Bord feidhmiúcháin RTÉ á scor ag an ardstiúrthóir nua

Deir ardstiúrthóir nua RTÉ Kevin Bakhurst go gcaithfear cultúr RTÉ a athrú ón mbarr anuas

Bord feidhmiúcháin RTÉ á scor ag an ardstiúrthóir nua

Tá bord feidhmiúcháin RTÉ á scor ag ardstiúrthóir nua an chraoltóra, Kevin Bakhurst.

Dúirt sé go gcuirfear foireann ceannaireachta eatramhach in áit nó go gceapfar feidhmeannas buan.

I ríomhphost chuig foireann RTÉ, dúirt Bakhurst gur le chéile a dhéanfaidh an fhoireann ceannaireachta eatramhach aon chinneadh mór a bheidh le déanamh agus go gcoimeádfar taifead faoin bplé a bhíonn acu.

“Ní féidir filleadh ar an tslí a mbíodh cinntí á ndéanamh ag daoine, beag beann ar a chéile agus uaireanta go rúnda – bhí sé sin mar bhunúdar na n-eachtraí náireacha le roinnt seachtainí anuas,” a dúirt an t-ardstiúrthóir nua.

Dúirt Bakhurst go bhfoilseofaí feasta i dtuarascálacha bliantúla RTÉ tuarastail bhaill an fheidhmeannais nua in éineacht leis na sonraí faoin bpá a fhaigheann an deichniúr láithreoirí is fearr íoctha.

Dúirt sé go gcaithfí cultúr RTÉ a athrú ón mbarr anuas.

Chaithfeadh RTÉ athrú go pras le go mbeadh sé dírithe ar an bpobal agus ar an tseirbhís a chuirtear ar fáil dóibh, ar sé.

Chaithfí “éisteacht”, a bheith “oscailte” agus “trédhearcach” agus cloí go docht le dianchleachtais nua rialachais.

Seirbhís craoltóireachta phoiblí gur féidir a bheith “bródúil” aisti sprioc na n-athruithe.

Foilseofar Clár Leasanna d’fhoireann agus do chonraitheoirí RTÉ agus beidh ar lucht bainistíochta freisin tuairisc a thabhairt faoi aon sárú ar rialacha iriseoireachta a d’fhéadfadh tarlú.

Chuir Cathaoirleach Bhord RTÉ Siún Ní Raghallaigh agus Aire na Meán Catherine Martin fáilte roimh ráiteas Bakhurst.

Leis an seanfhocal Gaeilge ‘ní neart go cur le chéile’ a chuir Ard-Stiúrthóir nua RTÉ críoch lena ríomhphost chuig an bhfoireann.

Tá Bakhurst ag cur tús inniu lena phost nua agus RTÉ ag dul isteach sa tríú seachtain de chonspóid na n-íocaíochtaí ceilte agus an ghéarchéim a lean.

Tá ráite ag Kevin Bakhurst go raibh muinín an phobail in RTÉ “creimthe” go mór agus gur deineadh go leor dochair do RTÉ le cúpla seachtain anuas. Dúirt sé go raibh “crá croí” ag baint le bheith ag féachaint ar RTÉ agus é sáinnithe i gconspóid, conspóid ar thug Cathaoirleach an Bhoird, Siún Ní Raghallaigh, an eachtra is measa i stair an chraoltóra uirthi.

Deir Bakhurst gurb é an cúram a bheidh air ná muinín an phobail agus na foirnea fháil ar ais.

Fág freagra ar 'Bord feidhmiúcháin RTÉ á scor ag an ardstiúrthóir nua'