Agus an t-am beagnach caite i gcluiche leathcheannais na hÉireann Dé Domhnaigh, bhí an Cheathrú Rua i bponc. Pointe chun deiridh agus an ghaoth i seolta a gcéilí comhraic, Béal Átha na gCarr as Uíbh Fhailí, theastaigh rud éigin chun fir na Gaeltachta a spreagadh arís.
Ba dheacair a thuar cá as a dtiocfadh an splanc lá nimhneach fuar i bPáirc de hÍde ach an cúl báire, James Ó Flatharta, a chuir lasair faoi fhir na Ceathrún Rua nuair a sheol sé cic ‘45 idir na postaí chun na foirne a chur ar comhscór agus an 60 nóiméad imeartha.
Bhuaigh an Cheathrú Rua seilbh ón gcic amach, cuireadh an liathróid ó dhuine go duine go dtí gur chuir Maitiú Ó Domhnaill pas amach i dtreo Phaudie Mhic Cormaic ar an gcliathán deas agus threoraigh an t-ionadaí cic gleoite thar an trasnán chun an Cheathrú Rua a chur chun cinn arís. Theastaigh uathu Béal Átha na gCarr a choinneáil amach ar feadh nóiméad eile agus rinneadar sin agus áit bainte amach acu i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir na hÉireann.
Is cinnte faoin tráth seo go bhfuil an taoille casta don Cheathrú Rua. Bhí an cumann i lag trá le cúpla bliain anuas agus foireann na bhfear tite ó ghrád na sinsear go dtí grád na sóisear i nGaillimh in imeacht dhá bhliain ach is cinnte go bhfuiltear ar ais ar an mbóthar ceart agus iad anois ag fáil réidh do thuras chuig Páirc an Chrócaigh níos deireanaí an mhí seo, áit a dtabharfaidh siad aghaidh ar Naomh Pádraig Uisce Chaoin Dhún na nGall nó ar Chill Mhuire Chorcaí sa gcluiche ceannais.
“Brionglóid a bhí ann dom ó bhí mé ceithre bliana d’aois. Tá tocht ag teacht orm fiú anois agus mé ag cuimhneamh air,” a dúirt James Ó Flatharta i ndiaidh an chluiche.
“Sin an áit a bhí muid i gcónaí ag iarraidh a bhaint amach. Bhí muid ag iarraidh dul suas go dtí an grád Idirmheánach arís tar éis cúpla bliain dheacair, ach níl áit ar bith eile ab fhearr leat a bheith, is cuma cé grád atá ann, ná a bheith ag imirt i bPáirc an Chrócaigh. Is brionglóid a bhí ann agus tá an aisling á fíorú anois.”
Bhi brú mór ar chic ‘45 sin Uí Fhátharta ag an deireadh. Bhí Béal Átha na gCarr tar éis dul chun cinn sa gcluiche arís le dhá phointe go sciobtha i ndiaidh a chéile agus bhí imirt na Ceathrún Rua breac le botúin sa dara leath. Ní raibh ach dhá scór aimsithe acu ón mbriseadh, cúl ag Maitiú Ó Domhnaill agus cic ‘45 eile ón gcúl báire ach ar a laghad, bhí an scór sin tar éis misneach a thabhairt don Fháthartach.
“Ní raibh mórán ag dul trí mo chloigeann [ag an bpointe sin]. Níl‘s agam a mbíonn riamh! Díreach dúirt mé go gcaithfinn teannadh maith a chur leis an liathróid agus buíochas le Dia, sheol sí díreach idir na postaí,” ar sé.
Ní raibh an liathróid imithe thar an trasnán féin faoin am ar chas Ó Flatharta siar i dtreo a chúil féin agus fios aige go raibh an beart déanta.
“Chaill mé ceann sa gcéad leath ach nuair a bhuaileann tú go maith í, bíonn seans aici agus bhí‘s agam nuair a d’fhág sí mo bhróg go raibh seans maith aici. Nuair a chonaic mé cá raibh sí ag dul, bhí‘s agam go raibh sí ag dul thar an trasnán.”
Dúirt Ó Flatharta nach raibh sé ag tógáil an oiread ciceanna saora nó ciceanna ‘45 i mbliana le hais mar a bhíodh roimhe seo ach go raibh a fhios aige go dtiocfadh an lá nuair a bheadh sé ag teastáil.
“Na leaids a bhí ag tógáil ciceanna saora nó ciceanna ‘45 go dtí seo i mbliana, Éanna Mac Cormaic agus na leaids eile, bhí ag éirí go maith leo ach tharla sé inniu gur ghlaoigh an bainisteoir m’ainm le dul suas agus bhí an t-ádh liom go mbím á gcleachtadh agus bhain sí an sprioc inniu.”
Tar éis don Cheathrú Rua tús iontach a chur leis an gcluiche agus na chéad trí phointe aimsithe acu sa gcéad trí nóiméad, scaoileadh Béal Átha na gCarr ar ais sa gcoimhlint ach bhí fir na Gaillimhe fós chun cinn ag leath ama, 0-6 in aghaidh 0-5.
Bhí fir Uíbh Fhailí chun tosaigh taobh istigh den chéad chúig nóiméad den dara leath áfach agus cé gur chuir cúl ó Mhaitiú Ó Domhnaill an Cheathrú Rua chun tosaigh arís leath bealaigh tríd an dara leath, theip orthu fanacht chun cinn.
Is minic leo teacht aniar a dhéanamh sna cluichí go dtí seo, áfach, go háirithe i gcluiche ceannais an chontae in aghaidh Chill Fhiar Iarainn, agus dúirt an Flathartach nach mbuaileann scaoll ná scéin iad.
“An dara leath sin, is dóigh gurb é an leath peile is measa a d’imir muid i mbliana,” ar sé. “Bíonn muid i gcónaí ag iarraidh coinneáil orainn. Bíonn muid ag caint ar an ‘Blue Zone’. Bíonn tú ag iarraidh do chloigeann a choinneáil, fanacht socair. Tá‘s againn go dtiocfaidh na seansanna ansin. Bhí seansanna ag an deireadh ag Béal Átha na gCarr ach bhí na fir mhóra thiar againne a thug cúnamh dom.”
Beidh na fir mhóra ag teastáil arís i bPáirc an Chrócaigh ar an 25 Eanáir agus súil ann go dtiocfaidh an Zón Gorm i gcabhair ar an gCeathrú Rua uair amháin eile.
Ciarán Tonra
Scríbhinn gleoite, Bail o Dhia ar an té scríobh é. Go néirí le Foireann na Ceathrún Rua sa gcluiche ceannais.