Breis is ceathrú milliún euro do naíonra nua i Mín an Chladaigh i nGaeltacht Dhún na nGall

Chomh maith leis an naíonra nua tá deontas fógartha chun pleananna a ullmhú d’ionad cúram leanaí agus naíonra sa Ghaeltacht Láir

Breis is ceathrú milliún euro do naíonra nua i Mín an Chladaigh i nGaeltacht Dhún na nGall

Tá deontas breis is ceathrú milliún euro chun naíonra nua a thógáil i Mín an Chladaigh ina chuid de mhaoiniú €400,000 atá fógartha ag an Rialtas do choistí pobail i nGaeltacht Dhún na nGall.

D’fhógair Roinn na Gaeltachta inniu go bhfuil €262,828 ceadaithe do Choiste Bainistíochta Scoil Bhrighde i Mín an Chladaigh chun foirgneamh nua a thógáil a bheas in úsáid mar naíonra.

Sa cheantar céanna, tá breis is €47,000 le cur ar fáil do Choiste Forbartha Chnoc Fola chun obair athchóirithe a dhéanamh ar an ionad pobail. Tá díon nua curtha ar an ionad le roinnt laethanta anuas.

I Limistéar Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir, tá deontas ar fiú nach mór €11,000 é ceadaithe do Choiste Forbartha Éadan Fhionn Fhraoich chun obair athchóirithe a dhéanamh ar an halla pobail agus tá suas le €81,328 ceadaithe do Chúram Leanaí an Chlocháin chun comhairleoirí a cheapadh ar mhaithe le pleananna a ullmhú d’fhorbairt ina mbeadh ionad cúram leanaí agus naíonra nua.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan gur “cúis áthais” dó tacaíocht a thabhairt a thabhairt do na coistí seo i nGaeltacht Dhún na nGall agus go raibh súil aige go mbeadh “áiseanna don phobal i gcoitinne agus áiseanna sa bhreis do na luathbhlianta mar thoradh ar na deontais”.

Fág freagra ar 'Breis is ceathrú milliún euro do naíonra nua i Mín an Chladaigh i nGaeltacht Dhún na nGall'