Tá Brendan Howlin chun éirí as ceannaireacht Pháirtí an Lucht Oibre tar éis díomá an olltoghcháin.
Sna seachtainí seo chugainn a éireoidh Howlin as ceannaireacht an pháirtí nár éirigh leo ach sé shuíochán a bhuachan sa toghchán, ceann níos lú ná mar a bhí acu roimhe.
Cuirfidh feidhmeannas an pháirtí tús anois leis an bpróiseas chun comharba Howlin a cheapadh.
Dúirt Howlin tráthnóna nár thug an pobal mandáid dá pháirtí a bheith mar chuid den chéad rialtas eile, ach go bhféadfaidís a rian a fhágáil ar chúrsaí ó bhinsí an fhreasúra.
D’fhéadfadh vótaí sheisear Teachtaí Dála Pháirtí an Lucht Oibre a bheith fíorthábhachtach nuair a bheadh an chéad Taoiseach eile á roghnú, ar sé.
Tá Howlin ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre ó 2016 agus tá sé ina Teachta Dála do Loch Garman ó 1987. Chaith sé tréimhsí ina Aire Sláinte, ina Aire Comhshaoil agus bhí sé ina Aire Caiteachais Phoiblí idir 2011 – 2016.
Ghéill Howlin go ndein a pháirtí botúin áirithe, ach dhein sé cosaint ar a ról sa rialtas le linn bhlianta na déine.
Ag tagairt don ghéarchéim eacnamaíochta roimh an déine, dúirt sé gur trua gur ar an “mbriogáid dóiteáin” a leagtar an milleán uaireanta seachas ar an té a las an tine.
Idir an dá linn, cuireadh tús i gceart inniu leis na cainteanna maidir le bunú an chéad rialtais eile agus Sinn Féin i mbun idirbheartaíochta le páirtithe eile maidir le rialtas eite chlé a bhunú.
Jerry Deireanach
PC Ceartchreidnheacch Aonach Urmhungamhúin agus Gaimbíneach neamhchreidmheach na Gaillimhe faoi bhrón is cosúil agus Ólagánach Ceartchreidmheach Ó Ríordágholtraí agus Feardia Ceartchreidmheach daighdil dí Hearse Sráidbhaile Dhún Dealgain imithe le báiní freisin agus tuilleadh nach iad…