Bronnadh naoi ngradam ar fad ag ócáid bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais in Ionad an INEC i gCill Airne anocht.
I measc na ndaoine ar bronnadh gradam orthu, bhí an t-iriseoir Duibhneach Seán Mac an tSíthigh ó Nuacht RTÉ/TG4 a bhuaigh ‘Iriseoir na Bliana’, Caitlín Nic Aoidh as Tír Chonaill, a thug léi an gradam do ‘Pearsa Teilifíse na Bliana’ agus Helen Ní Shé, láithreoir An Saol Ó Dheas ar éirigh léi sa rannóg ‘Pearsa Raidió na Bliana’.
Ba í an tsraith faisnéise Camino an tSáile, cuntas ar an iomramh a dhein meitheal fear ó Chorca Dhuibhne is iad ag iarraidh lorg na n-oilithreach a leanúint go Santiago de Compostela, a bhuaigh ‘Sraith Teilifíse na Bliana’.
Thug Song of Granite, an fadscannán faisnéise faoin amhránaí Joe Éinniú as Carna i gConamara leis an gradam do ‘Scannán/Clár Teilifíse na Bliana’.
Sraith de chuid BBC Raidió Uladh, Seo an Saol, a bhíonn á cur i láthair ag Treasa Bhreathnach agus Proinsias Ó Coinn, a tháinig sa chéad áit sa rannóg ‘Sraith Raidió na Bliana’.
Den chéad uair, bronnadh gradam i mbliana do ‘Feachtas Meán Sóisialta na Bliana’ agus ba é feachtas Chiara Ní É #Nílsécgl, a bhuaigh an duais sin.
Ba ar Damien Ó Dónaill, craoltóir aitheanta le Raidió na Gaeltachta, a bronnadh Gradam Réalta Óg na Bliana, gradam ar vótáil an pobal dó.
Bronnadh Buaicghradam Cumarsáide na bliana ar iarleas-cheannaire TG4 Pádhraic Ó Ciardha.
Is painéal moltóirí a roghnaigh na buaiteoirí i ngach ceann de na rannóga seachas ‘Réalta Óg na Bliana’.
Seo thíos liosta iomlán na mbuaiteoirí do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2018.
Buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2018 |
|
---|---|
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA | |
Camino an tSáile | Anú Pictures |
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA | |
Seo an Saol | BBC Raidió Uladh |
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA | |
Caitlín Nic Aoidh | Láithreoir, TG4 |
FEACHTAS MEÁN SÓISALTA NA BLIANA | |
#Nílsécgl | Ciara Ní É |
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA | |
Helen Ní Shé | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
SCANNÁN NA BLIANA | |
Song of Granite | Marcie Films, Amerique Film Production le Harvest Films, South Wind Blows, Roads Entertainment |
IRISEOIR NA BLIANA | |
Seán Mac an tSíthigh | RTÉ & TG4 |
RÉALTA ÓG NA BLIANA | |
Damien Ó Dónaill | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
BUAIC-GHRADAM CUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS | |
Pádraic Ó Ciardha |
Fág freagra ar 'Buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2018 fógartha ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne'