Borradh faoi Boylan arís i mBaile Átha Cliath, cath go deireadh ag Cuffe

Caitheann Tuairisc súil chun cinn ar na toghcháin Eorpacha a bheidh ar siúl Dé hAoine. An babhta seo – toghlach Bhaile Átha Cliath

Borradh faoi Boylan arís i mBaile Átha Cliath, cath go deireadh ag Cuffe

Toghcheantar: Baile Átha Cliath
Líon na suíochán le líonadh: 4
An cuóta: 20%
An ceantar: Áth Cliath ar fad

Na hiarrthóirí: Tá 23 iarrthóir ag seasamh sa toghcheantar seo, ceantar ina bhfuil milliún go leith de dhaonra agus ceathrar le toghadh. As an gceathrar a toghadh in 2019, tá triúr acu ag seasamh aríst: Barry Andrews (FF), Ciarán Cuffe (Comhaontas Glas) agus Clare Daly (Independents4Change). Níl Frances Fitzgerald (FG), a toghadh in 2019, ag seasamh an babhta seo. Ina háit tá an Seanadóir Regina Doherty (FG), iar-aire rialtais a chaill suíochán Dála sa Mhí Thoir san olltoghchán in 2020.

Tá beirt, ar a laghad, san iomaíocht a bhfuil dóthain Gaeilge acu chun agallamh beo raidió nó teilifíse a dhéanamh i nGaeilge: Aodhán Ó Ríordáin (LO), cainteoir líofa Gaeilge, Bríd Smith (PBP-Sol). Tá a ainm i nGaeilge ag iarrthóir eile, Diarmaid Ó Conaráin (Irish Freedom Party).

Sa toghchán in 2019, ba é Ciarán Cuffe (An Comhaontas Glas) a bhí ar bharr an chomhairimh le 63,849 (17.5%) den vóta agus thóg sé an chéad suíochán ar an 13ú comhaireamh. Chaill Lynn Boylan (Sinn Féin) an suíochán ar éirigh léi é a bhuachan in 2014, ach tá seans an-mhaith aici é a fháil ar ais an uair seo. 

Más fíor do na pobalbhreitheanna a foilsíodh an Irish Times agus sa Sunday Independent, tá Ciarán Cuffe (CG) agus Clare Daly (Ind4Ch) i mbaol na suíocháin atá acu i bParlaimint na hEorpa a chailliúint. Tá Ciarán Cuffe (CG) ag 7%-8% sna pobalbhreitheanna. Is leor an méid sin lena choinneáil sa rás agus is ag brath ar aistriúcháin a bheas sé ansin. Seans nach cabhair dhó, ach a mhalairt, go bhfuil an Comhaontas Glas i gcomhrialtas le Fianna Fáil agus Fine Gael.

Ní bheidh vótaí le spáráil ag Regina Doherty (FG) ná ag Barry Andrews (FF) le haistriú chuige. De réir na bpobalbhreitheanna níl cuóta (20%) ag ceachtar den bheirt ach ba cheart go dtoghfaí iad. Beidh Cuffe (CG) ag brath ar aistriúcháin ó iarrthóirí ar an eite chlé.

Tá Clare Daly (Ind4Ch) i mbaol: bhí an Teachta Dála Aodhán Ó Ríordáin (Páirtí an Lucht Oibre) chun cinn ar Clare Daly (Ind4Ch) i bpobalbhreith an Irish Times, agus beagáinín taobh thiar di i bpobalbhreith an Sunday Independent.

Tá de bhuntáiste aici gur Feisire Eorpach í cheana féin ach ar an dtaobh eile den scéal, ní cabhair ar bith di go bhfuil Barry Andrews (FF) in ann a rá go raibh sí féin i measc an 13 feisire a vótáil in aghaidh smachtbhannaí a chur ar an Rúis mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Ní cabhair di ach oiread gur dhiúltaigh sí cuireadh ó Bhríd Smith (Pobal Roimh Bhrabús-Dlúthpháirtíocht) teacht ar shocrú faoi aistriú vótaí.

Déarfá go mbeadh sé stuama glacadh leis an gcuireadh iarraidh ar a lucht tacaíochta vótaí a aistriú ag a chéile, mar go mbeidh Daly ag brath ar líon ard vótaí aistrithe ó Smith (PBP-Sol), má tá sí lena suíochán a choinneáil. Ar ndóigh dá dtarlódh sé go mbeadh Bríd Smith (PBP) chun tosaigh ar Clare Daly (Ind4Ch) is í Bríd Smith (PBP-Sol) a bheadh san iomaíocht don suíochán sin agus d’fhéadfadh sé sin tarlú.

Nuair a cuireadh Lynn Boylan (SF) as an rás in 2019 ar an 16ú comhaireamh, fuair Clare Daly (Ind4 Ch) 22,000 vóta aistrithe (43%) uaithi, rud a chinntigh an tríú suíochán don neamhspleách. Ó tharla go mbeidh Lynn Boylan (SF) san iomaíocht go dtí an deireadh i mbliana ní dóigh liom go mbeidh aon vótaí aistrithe le fáil an uair seo ag Daly (ind4Ch) ó iarrthóir Shinn Féin.

