Brú ar na ceannairí i mbliain toghchán ó thuaidh

Tá siléig agus faillí i gceist i gcónaí i gcás oidhreacht na dTrioblóidí agus is minic nach ndéantar mórán dul chun cinn i mbliain toghcháin

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Meileann muilte Stormont go mall; go han-mhall le fírinne. Bhí a laghad sin éifeachta leo le dhá bhliain anuas nach bhfuil coinne ag an bpobal lena mhalairt in 2016. Beidh deis ag daoine a mbreithiúnas a thabhairt i dtoghchán an Tionóil ach roimhe sin, déanfar roinnt athruithe.

Tiocfaidh na Teachtaí ar ais go Stormont ar an 11 Eanáir i ndiaidh shaoire na Nollag. De réir na dialainne, is ar an lá sin a éireoidh Peter Robinson as an gCéad Aireacht agus a thiocfaidh ceannaire nua an DUP, Arlene Foster i gcomharbacht air chun an príomhphost a roinnt le Martin McGuinness ó Shinn Féin. Seans gurb é an t-aistriú cumhachta sin an t-athrú is mó a fheicfear go ceann tamaill.

Go dtí le gairid, ba é an buiséad a chaithfear a aontú roimh dheireadh Eanáir an chloch ba mhó ar phaidrín Foster agus is dócha nach mbeidh aon athrú ar an tosaíocht sin. Bhí cuid mhór den obair ullmhúcháin déanta aici sular ceapadh ina ceannaire í agus, gan dabht, beidh sí féin agus cibé Aire Airgeadais a cheapfaidh sí mar chomharba uirthi féin ag obair as lámha a chéile. Beidh siad ag brath ar thacaíocht Shinn Féin, ar a laghad. Cuirfear suim mhór sa chaidreamh idir Foster agus Sinn Féin agus an SDLP. Tá a tagairt do ‘rógairí agus fealltóirí’ i measc airí an dá pháirtí sin beo ina gcuimhne agus beifear ag faire go géar uirthi, féachaint an mbeidh sí neamhchlaonta ar mhaithe leis an bpobal ar fad.

Tá siléig agus faillí i gceist i gcónaí i gcás oidhreacht na dTrioblóidí – ceist na n-íobartach, ceist na gcoireanna stairiúla, conspóid na bparáidí agus na mbratacha. Faoin socrú is deireanaí – an Tús Úr – tá na páirtithe in ainm is a dhul i ngleic leis na ceisteanna sin ach is minic cheana a chonacthas feachtas toghcháin ag cur bac ar obair. Bhí an Straitéis um Chothromaíocht Cine ar liosta na mbeart a raibh moill náireach orthu; foilsíodh é roimh Nollaig nuair a ba é breith na coitiantachta gur briathra seachas beart a bhí ann. I bhfianaise chomh coitianta is atá coiriúlacht chiníoch, tá gá le gníomhartha.

Is é is dóichí gur gníomhartha a bhaineann le toghcháin a fheicfear. Ar an 5 Bealtaine a bheidh an vótáil don Tionól ar siúl ach beidh páirtí amháin, Sinn Féin, gafa leis an olltoghchán ó dheas roimhe sin. Bhí Sinn Féin ag dul ó dhoras go doras in áiteanna sa Tuaisceart ón bhfómhar ar aghaidh. Bhí stocaireacht ar siúl ag an DUP chomh maith agus bileoga snasta, costasacha á n-eisiúint ag an dá pháirtí.

Dúshlán an-mhór é don DUP 38 suíochán Tionóil a choinneáil. Maítear gurb é an toradh sin buaic an pháirtí agus nach féidir an gaisce céanna a dhéanamh an athuair.

Is é an méid is lú a bheidh á éileamh ar an gceannaire nua, Arlene Foster, ná go mbeidh an DUP fós i dtús áite sa Tionól. Beidh an UUP agus an TUV ar a ndícheall ag iarraidh suíocháin a bhaint díobh. Tá tacaíocht an mhóraimh sa DUP aici, ach bheadh sí faoi bhrú dá n-éireodh le Sinn Féin breith orthu. Sin é an sprioc a bheidh ag Sinn Féin, iad ag súil go mbeidh siad ag dul ag na vótóirí agus iad neartaithe ag an toghchán sa Phoblacht. Tá Sinn Féin ar a gcosaint faoin socrú sa Tús Úr maidir le ciorruithe leasa shóisialaigh agus iad faoi ionsaí ó Phobal Roimh Bhrabús agus an SDLP.

Beidh Colum Eastwood, ceannaire nua an SDLP, ag iarraidh stop a chur leis an meath ina pháirtí féin agus é ag iarraidh a chinntiú nach ngéillfidh siad vótaí do Shinn Féin. D’éirigh leis ceannaireacht an pháirtí a bhaint d’Alasdair McDonnell mar go raibh vóta an SDLP ag titim go seasta. Is é an t-éileamh is lú a bheidh air ná go gcuirfidh sé stop leis an lagú sin. Ní haon ribín réidh é; tá na scórtha míle de dhaoine a thugadh tacaíocht don SDLP éirithe as vótáil.

Beidh tionchar mór ag iarmhairt na gcásanna cúirte faoi cheisteanna morálta pearsanta – pósadh comhghnéis, conspóid cáca Ashers’ agus ceist an ghinmhillte – ar an bpobal agus ar an aicme pholaitiúil. Beidh díospóireachtaí teasaí ann, is cinnte.

Beifear ag súil gur díospóireacht agus nach círéibeacha a tharlóidh le linn shéasúr na máirseála. Tá ‘campa síochána Twaddell’, an agóid ag éileamh go ligfí paráid Oráisteach trí Ard Eoin, ar siúl le dhá bhliain go leith. Sa mullach ar an teannas a chothaíonn sé, tá costas mór ag baint leis an gcampa- £19 milliún sa bhliain an bille slándála. Tá sé thar am déileáil leis.

Mí roimh Lá na nOráisteach beidh daoine ag imeacht chun na Fraince. Thosaigh roinnt ag coigilt na bpinginí a luaithe is a cháiligh foireann sacair Thuaisceart Éireann do Chorn na hEorpa. Mar is dual do lucht leanta sacair, beidh tuaisceartaigh eile ag taisteal chun tacú le foireann na Poblachta. Beidh daoine ag cruinniú ar shráideanna sa bhaile ag faire ar scáileáin mhóra. Cá bhfios nach nginfí dóthain dea-mhéine chun samhradh síochánta a chinntiú agus seans, fiú más caolsheans é, go ngabhfaidh polaiteoirí i mbun gnímh ina dhiaidh?

Fág freagra ar 'Brú ar na ceannairí i mbliain toghchán ó thuaidh'