Buafaidh na Gaeil ar na Francaigh, fiú más ar éigean é

Má chailleann foireann na hÉireann agus iad ag imirt san Aviva amárach i gcoinne na bhFrancach beidh a rás rite. Spreagadh mór is ea méid sin ann féin…

Buafaidh na Gaeil ar na Francaigh, fiú más ar éigean é

INPHO/Dan Sheridan

Ó tharla gur chlis orainn i gcoinne na hAlban i mBabhta 1 de chomórtas na Sé Náisiún, agus fiú má bhí bua thar a bheith bog againn ar na hIodálaigh coicís ó shin, braitheann seasamh na hÉireann sa gcraobh ar thoradh an chluiche idir muid féin agus na Francaigh an Satharn seo.

Má chailleann na Gaeil agus iad ag imirt san Aviva i gcoinne na bhFrancach beidh a rás rite agus seans maith go mbeadh sé dodhéanta na Sasanaigh a stopadh.

Cinnte bhí athrú iomlán ar chur chuige na hÉireann sa Róimh ón taispeántas a thug siad uathu i mBabhta a 1, ach le bheith réalaíoch caithfidh muid a admháil nach raibh na hIodálaigh thar mholadh beirte. Go deimhin, tá go leor daoine ag ceistiú ar cheart iad a bheith sa gcomórtas seo ar chor ar bith, ach sin ábhar cainte do lá éicint eile.

Ainneoin bhua cuimsitheach na Róimhe, ní cluiche dá leithéid a bheadh ó Joe Schmidt roimh thabhairt faoi na Francaigh. Mar bharr ar an mí-ádh, tá an líon imreoirí atá ar liosta na n-imreoirí gortaithe ag méadú agus Josh Van der Flier ina measc anois.  Tá Johnny Sexton ar an liosta céanna ó thús an chomórtais, ach tá sé ar fáil don chluiche seo.  Is chun leas na hÉireann é a bheith ar fáil gan amhras agus fágann sé go bhfuil seans aige i gcónaí taisteal go dtí an Nua-Shéalainn leis na Leoin. Ach an oiread leis na hIodálaigh, ábhar cainte d’ócáid eile é sin.

Idir an dá linn, tá na Gaeil agus an Francaigh sa mbád céanna. Tá cluiche amháin buaite agus ceann amháin caillte ag an dá dhream go dtí seo sa gcomórtas, cé go gcinntíonn an dá phointe bónais a shlánaigh na Gaeil go bhfuil siad pointe amháin chun cinn ar fhreasúra na seachtaine seo.

Tá sé deacair na Francaigh a mheas.  Tá siad mór agus an-láidir, fiú i measc na gcúlaithe agus is cinnte go bhfuil siad feabhsaithe ón gcéad chluiche sin i gcoinne na Sasanach, ceann a raibh mí-ádh orthu é a chailliúint. Tá an cháil ar an Francaigh nach bhfeileann imirt thar sáile dóibh agus is fiú a mheabhrú nach ró-iontach a chruthaigh siad i gcoinne na hÉireann le cúpla séasúr anuas. Fágann sin go bhfuil mé ag tuar bua, ach ar éigean, do na Gaeil. Tuigeann siad go rímhaith an drochbhail a bheidh ar chúrsaí má chailleann siad.

Roimh chluiche na hÉireann amárach, Dé Sathairn, beidh Alba ag imirt i gcoinne na mBreatnach i gCaerdydd. Ní bheidh tada idir an dá fhoireann seo. Tá cluiche amháin buaite agus cluiche caillte ag chaon fhoireann, agus is cinnte go mbeidh sár-iomaíocht ann. Tabharfaidh na Breatnaigh an lá leo, dar liom, ach ar aon chúis amháin – tá buntáiste an bhaile acu.

Maidir leis an tríú cluiche idir Sasana agus an Iodáil i Londain, ní gá a rá ach go bhfuil mise agus an domhan mór ag tuar bua ollmhór do na Sasanaigh. Ní fiú aon am a chur amú ag scríobh ná ag léamh faoin gcluiche seo. Ná ag breathnú air, fiú!

Fág freagra ar 'Buafaidh na Gaeil ar na Francaigh, fiú más ar éigean é'