Cá bhfuil an té a mbeadh sméaróid chéille aige a chaithfeadh amach clár Fhéile Currachaí an Spidéil 1979?

Tá gach a bhfuil d’áiléir sa teach lán agus faoi seo iad ag déanamh a mbealach isteach sna seomraí comhluadair – mar a dhéanann na fiailí sa ngairdín

Cá bhfuil an té a mbeadh sméaróid chéille aige a chaithfeadh amach clár Fhéile Currachaí an Spidéil 1979?

Ní taobh le uair nó dhó atá colscaradh bagartha orm de bharr a bheith ag carnadh mangarae a bhaineann le cúrsaí spórt – cláracha cluichí, giotaí as nuachtáin, grianghrafanna, seanirisí, féilirí ar 19.. na huimhreacha is túisce orthu.

Tá gach a bhfuil d’áiléir sa teach lán leo agus faoi seo iad ag déanamh a mbealach isteach sna seomraí comhluadair – díreach mar a dhéanann na fiailí sa ngairdín.

Anois agus arís leagann an bhainistreás bosca acu anuas chugam. Ní osclaíonn an bhean chóir a béal – níl aon ghá di leis. Bíonn an teachtaireacht thar a bheith soiléir gan tada a rá. ‘Iad seo nó thusa!’

Mar is dual di freisin bail ó Dhia uirthi tá ord agus eagar curtha aici ar na cinn is tábhachtaí acu le himeacht ama. A bhoiscín beag néata féin ag chuile bhliain agus na figiúirí greanta go deas soiléir ar an taobh amuigh.

Faoin tráth seo níor mhiste dá mbeadh sí den tuairim go raibh formhór na hoibre déanta, ach tar éis di cuairt eile a thabhairt ar na fraitheacha an lá faoi dheireadh siúd anuas í agus bosca nár osclaíodh agus nár facthas le hos cionn deich mbliana fichead faoina hascaill aici.

Tá mé ag púitseáil tríothu ó shin. Dá mba taobh amuigh de mo dhoras duit, is í an abairt ba mhinice a bheadh cloiste agat ó shin ná go bhfuil ‘an saol imithe ar chosa in airde’.

Is minic a leithéid á rá ag mo leithéidse seanriadaire agus muid ag dul in aois.

Le tús na 1980idí agus fiú deireadh na 70idí a bhain an bosca raice a tháinig isteach ar an taoide is deireanaí seo. Ba le Cluichí Oilimpeacha Los Angeles 1984 a bhain an leabhrán ba thúisce ar leag mé mo shúil air – an chéad cheann riamh ag a raibh mé i láthair.

Bonn airgid John Treacy is mó a bhíonn luaite sa tír seo leis na Cluichí céanna, ach nó go dtáinig mé air i leabhairín na n-iomaitheoirí Éireannacha bhí dearmad déanta agam go raibh Jessica Harrington ar fhoireann ‘Chomórtas Trí Lá’ na gcapall, mar a bhí sí freisin ag Craobhacha na hEorpa agus an Domhain.

Bhí cúig bliana eile caite sular lorg Jessica ceadúnas traenála agus in imeacht cúpla bliain bhí Cliathrás na Gaillimhe buaite ag Oh So Grumpy agus an Grand Annual i Cheltenham ag Space Trucker. Tá an Corn Óir ansiúd agus Grand National na hÉireann le lua ar an liosta fada rásaí móra atá buaite ó shin aici.

Leabhrán ildaite a bhí téagartha go leor ab ea ceann na gCluichí Oilimpeacha. Dhá leathanach A4 dubh agus bán a chuir i gcuimhne dom an chéad uair a bhfaca mé ceann de na hiománaithe ab fhearr a bhí riamh ann i mbun a cheirde – Joe Cooney ar fhoireann Faoi 16 na Gaillimhe a d’imir in aghaidh an Chláir ar an 28 Feabhra 1982.

Cúig bliana ina dhiaidh, ba é Joe Iománaí Texaco na Bliana agus péire de na cúig ghradam All Star a bhí i ndán dó buaite aige as a bheith ag cur scéin i línte cosanta na tíre.

Geansaí an chúl báire a bhí ar Joe sa gcluiche sraithe Faoi 16 úd in aghaidh an Chláir agus Pat Malone agus Anthony Cunningham amuigh faoin bpáirc.

Thug leabhrán eile siar go Galfchúrsa Bhaile Conaola mé lá breá i ndeireadh an fhómhair 1980 nuair a imríodh comórtas gailf an Irish Matchplay Championship ar dhumhcha na hAille Brice. Bhí plúr ghalfairí gairmiúla na hÉireann ann – Liam Higgins, Hugh Jackson, Noman Drew, Eamonn Darcy, Jimmy Heggarty, an bheirt Christy O’Connor, Ernie Jones, Joe Craddock, John McGuirk, Jimmy Martin agus Des Smyth a bhuaigh ar David Jones sa mbabhta ceannais as a bhfuair sé £1,350.

Ba é sin an deireadh seachtaine ar fhiafraigh mé den sean-Chonchubharach an raibh aon fhocal fanta ina phluic den Ghaeilge a d’fhoghlaim sé óna thuismitheoirí – cainteoirí dúchais – i gCnoc na Cathrach os cionn leathchéad bliain roimhe.

‘Ba bheag a bhí le fáil as Gaeilge a labhairt nuair a bhí sí agamsa. Faraor géar tá sí ligthe i ndearmad agam,’ a d’fhreagair sé.

Ar ndóigh ní mór do chartlannaí oilte ar nós mo leithéidse mionscrúdú a dhéanamh ar cháipéisí tábhachtacha a thagann ina bhealach mar a tháinig an bosca deiridh chugam. Níl mo shamhail le fáil ach Sherlock Holmes agus a ghloine formhéadúcháin.

Sin an fáth go bhfuil an bosca leathlán i gcónaí agus nach bhfuil an bhainistreás sásta ná baol air leis an méid atá á chur i leataobh don bhailiúchán seachtainiúil bruscair.

Ach as ucht Dé ort.

Cá bhfuil an té a mbeadh sméaróid chéille aige nó aici a chaithfeadh amach clár Fhéile Currachaí an Spidéil 1979? Nó go deimhin liosta na bhfoirne i gCluiche Leathcheannais Peile an Bhóthair Iarainn 1974; ainmneacha na ngadhar a bhí sa Respond Irish Greyhound Derby i 1990; buaiteoirí Scór na Gaillimhe 1982 (núchleas – Cathair Loistreáin, ós rud é gur chuir tú a thuairisc).

Cén fáth go ndéanfadh duine tuisceanach ar bith ábhar tine d’fhoirne Choláistí Iarfhlatha Naofa agus Choláiste Muire a bhí i gCluiche Ceannais Peile Chonnacht 1990; nó do chlár oifigiúil Chluichí Ceannais Peile na hÉireann 1981?

Cúig leathanach A4 atá ansiúd dála an scéil agus gan ann ach aon fhógra amháin – leath leathanaigh ag Quinnco Stores and Midland Supermarket ar an bPríomhshráid i Longfort, ós rud é gur fhiafraigh tú an cheist sin freisin!

Agus ceann atá thar a bheith tráthúil an deireadh seachtaine seo. Irisleabhar Chomóradh Chumann Lúthchleas Gael na nDúnaibh a foilsíodh i 1984, a chuir mo sheanmhéit Aodh Mac Laifeartaigh in eagar.

Dia ár sábháil. Dá gcloisfeadh Hughie gur chuir mé ‘ar thine’ é sin, bhí mo chnaipe déanta.

Fág freagra ar 'Cá bhfuil an té a mbeadh sméaróid chéille aige a chaithfeadh amach clár Fhéile Currachaí an Spidéil 1979?'

  • Lillis Ó Laoire

    Píosa álainn scríbhneoireachta a Mhártain. Lag ag gáire á léamh! Coinnigh leis.

  • Maire Nic Phroinnseas

    Cuireann tu i gcuimhne orm , an cead ur a d’ith me oistear sa Droighnean Donn a bhi ag Mairtin O Choinneala an heath sin at an oscailt oifiguil! An chraic!