Buíochas le Dia go bhfuil an tUachtarán sásta labhairt amach

Is léir gur chuir ráitis an Uachtaráin maidir leis an chostas maireachtála agus neodracht an stáit isteach ar dhaoine áirithe ach bhí sé tábhachtach gur labhair sé amach

Buíochas le Dia go bhfuil an tUachtarán sásta labhairt amach

Tá conspóid bheag ann, is cosúil, faoi ráitis ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn i leith an chostais maireachtála agus an ról neodrach a d’fhéadfadh an stát seo a imirt ar an stáitse idirnáisiúnta.

Tá gearáin sna meáin ó dhaoine a deir nach cóir don Uachtarán labhairt faoi cheisteanna polaitiúla, is gur chóir dó iad a fhágáil ag an rialtas.

Níor dúradh a leithéid nuair a bhíodh Máire Mhic Ghiolla Íosa ag moladh an Aontais Eorpaigh go hard na spéire . Cinnte bhí Mac Giolla Íosa ar aon tuairim le rialtas na linne faoin scéal sin (agus, mo léan, le móramh mhuintir na hÉireann). Ach nach bhfuil an prionsabal céanna i gceist?

Ceapaim go raibh sé tábhachtach gur labhair an tUachtarán amach. Ní raibh sé ag leagan síos sonraí polasaí, ach ag caint i dtéarmaí ginearálta faoi rudaí ar cóir plé a dhéanamh orthu.

Ar dtús, ar ndóigh, nuair a bhí an rialtas agus gach páirtí eile nach mór ag béiceadh i bhfabhar smachtbhannaí in aghaidh na Rúise – cé gur léir anois go ndéanann na smachtbhannaí céanna níos mó dochair dúinne ná don Rúis – mhol an tUachtarán leas a bhaint as ár stádas neodrach le ról a imirt i bhfabhar na síochána, trí idirbheartaíocht agus iarracht a dhéanamh cearta gach taobh a chur san áireamh.

Is in olcas a rachaidh drochthionchar na smachtbhannaí, go háirithe toisc go bhfuil an Rúis anois ag rá go gcaithfidh an Eoraip íoc as an ngás Rúiseach i rúbail, in ionad an dollar nó an euro a bhíodh in úsáid roimhe seo.

Dála an scéil, sampla den easpa buntuisceana atá ar na meáin faoi seo ná go ndúirt Tony Connelly ar RTÉ go bhfuil an Rúis ag iarraidh go n-íocfaí táillí i rúbail (in ionad dollar nó euro) toisc go dteastaíonn uathu a stoc dollar is euro a mhéadú!

Ní fhaca mise riamh aon ráiteas níb amaidí ná sin, mar dá mbeadh siad ag iarraidh cur leis an líon dollar atá acu ní bheadh le déanamh acu ach leanúint le híocaíochtaí a fháil i ndollair.)

Drochthionchar eile ar na smachtbhannaí ar ndóigh go mbeidh costas breosla is bia ag dul in airde go mór. Arís, nach raibh sé ceart ag an Uachtarán é sin a lua agus riachtanais an ghnáthdhuine a chur i gcroí na díospóireachta?

Sular tháinig na harduithe deireanacha seo, bhí sé ag éirí níos deacra ar dhaoine ar íseal-ioncaim íoc as an gcostas maireachtála. Tá an scéal sin ag éirí níos measa anois. Fiú daoine a bhfuil postanna acu, tá an-chuid díobh nach féidir leo greim a choinneáil faoin bhfiacail.

Nach bhfuil sé in am go dtuigfeadh an rialtas gurbh é an príomhdhualgas atá orthu ná cosaint a thabhairt do shaoránaigh an stáit seo in aghaidh buillí den chineál sin?

Ach cén chaoi a n-íocfaidh muid as a leithéid (mar a bhéiceann lucht an rachmais i gcónaí)?

Bhuel, níl ach bealach amháin againn le n-íoc as, agus sin le chéile. Cruthaíonn muid saibhreas trí bheith ag obair le chéile, agus is ceart an saibhreas sin atá cruthaithe a úsáid in éineacht lena chéile. Má tá orainn glacadh le níos lú, bíodh sé sin comhionann do chách.

Sin é an difear idir saoránach agus géillsineach.

Ach is tábhachtaí leis an rialtas a ndílseacht don Mhargadh is don Aontas Eorpach a léiriú: agus níos tábhachtaí acu moladh Mheiriceá a fháil ná leas a bhaint as neodracht na tíre ar mhaithe le síocháin a lorg.

Ní caint theibí a bhí ag an Uachtarán, ná ní scéal teibí é ach an oiread.

Gan dabht, beidh cúrsaí eacnamaíochta ag dul in olcas, agus tá sé riachtanach agus práinneach go réiteodh an rialtas bearta cosanta dúinn go léir.

Ni leor fanacht go dtí go dtugann an tAontas Eorpach cead dúinn cáin bhreisluacha a laghdú ar bhreosla, mar shampla. Más cabhair don phobal a leithéid ba chóir dúinn é a dhéanamh beag beann ar an Aontas.

