Borradh faoi na Muimhnigh agus imreoirí mór le rá ar fáil arís

Cé go mbeidh leathshúil ag na Cúigí ar na cluichí móra atá le teacht san Eoraip, tá foireann láidir ainmnithe ag Cúige Mumhan don chluiche i gcoinne Dhún Éideann anocht

Borradh faoi na Muimhnigh agus imreoirí mór le rá ar fáil arís

Fear na Mumhan, Conor Murray. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Seans maith nach mbeidh deireadh go ceann i bhfad leis an gcaint maidir le cinneadh Joe Schmidt éirí as mar chóitseálaí ar fhoireann idirnáisiúnta na tíre seo ach a mbeidh an chéad chorn domhanda eile thart. Idir seo agus sin beidh lucht leanta rugbaí na tíre seo ag coinneáil leathshúil ar Andy Farrell, cóitseálaí cosanta na foirne idirnáisiúnta agus an té a thiocfaidh i gcomharbacht ar Schmidt.

Fiú leis an gcaint sin ar fad, leanfaidh an imirt ar aghaidh an deireadh seachtaine seo agus na cúigí ag imirt i mBabhta 10 den Pro 14.

I gCorcaigh a bheas Cúige Mumhan ag cur chun páirce i gcoinne Dhún Éideann, foireann a chaill cúig chluiche go dtí seo, cluiche an deireadh seachtaine seo caite i gcoinne na nDragons san áireamh. Is deacair bua a thuar do na cuairteoirí sa gcluiche seo, tá go leor imreoirí ar ais ag na Muimhnigh, Conor Murray agus Chris Farrell ina measc. Níor chaill siad sna trí bhabhta deiridh den chomórtas seo agus tá borradh iontach fúthu agus iad ag réiteach do Bhabhta 3 de Chorn na gCuradh i gcoinne Castres na Fraince faoi cheann seachtaine.

I mBéal Feirste ar an Satharn, beidh dhá fhoireann a chaill agus iad ag imirt i mBabhta 9 ag tabhairt faoina chéile. Tá stádas níos fearr ag na hUltaigh faoi láthair i Roinn B, iad sa tríú háit i gcomparáid le Caerdydd atá sa gcúigiú háit i Roinn A. Seans maith go mbeidh aird an dá fhoireann seo ar an dá chluiche crua a bheas le n-imirt acu i gCorn na gCuradh, i gcoinne na Scarlets (Uladh) agus Saracens (Caerdydd).

Ar an Satharn freisin a bheas Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean ag cur chun páirce agus an dá fhoireann as baile. Tá foireann na Gaillimhe fós san Afraic Theas ach ní dóigh go mbeidh cluiche chomh héasca acu i gcoinne na Cheetahs agus a bhí acu i gcoinne na Kings an tseachtain seo caite. Tá mise den tuairim go mbeidh an t-ádh orthu pointí a thabhairt leo ón gcoimhlint seo.

Sa mBreatain Bheag a bheas Cúige Laighean ag imirt i gcoinne na nDragons atá gar don íochtar i Roinn B. Bua cúig phointe eile do curaidh an chomórtais seo, i mo thuairimse.

Fág freagra ar 'Borradh faoi na Muimhnigh agus imreoirí mór le rá ar fáil arís'