Bíonn an iomarca den aisteoireacht pháistiúil ag coistí an Oireachtais

Dhéanfadh coistí Oireachtais a leas féin dá gcuirfí srian ar an ngéire is an gheáitsíocht

Bíonn an iomarca den aisteoireacht pháistiúil ag coistí an Oireachtais

Níor chruthaigh a ndúirt Catherine Martin le cruinniú choiste na meán Dé Máirt go raibh a ndearna sí ceart go hiomlán ná mícheart go hiomlán.

Ach ba thábhachtaí ná freagraí a chruthódh go raibh a ndearna an t-aire gan locht, nó a mhalairt, gur tugadh deis don choiste í a cheistiú faoin bhfáth gur éirigh cathaoirleach RTÉ Siún Ní Raghallaigh as a post.

Ní nach ionadh, threisigh ceistiú an aire an t-amhras agus imní atá ar chaon taobh i dTeach Laighean faoi dhrochstaid RTÉ. Ní léir fós go bhfuil sé ar chumas RTÉ tuairisc chruinn a sholáthar ar an ngortghlanadh a theastaíonn leis an drochriar a d’fhág an iarbhainistíocht ina diaidh a leigheas.

Is mó ná riamh mar sin an tionchar a bheidh ag na cruinnithe eile atá beartaithe ag dhá choiste Oireachtais ar dhearcadh an rialtais agus an phobail ar RTÉ. Is dlúthchuid de chúram na gcoistí é airí a cheistiú mar a ceistíodh Catherine Martin, ach is doimhne go mór an chuid eile dá gclár oibre.

Is casta agus is achrannaí an cur chuige a theastaíonn agus coiste i mbun fiosruithe a bhaineann le daoine nach polaiteoirí iad agus le hábhair nár fiosraíodh cheana. Go háirithe má chuireann iniúchadh coiste Oireachtais moill ar chinneadh rialtais.

Tá dhá choiste i lár an aonaigh fós maidir le cíoradh na mbeartas a d’fhág RTÉ i sáinn agus a léireoidh don phobal go bhfuil an eagraíocht ar chonair chun feabhais (má tá).

Is ríléir faoin am seo cúiseanna imní maidir lena gcur chuige. Seo deich gcúis gur chóir a bheith imníoch:

GEÁITSÍOCHT

Toisc nach mbíonn toradh fiúntach riamh ar aisteoireacht pháistiúil, rud a fheictear rómhinic le linn chruinnithe na gcoistí agus ábhar atá i mbéal an phobail á phlé. Is ríléir le breis agus leathbhliain go bhfuil cúrsaí go dona in RTÉ. Ní theastaíonn geáitsíocht ná áibhéil chun drochriar san eagraíocht sin a nochtadh.

AIMSIÚ NA FÍRINNE

Toisc nach bhfuil sé ceart ná cothrom go dtabharfadh coiste Oireachtais géarbhreithiúnas roimh ré ar dhaoine ná ar a ndearna siad amhail gur os comhair cúirte atá siad. Ní hionann coiste agus cúirt, agus ní hionann tuairimíocht cheal lán-fhianaise agus cothrom na Féinne.

FIOSRÚ

Toisc nach bhfiosraíonn an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste caiteachas in RTÉ nó i gCumann Peile na hÉireann (an FAI) nó in eagrais eile a fhaigheann airgead ón stát mar a fhiosraíonn sé cuntais na ranna rialtais. Ní bhíonn faisnéis thomhaiste ag na coistí mar sin agus finnéithe á gceistiú acu. Bíonn orthu faisnéis a lorg, a chíoradh, agus a iniúchadh – saothar ba chóir a chur i gcrích go hiomlán agus go cothrom.

STUAIM

Toisc go nglactar leis anois ar chaon taobh i Teach Laighean gur chóir don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste caiteachas RTÉ a iniúchadh feasta, mar a dhéanann sé gach bliain i ranna rialtais. Go dtí go n-iarrtar air an obair bhreise a dhéanamh, teastaíonn stuaim sna coistí. Mar a theastaíonn i gcónaí cheal eolais.

IRISEOIRÍ 

Toisc go mbíonn cathú ar iriseoirí, agus an scríbhneoir seo ina measc, aird a tharraingt ar áibhéil, ar achasáin agus rómhinic ar amaidí i dTeach Laighean. “Má chuireann gach duine ceisteanna réasúnta agus má sheachnaímid áibhéil,” a dúirt iarchathaoirleach le Tuairisc, “ní bheidh focal faoi sna nuachtáin. Ach má théimid thar fóir ar dhóigh ar bith nó má bhíonn raic eadrainn, beidh aird ag na meáin air.” Bhí an ceart aige faraor.

AITHRIS

Toisc go dtarraingíonn galamaisíocht agus mífhreagracht an mhionlaigh drochmheas ar choistí an Oireachtais nach dtuilleann a bhformhór. Toisc go seachnaíonn siad aisteoireacht pháistiúil agus géire leibideach de ghnáth. Toisc go bhfuil baol ann faoi láthair áfach agus olltoghchán romhainn go ndéanfaidh comhaltaí eile de na coistí aithris ar áibhéil an mhionlaigh.

SCANNAL 

Toisc nár chóir a thabhairt le fios, go hoscailte na go hindíreach, gur scannal as cuimse é an scéal atá á iniúchadh ag coiste go dtí go léiríonn an fhianaise go soiléir gur cosúil go bhfuil a leithéid i gceist. Fiú más léir scannal nó mórfhaillí riaracháin (déan do rogha i gcás RTÉ) ní foláir tabhairt faoin gceistiú a theastaíonn go cúramach gan daoine a chiontú cheal lán-fhianaise.

ÁIFÉIS 

Toisc go ndéanfadh comhaltaí na gcoistí a leas féin agus leas an phobail dá ndéanfaidís comhordú ar cheistiú. Thug beo-chraoladh chruinnithe na gcoistí deis don phobal neamhaird na gcomhaltaí ar a chéile a thabhairt faoi deara agus an cheist chéanna á cur ar an bhfinné céanna arís agus arís eile – gan aon chur isteach ó chathaoirligh de ghnáth.

Áiféis eile: cúrsaí RTÉ á bplé ag dhá choiste Oireachtais ag an am céanna.

IOMAÍOCHT

Toisc go mbíonn an meon ionsaitheach chomh mór i réim ar choistí uaireanta gur léir iomaíocht idir na comhaltaí féachaint cé is fearr a bheidh ábalta cúpla focal géar a rá a chuirfidh a bpoiblíocht phearsanta chun cinn ar líne nó sna meáin. Ní hamhlaidh an scéal i ngach coiste ná le linn gach uile chruinniú, ach léirigh na cruinnithe a phléigh scéal RTÉ treisiú an drochnóis.

PRÍOMHAIDHM

Toisc nach cluichíocht pholaitiúil atá de dhíth anois ach leigheas ar dhrochscéal RTÉ chomh maith le cosaint ar chraoltóireacht seirbhíse poiblí – a deirtear ar chaon taobh i dTeach Laighean atá riachtanach.

Fág freagra ar 'Bíonn an iomarca den aisteoireacht pháistiúil ag coistí an Oireachtais'

  • Eoin Ó Murchú

    Aontaím ar fad. Cibé meas a bheadh ar pholaiteoirí cailltear é nuair a fhulaingíonn muid an an galamaisíocht a bhíonn ar siúl acu ag na coistí.