Brian Cowen le ceistiú ag an bhfiosrúchán baincéireachta ar maidin

Ceisteofar an tIar-Thaoiseach faoi cé chomh críochnúil is a bhí córas measúnaithe agus cumarsáide an Rialtais an fhaid is a bhí institiúidí airgeadais á meas

25/08/2014. Albert Reynolds funeral. Former Finna Fail Taoiseach Brian Cowen arrives at the Church of the Sacred Heart in Donnybrook, Dublin, for the funeral mass of former Taoiseach Albert Reynolds. Photo: Laura Hutton/Photocall Ireland
Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Ceistneoidh Coiste Oireachtais Baincéireachta an tIar-Thaoiseach, Brian Cowen, níos déanaí ar maidin mar chuid den fhiosrúchán ar an gcliseadh eacnamaíochta a tharla sa tír roinnt bheag blianta ó shin.

Beidh ar an Uasal Cowen ceisteanna a fhreagairt óna 9.30 ar maidin go dtí 6.00 pm tráthnóna.

Dúirt Ciarán Lynch, Cathaoirleach an Choiste, go mbeifí ag díriú ar an tréimhse a raibh an tUasal Cowen ina Aire Airgeadais lena linn, ón uair a ceapadh é go dtí olltoghchán na bliana 2007. “Is ar thréimhse oifige an Uasail Cowen mar Aire Airgeadais is mó a dhíreoimid i seisiún an tráthnóna. Ar a thréimhse mar Thaoiseach a thabharfaimid ár n-aghaidh an tseachtain seo chugainn”, arsa Lynch.

Dúirt sé go bhféachfaí ar “éifeachtúlacht agus cuibhiúlacht an pholasaí maoirseachta” agus ar cé chomh críochnúil is a bhí córas measúnaithe agus cumarsáide an Rialtais an fhaid is a bhí institiúidí airgeadais á meas.

Féachfar le soiléiriú a fháil maidir le freagracht dreamanna éagsúla agus déanfar scagadh ar an gcaidreamh idir Banc Ceannais na hÉireann agus an Rialtóir Airgeadais, an Roinn Airgeadais, agus na hinstitiúidí bainc.

Scrúdófar freisin an bealach a dtéadh Banc Ceannais na hÉireann agus an Roinn Airgeadais i mbun cumarsáide lena chéile agus a éifeachtaí a bhí an córas cumarsáide sin eatarthu.

“Is iad na réimsí eile ar mhaith linn ceisteanna a chur ina dtaobh ná cuibhiúlacht na comhairle a fuarthas ó shaineolaithe, a oiread anailíse a rinneadh ar an gcomhairle sin agus cé mar a cuireadh i bhfeidhm í”, a dúirt Lynch.

Fiosrófar chomh maith an anailís a rinneadh ar chomhairle daoine a bhí ar mhalairt tuairime le formhór na saineolaithe agus cén freagra a tugadh orthusan; a fheabhas a bhí an tOireachtas ag scrúdú polasaithe poiblí ma mbanc; cruinneas na comhairle a thug an Roinn Airgeadais don Rialtas agus an leas a bhain an Rialtas as an gcomhairle sin; na ceisteanna is tábhachtaí a bhí le cur sa mheá agus polasaithe cáinaisnéise á mbeartú.

Féachfar, leis, ar “chuibhiúlacht na gcaidreamh idir an Rialtas, an tOireachtas, na bainc agus an earnáil réadmhaoine,” a dúirt Lynch.

Teachta Dála le haghaidh Laoise agus Uíbh Fhailí ab ea Cowen ó Mheitheamh 1984 go dtí Feabhra 2011. Bhí sé ina Aire Airgeadais ó Mheán Fómhair 2004 go dtí Bealtaine 2008, nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Bertie Ahern mar Thaoiseach.

Ag caint dó le baill an Fhiosrúcháin inné, dúirt an tIar-Aire Airgeadais, Charlie McCreever, nár taibhsíodh dó riamh agus é ina Aire Airgeadais go dteipfeadh ar oiread is banc Éireannach amháin. Nuair a fiafraíodh de ina dhiaidh sin an raibh margadh boilscithe ann i réimse na tithíochta, dhiúltaigh sé an cheist a fhreagairt mar nár bhain sé lena thréimhse féin mar Aire agus b’éigean an seisiún a chur ar athló.

Fág freagra ar 'Brian Cowen le ceistiú ag an bhfiosrúchán baincéireachta ar maidin'