Tá Bòrd na Gàidhlig in Albain ag éileamh go mbeadh na páipéir vótála i dtoghcháin na tíre sin dátheangach -Gàidhlig agus Béarla.
Dúirt an Bòrd, a bunaíodh le Gàidhlig a chur chun cinn, go raibh fasach bunaithe sa mBreatain Bheag, tír ina mbíonn Breatnais ar ábhar fógraíochta na dtoghchán parlaiminte agus ar na páipéir vótála.
Áitíonn Bòrd na Gàidhlig gur den riachtanas é go mbeadh Gàidhlig in úsáid i gcúrsaí atá chomh lárnach i saol na tíre ionas go gcinnteofaí go dtuigfí seasamh na teanga “mar theanga oifigiúil in Albain”.
Chuideodh a leithéid de bheart le Rialtas na hAlban a chuid polasaithe teanga féin a chur chun cinn agus aidhmeanna phlean náisiúnta teanga na tíre a bhrostú, dar leo.
Maíonn Bòrd na Gàidhlig go gcuirfeadh an dátheangachas sin le líon na ndaoine a vótálfadh mar go spreagfadh sé cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge le páirt a ghlacadh sa bpróiseas toghchánaíochta.
Daithi Mac Carthaigh
Maith iad.
Quinton Beck
Shíl mé nuair a léigh mé an ceannteideal go raibh siad ag iarraidh go mbeadh a gcuid toghchán féin (don bhord úd) dátheangach agus gan a gcuid ball in ann Gàidhlig a thuiscint. Nach mé a bhí duairc!