Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Shéamus Mac Géidigh

Seo an chéad uair ag an Oireachtas gradam iarbháis a bhronnadh agus is í Dolores Mhic Géidigh, bean chéile Shéamuis, a ghlacfaidh leis an ngradam ag an searmanas bronnta san INEC i gCill Airne Dé Céadaoin seo chugainn

Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Shéamus Mac Géidigh

Is ar an gcraoltóir, iriseoir agus tráchtaire spóirt Séamus Mac Géidigh a bhronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais an tseachtain seo chugainn i gCill Airne.

Bhásaigh Séamus Mac Géidigh go tobann an samhradh seo caite in aois a 54 bliain. Ba as an Ailt, An Ardaí Bheag, Gort an Choirce i nDún na nGall dó agus bhí ardmheas air ar fud an chontae sin, ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre mar fhear uasal, mar chraoltóir cumasach díograiseach ildánach agus mar shárthráchtaire spóirt.

“Ní raibh sárú ar Shéamus Mac Géidigh mar chraoltóir ná mar iriseoir. Bhí sé cumasach i mbun a cheirde, eiticiúil ina chur chuige agus cineálta, macánta, fearúil mar dhuine.

“Ní fhéadfaí labhairt ar Shéamus ar ndóigh gan a phaisean don spórt agus do chluichí Chumann Lúthchleas Gael a lua, paisean nár tháinig trasna riamh ar a ghairmiúlacht ina chuid tráchtaireachta. Ba onóir a bheith ag obair leis ar Oireachtais éagsúla thar na blianta,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge.

Bronnadh an gradam ‘Craoltóir Raidió na Bliana’ ar Shéamus Mac Géidigh ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais sa bhliain 2004 as a chuid oibre leis an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tugadh ardú céime dó an bhliain chéanna nuair a ceapadh  ina bhainisteoir réigiúin don tuaisceart é, post a bhí aige nuair a bhásaigh sé go tobann ar an 4 Iúil 2016.

Is é seo an chéad uair ag an Oireachtas gradam iarbháis a bhronnadh agus is í Dolores Mhic Géidigh, bean chéile Shéamuis, a ghlacfaidh leis an ngradam ag an searmanas bronnta san INEC i gCill Airne Dé Céadaoin seo chugainn.

Tugann Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais aitheantas do shaothar saoil duine in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge.  I measc na ndaoine ar bronnadh an gradam seo orthu san am atá caite tá Micheál Ó Muircheartaigh, Pat Butler, Proinsias Mac Aonghusa, Liam Mac Con Iomaire agus Gearóid Ó Cairealláin.

Bhronn an tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn Gradam Ghlór na nGael ar theaghlach Shéamuis Mhic Géidigh, níos luaithe i mbliana, in ómós an fhir agus in ómós na hoibre a rinne sé ar choiste na heagraíochta i nGort an Choirce.

Tugadh aitheantas freisin dó nuair a bronnadh Gradam Hall of Fame IMRO air in oifig Údarás Craolacháin na hÉireann i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite.

Anuas air sin, bheartaigh Cumann Lúthchleas Gael gradam speisialta a ainmniú as an gcraoltóir anuraidh — Gradam Shéamuis Mhic Géidigh — gradam a bhronntar ar an bpeileadóir is fearr i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall.

Fág freagra ar 'Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Shéamus Mac Géidigh'