An bhfuil tú os cionn 95 bliain d’aois agus obair feirme fós ar siúl agat

Tá dris chosáin ar chosán nádúrtha na feilméarachta agus níl feilméaraí óga ag teacht chun cinn go flúirseach

An bhfuil tú os cionn 95 bliain d’aois agus obair feirme fós ar siúl agat

Tortáin, cnocáin agus moingeanna. Sliabh treampánach Chonamara. Sin é an cúrsa a bhí roimh an gcúramóir. Bhí sé ag breathnú amach, anois agus aríst, d’fheilméara a bhí ag éirí aosta. Ní móide go raibh aon cheapadh ag an gcúramóir go mbeadh air a dhul amach ar an sliabh i gcuideachta an fhir. Ach chaithfí cuntas a fháil ar na caoirigh. Bhíodh an cúramóir tugtha nuair a thagtaí ag ais chuig an teach; réitíodh an fear aosta an tae. Fíor nó bréagach?

Fíor.

B’in blianta ó shin, agus le himeacht na haimsire, b’éigean don fheilméara géilleadh. Deirtear nach bhfuil dreapadóireacht ar bith le déanamh san áit a bhfuil sé ar a shuaimhneas anois.

Dúradh ariamh nach bhfaigheann na saighdiúirí aosta bás: sé an chaoi a n-éiríonn siad feosaithe, agus go sleamhnaíonn siad chun siúil, ar nós na duilleoige sa ngeimhreadh. Sé an cás céanna é ag seanfheilméaraí. Nuair nach bhfuil siad in ann a dhul i ndiaidh na gcaorach, bíonn siad ag fáil amhairc orthu i bhfad uathu.

Ach níl aon ghéilleadh ag lucht oifigí sa Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh ar an gcineál cosán nádúrtha sin. Chuireadar litreacha amach le gairid chuig feilméaraí atá os cionn 95 ag fiafraí díobh céard a bhíodar a dhéanamh, nó an rabhadar fós ag feilméaracht. Fíor no bréagach?

Fíor.

De réir na Roinne Talmhaíochta agus Iascaigh, tá uimhir thréada – an t-aitheantas oifigiúil – ag 191,451 feilméara i bPoblacht na hÉireann. Astu sin, tá 619 atá 95 bliain d’aois, nó os a chionn. Sin 0.32 den phobal feilméarachta. Shocraigh an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh go gcuirfí litreacha amach chucu. Chuile sheans gur beag acu atá ag feilméaracht, ach má tá beagán acu gníomhach, ba é an rud ba ghnaíúla go dtacófaí leo. An raibh gá le ‘cártaí Nollag’ mar seo a sheoladh go dtí daoine a bhfuil a gcion déanta acu sa saol seo?

Nó an bhfuil baint éigin aige seo leis na moltaí san Eoraip go stopfaí, nó go ngearrfaí siar, na deontais talmhaíochta ar d’fheilméaraí atá os cionn 75 bliain?

Tá an plean seo ag dul anonn agus anall san Eoraip, agus réiteach dá dhéanamh do pholasaí talmhaíochta an Aontais Eorpaigh, an Comhbheartas Talmhaíochta 2028-2034, an CAP.

An réasún atá leis, a deirtear, ná go mbainfí an t-airgead den dream atá ag dul chun aoise, agus go gcuirfí ar ais é chuig feilméaraí óga. Tá baol ann go mbeidh ganntan feilméaraí agus ganntan beatha ann, a deirtear. Fíor nó bréagach?

Áibhéil, b’fhéidir.

Ní inniu ná inné a thosaigh an chaint faoin lear airgid atá dá chaitheamh ar Chiste Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh. Ina dhiaidh sin féin níl feilméaraí óga ag teacht chun cinn go flúirseach. Níl ach 12% d’fheilméaraí na hEorpa faoi 40 bliain. Theastódh an líon sin a dhúbailt, a deir an Coimisinéir Talmhaíochta, Christophe Hansen. Dá réir sin, teastaíonn airgead breise le daoine a mhealladh i dtreo na gairme, a deir sé. Ba díol spéise é gur thug Hansen ‘gairm’ ar an talmhaíocht. Chuirfí an t-airgead a ghearrfaí siar ar na feilméaraí is sine ar fáil don dream óg. Tá sraith laghduithe ar na fóirdheontais (rud ar bith os cionn €20,000) dá phlé freisin. Ach tá na heagraíochtaí móra feilméarachta ar an mór-roinn in aghaidh na n-athruithe seo uilig.

Anseo in Éirinn, bhí ardú 34% le deich mbliana ar an líon feilméaraí atá os cionn 65. Meastar go bhfuil 40,000 acu siúd ag fáil pinsean agus creideann an tAontas Eorpach go bhfuil sé seo as bealach, nó ar a laghad go bhfuil an t-airgead sin ceilte ar fheilméaraí óga. Ach tá an cheist níos casta ná sin.

Aoisghrúpa níos sine atá ag coinneáil na feilméarachta beo i gcuid mhór réimsí tuaithe agus Gaeltachta. Tugann a ngníomhaíocht siúd airgead isteach ón CAP atá fíorluachmhar i saol agus in eacnamaíocht na tuaithe. Ansin, cá bhfuil na daoine óga atá sásta a dhul i mbun na ndualgas sin, mura bhfuil feilm mhór eacnamúil ar fáil? Nó, sa deireadh, an ceart deontas a choinneáil siar ó dhaoine atá 95, nó 75, má tá siad in ann eagar a choinneáil ar a gcuid feilmeacha – le cabhair ó dhaoine eile, b’fhéidir.

Ina dhiaidh sin féin, díoltar agus ceannaítear na beithígh atá ag na feilméaraí atá os cionn 75 freisin, agus itear an stéig in Éirinn agus san Eoraip.

Fág freagra ar 'An bhfuil tú os cionn 95 bliain d’aois agus obair feirme fós ar siúl agat'

  • Carraig

    Na státsheirbhísigh sin thall sa Bhruiséil atá ina bhun seo is eile, n’fheadair cois leo cad a dhéanfaidh láimh leo.
    Na haonaid éagsúla ag feidhmiú beag beann ar a chéile an-mhinic leis, is léir,
    nó ag teacht salach ar a chéile.
    Tá siad díreach t’réis trí bliana breise a chur leis an ndíorthach ar níotráití
    (nitrates derivative) do lucht gnó na talmhaíochta (‘feilméaraí’) in Éirinn.
    Ní gá a rá ná go ndéantar agus go ndéanfar dochar agus díobháil as cuimse d’uiscebhealaí na tíre mar thoradh air seo.
    Ach bagraíonn siad, ag an am gcéanna, bata an dlí a imirt mar gheall ar thoradh an bheartais seo atá faofa acu féin!
    Dornán beag seanleaids faoin tuath ag déanamh scime dhóibh seachas díriú ar an réabadh reilge atá á dhéanamh ar ár dtimpeallacht.
    Agus an caiteachas a ghabhfaidh leis an riarachán go léir chun ‘dul sa tóir’ ar na leaids sin.
    Sin í an sórt seafóide a bhíonn ar siúl in oifigí na Bruiséile.

  • Carraig

    Maolú ar Níotráití
    (Nitrates Derogation)

  • Talamh slán

    An ceart ag Máirtín ag a’ deireadh ansin – sé sin, go mbíonn daoine ar brath ar an mbia a chuirtear ar fáil ag na sean-fheirmeoirí seo.