Bua ag teastáil go géar ó Stephen Kenny ach is beag dóchas atá ann

Tar éis dóibh cailliúint in aghaidh na Fraince Déardaoin, ní éireoidh rudaí mórán níos éasca d’fhoireann na hÉireann agus na hÍsiltírigh ag teacht go Baile Átha Cliath lán de mhuinín

Bua ag teastáil go géar ó Stephen Kenny ach is beag dóchas atá ann

Rachaidh foireann sacair na hÉireann sa bhearna bhaoil uair amháin eile tráthnóna nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar an Ísiltír i Staid Aviva (7.45in).

Tar éis dóibh cailliúint in aghaidh na Fraince Déardaoin seo caite, ní éireoidh rudaí mórán níos éasca d’fhoireann Stephen Kenny agus na hÍsiltírigh ag teacht go Baile Átha Cliath lán de mhuinín tar éis dóibh an Ghréig a bhualadh 3-0 an oíche cheana.

Ba é bun agus barr an scéil i bPáras ná go raibh na Francaigh rómhaith. Níor náiríodh na hÉireannaigh; rinne siad a ndícheall ach, sa deireadh, tá an bhearna chumais idir foireann na Fraince agus ceann na hÉireann chomh mór sin nach raibh sé de cheart againn a bheith ag súil le tada eile ón gcluiche.

Ina dhiaidh sin féin, ní hé nach raibh ábhar buartha ann sa chluiche ach an oiread. Scóráil Aurélien Tchouaméni cúl gleoite th’éis nach mór 20 nóiméad sa Parc des Princes, ach ba é an 11ú cúl atá scaoilte isteach ag Éirinn ó lasmuigh den bhosca ó thús 2021. Ní fhéadfadh an cúl báire Gavan Bazunu tada a dhéanamh chun an ceann seo a stopadh ach bheadh ceist ann faoi iarracht na gcosantóirí brú a chur ar Tchouaméni, a bhfuil cáil air mar imreoir atá in ann an sprioc a aimsiú ó i bhfad amach.

Níos measa fós, ghéill Éire an dara cúl sa chluiche níos lú ná trí nóiméad isteach sa dara leath chun an misneach a bhaint de na himreoirí go hiomlán. Tharla an rud céanna in aghaidh na Fraince i mBaile Átha Cliath mí an Mhárta agus arís sa chluiche in aghaidh na Gréige i rith an tsamhraidh, agus cé go raibh mí-ádh ceart ar Stephen Kenny minic go leor ina thréimhse go dtí seo mar bhainisteoir ar Éirinn, seo gné den imirt a chaithfidh sé a chur ina ceart agus go sciobtha.

Thug an Fhrainc stánáil don Ísiltír sa chéad chluiche sa ghrúpa seo mí an Mhárta, ach bhí cuma na maitheasa ar na hÍsiltírigh oíche Déardaoin agus trí chúl scóráilte acu sa chéad leath in aghaidh na Gréige in Eindhoven.

Ní bheidh an aithne chéanna ag cuid de lucht tacaíochta na hÉireann ar imreoirí na hÍsiltíre is a bhí acu ar réaltaí na Fraince ach beidh a fhios acu cé chomh maith is atá leithéidí Virgil van Dijk, Nathan Aké, Frenkie de Jong agus Cody Gakpo, a d’aimsigh cúl in aghaidh na Gréige.

Déanfaidh Kenny cúpla athrú ar an bhfoireann do chluiche na hoíche anocht. Beidh air lánchúlaí ar chlé eile a roghnú agus gortú bainte d’Enda Stevens i bPáras, ach seans go bhfeicfear athrú nó dhó eile agus fios aige go gcaithfidh Éire an cluiche seo a bhuachan má tá deis ar bith le bheith acu críochnú sa dara háit sa ghrúpa. Is beag atá feicthe againn ó fhoireann seo na hÉireann le dhá bhliain anuas a thabharfadh dóchas duit, áfach.

Fág freagra ar 'Bua ag teastáil go géar ó Stephen Kenny ach is beag dóchas atá ann'