Maidir le hAodhán Ó Ríordáin (LO), ní dóigh liom go mbeidh sé ag fáil a dhóthain vótaí céad rogha le go mbeadh seans aige. Maidir le cá rachaidh a chuid vótaí nuair a chuirfear as an áireamh é, is mó acu a rachaidh chuig Ciarán Cuffe (CG) ná chuig Clare Daly (ind4Ch), i mo thuairimse. Tá vóta maith le fáil i gcónaí ag Páirtí an Lucht Oibre i gceantair mheánaicmeacha i mBaile Átha Cliath agus is mó seans go n-aistreofaí iad sin go dtí iarrthóir an Chomhaontais Ghlais ná chuig duine ón eite chlé.

Tá sé réasúnta cinnte anois go dtógfaidh Lynn Boylan (SF) ar ais an suíochán i bParlaimint na hEorpa, a chaill sí in 2019. Chruthaigh sí go maith ar an gclár díospóireachta a bhí ag Prime Time (RTÉ) Dé Máirt seo caite. Le 15% i bpobalbhreith an Irish Times agus 11% i bpobalbhreith an Sunday Independent, ba cheart go mbeadh vóta maith céadrogha aici agus gheobhaidh sí líon ard vótaí aistrithe óna comhghleacaí, Daithí Doolan (SF) chomh maith le sciar réasúnta maith ó na hiarrthóirí eile ar an eite chlé, seachas ó Aodhán Ó Ríordáin (LO).

In 2019 aistríodh beagnach 80% den vóta a bhí bailithe ag Alex White (LO) ach ní bhfuair Lynn Boylan (SF) ach 5% díobh, i gcomparáid leis an 27% a chuaigh chuig Frances Fitzgerald (FG) agus an 16% a fuair Barry Andrews (FF). Níl aon chúis ann go mbeadh patrún aistriúcháin difriúil ann an babhta seo. Níl a fhios againn cén sciar a ghabhfaidh chuig Ciarán Cuffe (CG) ó Pháirtí an Lucht Oibre mar bhí sé tofa faoin am ar roinneadh vóta an pháirtí sin in 2019.

Tá an rabharta tacaíochta a fuair na Glasaigh sna toghcháin Eorpacha in 2019 agus sna toghcháin áitiúla tráite faoin am seo. Caithfidh Ciarán Cuffe (CG) vóta maith a fháil sa gcéad chomhaireamh le go mbeidh seans aige a shuíochán a choinneáil, mar nach mórán vótaí aistrithe a bheas le fáil aige ó na hiarrthóirí eile, seachas ó bheirt – Robin Cafolla (Rabharta Glas) agus Aodhán Ó Ríordáin (LO). Má ghlactar leis go mbeidh iarrthóir na nGlasach chun cinn ar iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre ag an staid sin den chomhaireamh, is ar vótaí Uí Ríordáin a bheidh Cuffe ag brath.

Ní dhéanfaidh na spallaí a chaith Regina Doherty (FG) le Ciarán Cuffe (CG) le cúpla la anuas aon dochar dhó, go háirithe ó fuair sé an ceann is fearr ar iarrthóir Fhine Gael, ar an gclár Prime Time (RTÉ), nuair a mheabhraigh sé di go raibh sí féin ag gearán go poiblí roinnt blianta ó shin nach raibh dóthain lánaí rothair ann le go mbeadh sé sábháilte dá páistí dul ar scoil ach anois go bhfuil sí ag gearán go bhfuil na lánaí rothair atá sa gcathair cosúil le Balla Bheirlín!

Tá gné eile den scéal a thabharfaidh buntáiste do Chiarán Cuffe. Sna háiteacha is láidre ina bhfaigheann an Comhaontas Glas vótaí, na ceantair mheánaicmeacha i mBaile Átha Cliath Theas, bíonn an ráta vótála idir 45% agus 50% de ghnáth.

Sna háiteacha is mó ina mbeadh tacaíocht ag Clare Daly (Ind4Ch), ceantair faoi mhíbhuntáiste, bíonn an ráta vótála idir 35% agus 40%. Mar shampla vótáil 47% sna toghcháin áitiúla i dtoghcheantar Dún Laoghaire in 2019, i gcomparáid le 38% i mBaile Munna-Fionnghlas agus 35% in áiteacha eile ina mbeadh Clare Daly (Ind4Ch) ag súil le tacaíocht láidir.

Tá go leor iarrthóirí ón eite dheis ag seasamh sa toghcheantar seo idir Rebecca Barrett (An Páirtí Náisiúnta); Patrick Quinlan (An Páirtí Náisiúnta); Philip Dwyer (Ireland First); Andy Heasman (Irish People Party), Diarmuid Ó Ríordáin (Irish Freedom Party) agus Niall Boylan (Independent Ireland). Déanaim amach go mbeidh idir 12% agus 15% den vóta eatarthu sin ar fad. Is cosúil gurb é Niall Boylan is mó de na hiarrthóirí ar an eite dheis atá ag fáil tacaíochta agus d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh sé san iomaíocht don suíochán deireanach, le Clare Daly (Ind4Ch) agus Ciarán Cuffe (CG) agus nach mbeadh mórán eatarthu ag an deireadh. Mar go mbeidh ráta vótála níos airde sna ceantracha meánaicmeacha, déanaim amach go bhféadfadh go n-éireodh le Ciarán Cuffe a shuíochán a choinneáil.

Tuar Tuairisc: Regina Doherty (FG), Barry Andrews (FF), Lynn Boylan (SF), Ciarán Cuffe (CG)

Fág freagra ar 'Borradh faoi Boylan arís i mBaile Átha Cliath, cath go deireadh ag Cuffe'

  • Seán Mag Leannáin

    Anailís spéisiúil… beidh le feiceáil.