Nuair a bhí mé ag obair le hiománaithe Luimnigh in 2012 agus 2013, chasamar le Tiobraid Árann an dá bhliain sin i gcluiche leathcheannais na Mumhan. Bhí Maher ag imirt ag uimhir a seacht sa dá chluiche. Bhí an plean sórt céanna againn an dá bhliain, David Breen, a bhí ard, ábalta agus ciotach go leor, a chur air agus nuair a bhí seilbh ar an sliotar againn, gan é a chur síos an taobh sin den pháirc.

Cinnte, ba laoch é Maher agus déanann an leabhar cur síos maith ar a shaol spórt agus ar an ngortú a chuir deireadh leis.

Leabhar eile ar thugas aird air sa siopa leabhar seachtain ó shin ná A History of The GAA in 100 Objects, atá scríofa ag Siobhán Doyle, Carmannach agus staraí cultúrtha atá ag obair in Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Is cuimhin liom a bheith ag léamh an leabhair thar a bheith suimiúil The Hurlers, a scríobh Paul Rouse tamall de bhlianta ó shin, agus an t-iontas a bhí orm léamh faoi scéal CLG roimh 1884 agus cuid maith den stair a bhain leis an iomáint sna chéad bhlianta. Chuir sé iontas orm mar ní raibh mórán eolais agam faoi fhormhór dár tharla sna blianta luatha sin.

Tá an leabhar seo le Doyle sórt mar an gcéanna. Tá cuid de stair CLG á hinsint againn trí 100 ‘rud’. Tá na caibidlí gearr, soiléir, gonta agus an-éagsúlacht ag baint leis na ‘rudaí’.

Tá cur síos sa leabhar faoi chuid mhór ábhar, ón litir a scríobh Michael Cusack go Michael Davin roimh an gcéad chruinniú stairiúil úd in Óstán Hayes i nDurlas Éile in 1884 go scéal faoin eochair órga a úsáideadh chun Páirc Mhic Easmainn a oscailt i 1953, go cur síos ar chamáin os na tríochaidí agus an clúdach dúnphoill a péinteáladh ag Duga na Canálach Móire in onóir do na cúig chraobh i ndiaidh a chéile a bhuaigh Áth Cliath in 2019.

Cinnte is leabhar fíorshuimiúil é A History of The GAA in 100 Objects don té go bhfuil suim aige nó aici i gcúrsaí CLG.

Tá leabhar amuigh freisin ag an iriseoir spórt Damian Lawlor. After the Storm atá air agus é ag cur síos ar scéal CLG le linn Covid agus cumhacht na ndaoine a rinne éacht le linn aimsir na paindéime sa tír.

Dar ndóigh tá an t-uafás leabhar ar an margadh don Nollaig ar gach aon sórt ábhar. Níl aon leithscéal más leabhair atá uaibh chun cúpla oíche chiúin á chaitheamh ag léamh i rith shéasúr na Nollaig.

Fág freagra ar 'Cá bhfuil na leabhair CLG go léir? Seo cúpla ceann…'