Buaicghradam Cumarsáide bronnta ar Thomás Mac Con Iomaire

Thosaigh fear Chasla ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i 1974, dhá bhliain tar éis bhunú an stáisiúin

TomRua15-0011

Fógraíodh inniu gur ar Thomás Mac an Iomaire a bhronnfar Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais 2015. Bronnfar an gradam sin air ag searmanas bliantúil na nGradam Chumarsáide, a bheidh ar siúl Dé hAoine, 22 Bealtaine 2015, in Óstán an Radisson Blu i nGaillimh. Déantar ceiliúradh ar an gcuid is fearr den éacht oibre a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain ag an ócáid sin.

Fear Gaeltachta é Tomás Mac Con Iomaire, as Casla i gConamara ó dhúchas. Tá os cionn tríocha bliain de thaithí aige san iriseoireacht agus sa chraoltóireacht. Thosaigh sé ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i 1974, dhá bhliain tar éis bhunú an stáisiúin, agus d’fheidhmigh sé i rólanna éagsúla laistigh den stáisiún in imeacht na mblianta – mar Chlár-Reachtaire, Eagarthóir Stiúrtha Nuachta, Eagarthóir Stiúrtha Cláracha agus mar Leas-Cheannaire, go dtí an bhliain 2000, nuair a ceapadh ina Cheannaire é.

“Is cúis mhór áthais dúinn Buaicghradam na bliana seo a bhronnadh ar Thomás,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. “Bhí ról lárnach aige, i bhforbairt Raidió na Gaeltachta thar na mblianta agus bhí sé nuálach sa chur chuige a bhí aige i gcónaí- fear eisceachtúil is ea é,” a deir sé.

Tháinig athruithe móra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le linn do Thómas Mac Con Iomaire bheith ag obair ann.  Bhí sé ina bhall den bhuíon a bhunaigh an córas nuachta áitiúil don stáisiún i dtús na haimsire agus rinne réimse leathan cláracha nuachta agus faisnéise don stáisiún. Le linn dó a bheith ina bhall d’fhoireann bhainistíochta an stáisiún, tháinig méadú suntasach ar uaireanta craoltóireachta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Chuir sé roimhe cur le líon na n-éisteoirí óga a bhí ag an stáisiún agus é ina cheannaire ann. I measc na n-athruithe a chur sé i bhfeidhm, bhí ceann amháin a tharraing an-chuid conspóide – craoladh liricí i dteangacha eile, chomh maith leis an nGaeilge ar an stáisiún. D’éirigh leis an gcur chuige nua, áfach, agus is ó neart go neart atá cláracha ceoil oíche an stáisiúin ag gabháil ó shin.

Nuair a d’éirigh sé as ceannaireacht RTÉ Raidió na Gaeltachta sa bhliain 2006, lean sé ar aghaidh le tionscnaimh nua sa chraoltóireacht raidió agus teilifíse. Bhunaigh sé comhlacht neamhspleách a dhéanann cláracha Gaeilge raidió agus tá sraitheanna déanta aige ar stair na hÉireann agus ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Bhí sé rannpháirteach i gclár teilifíse, Turas Húicéara, clár faoi ábhair eile atá an-ghar dá chroí – an fharraige agus an bhádóireacht; agus cultúr agus traidisiúin na bpobal Gaelach. Is é a mhac, Donncha, a rinne an clár seo a craoladh ar TG4 i 2013.

Fógrófar na buaiteoirí eile ar fad ar an oíche agus is féidir breathnú ar an searmanas bronnta beo ar www.tg4.tv ó 8.15 pm – 9.30 pm.

Fág freagra ar 'Buaicghradam Cumarsáide bronnta ar Thomás Mac Con Iomaire'

  • Tuigim

    Iontach.
    Comhghairdeas leis.