Bunachar sloinnte cruthaithe ag dúchas.ie

D’fhoilsigh dúchas.ie innéacs nua sloinnte ar a suíomh tráthnóna - 2,810 sloinne Éireannach atá ann

Screen Shot 2014-12-01 at 17.54.10
Suíómh idirlín dúchas.ie mar a bhfuil innéacs nua sloinnte

Tá teacht ar innéacs nua sloinnte ar an suíomh oidhreachta dúchas.ie. D’fhás an bunachar as obair Choimisiún Béaloideasa Éireann.

Chruthaigh cláraitheoir an Choimisiúin, Seán Ó Súilleabháin, cártaí innéacs den ábhar agus de na faisnéiseoirí a thug é.

D’fhás an bailiúchán sloinnte go suntasach agus ar deireadh, socraíodh córas ceart a chur i bhfeidhm.

Ba leaganacha áitiúla nach dtagann leis an gcaighdeán an chuid is mó acu agus, mar sin, roghnaíodh leagan amháin le bheith ina ‘leagan molta’ agus cruthaíodh cartaí innéacs.

Faoi stiúir Dúchas, rinneadh na ceannchártaí a thras-scríobh agus a chur ar an mbunachar nua.

Tá 2,810 sloinne Éireannach (Gaeilge agus Béarla) ar an liosta agus cuirfear leis an líon sin as seo amach.

Deir foireann dúchas.ie nach liosta cuimsitheach é an t-innéacs agus nach bhfuil sé údarásach ó thaobh litrithe de, ach táthar ag súil go mbeidh sé ina uirlis úsáideach taighde.

 

 

Fág freagra ar 'Bunachar sloinnte cruthaithe ag dúchas.ie'