‘Buiséad crua é, ach rinne mé mo dhícheall don Ghaeltacht’ – cosaint déanta ar mhaoiniú na Gaeilge

Deir Aire na Gaeltachta Catherine Martin go bhfuil €22 milliún breise tugtha don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó ceapadh í in 2020, ach tá cáineadh géar déanta ag Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge ar an soláthar don teanga i mBuiséad 2024

‘Buiséad crua é, ach rinne mé mo dhícheall don Ghaeltacht’ – cosaint déanta ar mhaoiniú na Gaeilge

Deir Aire na Gaeltachta gur “buiséad crua” a bhí i mBuiséad 2024 ach shéan sí go láidir nach raibh dóthain maoinithe á chur ar fáil ag an Rialtas chun dul i ngleic leis an titim atá tagtha ar líon an gcainteoirí laethúla Gaeilge le blianta beaga anuas.

Agus í ag labhairt ag preasócáid de chuid na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi Bhuiséad 2024, dúirt an tAire Catherine Martin go raibh ardú breis is €20 milliún tagtha ar bhuiséad a roinne ó ceapadh í in 2020.

“Ó tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm agus ó ceapadh mé mar Aire, tá an Buiséad [don Ghaeilge agus don Ghaeltacht] imithe suas ó €78 milliún go dtí €100 milliún agus tá 60% de bhuiséad na bliana seo chugainn ag dul i dtreo na Gaeltachta.”

Thagair an tAire Martin freisin don airgead breise a cuireadh ar fáil do TG4 i mBuiséad 2024. Dúirt sí go raibh €20 milliún breise sa bhliain á fháil ag TG4 ón Rialtas ó ceapadh í ina hAire.

Fiafraíodh den Aire Martin freisin ar ghlac sí leis go raibh “géarchéim” ann sa Ghaeltacht ach níor fhreagair sí an chuid sin den cheist.

Dúirt an tAire go raibh sí go hiomlán tiomanta don Ghaeltacht agus go ndearna sí a raibh ar a cumas chun airgead breise a fháil don Ghaeltacht sa Bhuiséad.

“Thagróinn don lán-tiomantas atá agam don Ghaeltacht agus do na figiúirí ó tháinig mé in oifig. Buiséad crua a bhí anseo agus rinne mé mo dhícheall don Ghaeltacht.”

Tá cáineadh géar déanta ag Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge ar an soláthar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2024.

Tá an Rialtas chun €4.2 milliún breise, ardú 4%, a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht an bhliain seo chugainn. Tá ardú €4.8 milliún le teacht freisin ar bhuiséad TG4.

Dúirt Conradh na Gaeilge go raibh “deis caillte” ag an Rialtas “fís uaillmhianach phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chomhlíonadh” agus gan ach “méadú beag” tugtha don teanga.

Dúirt an Conradh gurb ionann caiteachas an Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht agus 0.17% den státchiste, an céatadán céanna le anuraidh. Ba é an méadú is lú le ceithre bliana anuas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, a dúradh.

Agus briseadh síos ar chuid den mhaoiniú breise á thabhairt ag Roinn na Gaeltachta, dúradh go raibh €1.1 milliún den €4 milliún breise á chur ar fáil do bhuiséad riaracháin Údarás na Gaeltachta ach go mbeidh buiséad caipitil na heagraíochta á choimeád mar atá don bhliain seo chugainn.

Cuirfear €500,000 den €4 milliún breise ar fáil do scéim de chuid na Roinne a chuireann sparánachtaí ar fáil do dhaoine óga ó theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste chun freastal ar choláistí samhraidh Gaeltachta.

Caithfear €500,000 eile ar “feidhmiú iomlán rathúil” na reachtaíochta teanga agus luaitear chomh maith infheistíocht bhreise i seirbhísí óige sna Limistéir Ghaeltachta agus maoiniú breise do na healaíona ‘teanga-bhunaithe’.

Thart ar €500,000 atá á lua le scéim nua atá beartaithe chun feabhas a chur le scileanna Gaeilge múinteoirí agus oideachasóirí in earnáil oideachais na luath-óige.

Ardú 4% ón €95.9 milliún a bhí le caitheamh i mbliana go dtí €100.1 milliún, a d’fhógair an Rialtas do Roinn na Gaeltachta in 2024.

Cé go mbeidh ardú i gceist le buiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta don bhliain seo chugainn, dúirt polaiteoirí an fhreasúra gur “buiséad frith-Ghaeltachta” a bhí ann agus “easpa uaillmhéine” curtha i leith an Rialtais ag Conradh na Gaeilge.

Agus Buiséad 2024 á cáineadh aige sa Dáil, thagair urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, don titim a bhí tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge don dara daonáireamh as a chéile. Dúirt sé gur trua nach raibh an Rialtas in ann fiú €5 milliún breise a aimsiú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Fág freagra ar '‘Buiséad crua é, ach rinne mé mo dhícheall don Ghaeltacht’ – cosaint déanta ar mhaoiniú na Gaeilge'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Cuireann an tAontas Eorpach os cionn 1% dá bhuiséad lárnach – ar fiú 2.24 billiún euro é – ar leataobh le haghaidh tograí ealaíne agus cultúrtha. Cén sciar den tsuim sin a fhaigheann an tír seo mar bhallstát den AE? Agus i ndáiríre cé mhéad den sciar sin a chaitheann Rialtas na hÉireann ar an nGaeilge agus ar na nGaeltacht? Cuid Pháidín den mheacan más tada. Léiriú soiléir é sin an Buiséad seo.

  • Siobh

    Ní dóigh liom gur féidir an Ghaeilge a shábháil agus cúpla milliún eile a chaitheamh ar an mbarr.. faraor géar. Ní thiocfaidh an toil chun leanúint ar aghaidh leis an bhfoghlaim agus an teanga a labhairt níos minicí ó chúpla deontas breise nach féidir ach le duine nó beirt lasmuigh de na heagraíochtaí seo rochtain a fháil orthu.