Go deimhin, má mhaíonn daoine gur fiú féincheannas i gcás na hÚcráine, cén fáth nach gá dúinne féincheannas a bheith ag Éirinn?

Cé acu is fearr dúinn, mar sin? Bheith inár saoránaigh i stát atá in ann leas a mhuintire a chur chun tosaigh, nó géillsinigh in ollstát ina gcaithfidh muid cead a lorg dá leithéid?

Ní nach ionadh nár thaitin sé leis an rialtas gur labhair an tUachtarán amach faoi na nithe seo, ach ceapaim gur chóir dúinn a bheith buíoch dó mar sin féin.

Fág freagra ar 'Buíochas le Dia go bhfuil an tUachtarán sásta labhairt amach'

  • Concubhar

    An féidir bheith neodrach faoi bharbarthacht na Rúise nuair atá sléacht á dhéanamh ag fórsaí na Rúise ar ghnath chos mhuintir na hÚcráine? Ní féidir.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is léir go bhfuil sé ag dul rite ort, Eoin, a admháil go raibh tú mícheart ón tús maidir le feachtas PUTIN sa Ucráin, mar a bhí tú faoi Brexit chomh maith.

    Sa gcolún deireann tú gur léir do ndéanann na smachtbhannaí ‘NÍOS MÓ DOCHAIR dúinne ná don Rúis’! Cé dúirt sin leat, Eoin? Ambasadóir na Rúise? An gcreideann tú gach bollscaireacht a thagann ón Ambasáid? Tá an cuma ar do chuid teachtaireachtaí Facebook agus ar an gcolún seo, Eoin, nár cheart don tír seo aon cháineadh a dhéanamh ar Phutin ná aon smachtbhannaí a fheidhmiú a chuirfeadh isteach ar an Rúis, in ainneoin na fianaise go léir atá ar fáil faoin uafás atá ag tarlú sa Ucráin de bharr ionradh na Rúise ar an dtír.

    Ar ndoigh glactar leis go ndéanfaidh na smachtbhannaí ar an RÚIS dochar do eacnamaíocht na tíre seo, ach is mó dochar a dhéanfaí don domhan sa bhfadtéarma dá leanfaí an leagan amach atá agatsa EOIN?

    Tá moráltacht i gceist. Ar cheart fanacht inár dtost nuair atá ceannaire brúidiúil mar PUTIN ag déanamh scrios ar tír eile, ar chúiseanna nach bhfuil bonn ná barr leo. Tá brúidiúlacht Arm na Rúise ag cur samhnais ar an domhan saor, an chuid den domhan atá in ann na tuairiscí a fheiceáil ar an scáileán teilifíse. Chuirfeadh an scéal samhnas chomh maith ar muintir na Rúise, dá mbeadh cead ag na meáin é a thuairisciú. An gcuireann sé samhnas ortsa, Eoin, mar dhuine nó an amhlaidh go bhfuil do dhílseacht do réimeas PUTIN chomh fanaiticiúil sin gur féidir le Arm na Rúise a rogha rud a dhéanamh. An bhfuil tú dall ar na rudaí uafásacha atá tarlaithe nó an amhlaidh gur cuma leat? Tá an cuma ar do cholúin ó thosaigh an cogadh seo nach mbeadh tusa sásta PUTIN ná a chur chuige sa Ucráin a cháineadh, cuma céard a dhéanfaidís. B’fhearr leat a bheith ag síor ionsaí an seasamh atá á thógáil ag tíortha an Iarthair in aghaidh PUTIN. Faraíor nár thóg siad seasamh i 2014 nuair a ghlac an Rúis seilbh ar an gCrimea, rud eile a chosain tú.

    Ar fhoghlaim tú aon cheo ón Dara Chogadh Domhanda? Murach chomhghuaillíocht de thíortha a bhí sásta seasamh a thógáil in aghaidh HITLER, cá bhfios nach mbeadh an Eoraip ar fad faoi réim Faicisteach brúidiúil.

    CÁ SEASANN TÚ AR AN gCOGADH UAFÁSACH SEO, EOIN?

  • Pádraig O'hEipicín

    Maith Thú, Micheál D O’hUigínn.

  • Seán Cinnsealach

    Aontaím le gach focail thuas ag Donncha. An íocann ambasáid na Rúise an bolscaireacht a scríobhann Eoin san alt seo agus na hailt eile? Níor léigh mé aon cháineadh ar na coireanna cogaidh Rúiseach déanta san Úcráin.

  • An Teanga Bheo

    Cead cainte is vótáil ag saoránach ar bith ? meastú

  • Antóin

    Má fhéachtar ar an tír seo mar thír nach bhfuil neodrach, agus gach seans go dtarlóidh sé sin i ndiaidh an chogaidh seo a bhuíochas dár bpolaiteoirí meata, ní bheidh muid iontaofa mar eadránaí a thuilleadh ar an stáitse idirnáisiúnta.