Boris Johnson le gealltanas a thabhairt go dtabharfar isteach reachtaíocht don Ghaeilge

Tá cuairt á tabhairt ag Príomh-Aire na Breataine ar Bhéal Feirste inniu, áit a ndéarfaidh sé le polaiteoirí Stormont ‘filleadh ar an obair’

Boris Johnson le gealltanas a thabhairt go dtabharfar isteach reachtaíocht don Ghaeilge

Meastar go dtabharfaidh Boris Johnson gealltanas inniu go dtabharfar isteach reachtaíocht a thabharfadh cosaint níos fearr do chearta teanga phobal na Gaeilge sa Tuaisceart.

Tá cuairt á tabhairt ag Príomh-Aire na Breataine ar Bhéal Feirste inniu, áit a ndéarfaidh sé le polaiteoirí Stormont “filleadh ar an obair”.

Tá Johnson i mBéal Feirste tráth a bhfuil cur chuige Rialtas na Breataine i leith an Phrótacail iar-Bhreatimeachta ina údar mór imní ag Rialtas na hÉireann.

Chomh maith leis sin, tá bac curtha ag an DUP ar fheidhmiú Thionól Stormont mar chuid dá n-agóid in aghaidh an Phrótacail a fhágann go bhfuil teorainn i muir Éireann.

Tuairiscítear go bhfuil Rialtas na Breataine ar tí a fhógairt go dtabharfar reachtaíocht nua isteach a chuirfeadh ar ceal gnéithe den phrótacal a aontaíodh chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Chuirfeadh an reachtaíocht ar chumas Rialtas na Breataine an prótacal a leasú go haontaobhach lá níos faide anonn.

Deir Johnson nach bhfuil sé i gceist an prótacal a chaitheamh i dtraipisí agus gur mhaith leis dul i mbun idirbheartaíochta leis an AE chun é a leasú.

Chuir Simon Coveney an tAire Gnóthaí Eachtracha, “buaileam sciath” i leith Rialtas na Breataine agus cháin sé go háirithe an plean reachtaíocht a thabhairt isteach a chuirfeadh gnéithe den phrótacal ar ceal chun deireadh a chur le seiceáil earraí a thagann trasna Mhuir Éireann.

Dúirt Coveney go bhfágfadh a leithéid go scaipfí “ceannlínte ar fud na cruinne” a déarfadh go bhfuil an Bhreatain sásta conarthaí a shárú agus gur bagairt ar an bpróiseas síochána a bhí i gceist.

Tuairiscítear go gcuirfeadh an reachtaíocht “lána glas” ar bun d’earraí a bheadh ar díol sa Tuaisceart amháin.

Tá ráite ag an AE go bhféadfadh go mbeadh sé ina chogadh trádála má dhéanann Rialtas na Breataine a leithéid de ghnímh aontaobhach ach tá tuairim ann chomh maith gur seift idirbheartaíochta atá sa reachtaíocht.

Tá cruinnithe éagsúla inniu ag Boris Johnson, le Sinn Féin, an DUP, Páirtí na Comhghuaillaíochta, an UUP agus an SDLP.

Nuair a dhíultaigh an DUP vótáil ar son ceann comhairle nua an tseachtain seo caite, chuir siad bac ar athbhunú Fheidhmeannas Stormont agus ar fheidhmiú an Tionóil.

Dúirt leascheannaire Shinn Féin, Michelle O’Neill, atá i dteideal na céad-aireachta ó tharla gurb é Sinn Féin an páirtí is mó i ndiaidh an toghcháin, go dtabharfadh sí rabhadh do Boris Johnson gur “beart místuama” a bheadh ann gníomhú go haontaobhach i leith an phrótacail.

Chomh maith leis an reachtaíocht teanga agus chultúir, geallfaidh Johnson reachtaíocht a chinnteoidh go mbeidh seirbhísí ginmhillte ar fáil sa Tuaisceart. Tabharfaidh sé a thuilleadh sonraí chomh maith faoi phlean Rialtas na Breataine dul i ngleic le hoidhreacht na dTrioblóidí.

Gheall Rialtas na Breataine arís an tseachtain seo caite go dtabharfaí isteach reachtaíocht don Ghaeilge in Westminster.

Tá an reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga ina hábhar conspóide ó thuaidh le roinnt blianta.

Gealladh acht don Ghaeilge ar dtús in 2006 agus bhí reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga mar chuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua a aontaíodh breis is dhá bhliain ó shin.

Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mura ndéanfaí an beart in Stormont.

Nuair nár tharla sin gealladh i mí Eanáir go dtabharfaí isteach an reachtaíocht teanga roimh thoghchán na seachtaine seo caite sa Tuaisceart

Tugadh gealltanas eile in Óráid na Banríona an tseachtain seo caite go dtabharfaí an reachtaíocht isteach.

Tá roinnt beartas don Ghaeilge á ngeallúint, coimisinéir teanga agus stádas oifigiúil don teanga ina measc.

Deir Conradh na Gaeilge go raibh sé suntasach go ndéanfaí tagairt in Óráid na Banríona don reachtaíocht teanga, ach go bhfuil níos mó ná “caint” ag teastáil ó phobal na Gaeilge.

Gealladh chomh maith go dtabharfaí cumhachtaí do Státrúnaí Thuaisceart Éireann gníomhú lena chinntiú go gcuirfidh an Feidhmeannas in Stormont na gealltanais i reachtaíocht teanga i gcrích.

Fág freagra ar 'Boris Johnson le gealltanas a thabhairt go dtabharfar isteach reachtaíocht don Ghaeilge'