Bíodh Gaeilge taobh thiar den droichead, ach Béarla a theastaíonn i Staid an Phiarsaigh!

Is iontach an muineál atá ag Cumann Lúthchleas Gael Staid an Phiarsaigh a thabhairt ar an bpáirc seo

Bíodh Gaeilge taobh thiar den droichead, ach Béarla a theastaíonn i Staid an Phiarsaigh!

Ag cluiche ceathrú ceannais i Staid an Phiarsaigh ar an Satharn, i bhfad sula bhfuair Shauna Howley cúilín an bhua do Mhaigh Eo sna soicindí deireanacha, bhí mo lá curtha ó mhaith orm ag údaráis na páirce.

Is iontach an muineál atá ag Cumann Lúthchleas Gael Staid an Phiarsaigh a thabhairt ar an bpáirc agus dhá chontae Ghaelacha ag imirt ansin agus gan focal Gaeilge sna fógraí. Ní hamháin saor ach Gaelach an fhís a bhí ag an bhfear sin.

Bhí go leor foirne leanaí óga ansin as an dá chontae ach má bhí taispeánadh go praiticiúil dóibh nach gcreideann na húdaráis ansin gur cathair dhátheangach í Gaillimh, cé go bhfuil an pháirc sin taobh thiar den Choirib, i gConamara, agus gurb é TG4 a bunaíodh le bheith ina stáisiún Gaelach a dhéanann urraíocht ar an gcomórtas a bhí ar siúl ar an bpáirc.

Cén teachtaireacht a tugadh don phlód mór leanaí ó chlub Naomh Anna Leitir Móir, a bhí istigh ansin lena dtraenálaithe agus a muintir, faoina dteanga agus iad ina gcónaí sa Limistéar Pleanála Teanga is dílse don Ghaeilge? Bíodh Gaeilge agaibh taobh thiar den droichead más maith libh agus teastóidh Béarla uaibh i Staid an Phiarsaigh!

‘Now could I have your attention for Amhrán na bhFiann,’ a fógraíodh orainn ón gcallaire. Is beag nár thacht na focla “faoin tíorán ná faoin tráill” mé agus fios maith agam go mba iadsan a bhí i gceannas na páirce an lá sin. An teanga chéanna a úsáideadh do gach fógra eile, fiú ainmneacha an dá chontae. Cumann Peil Gael na mBan (teideal nach mbainim fhéin aon mheabhair as) a reáchtálann an comórtas seo ach is le Cumann Lúthchleas Gael an staid agus ag breathnú ar shuíomh an chumainn sin dom deirtear liom go bhfuil “Coiste Náisiúnta na Gaeilge lonnaithe i bPáirc an Chrócaigh chun polasaí a fhorbairt chun an Ghaeilge a chur chun cinn go praiticiúil i gcomhar leis an Oifigeach Gaeilge”.

Bhuel cheapfá gur bealach sách praiticiúil fáilte a chur romhainn féin agus ár n-amhrán náisiúnta i nGaeilge.

Ní taobh leis sin a ndíograis mar deir an Cumann go bhfuil sé “de dhualgas ar gach club sa tír Oifigeach Gaeilge/Cultúir a cheapadh” agus go bhfuil “dhá leabhrán ann le treoir agus cabhair a thabhairt do na hOifigigh sin”. Mura miste liom é, tabharfaidh oifigeach agus coiste Gaeilge an chumainn “cabhair agus tacaíocht d’eagrais eile a bhíonn ag cur chun cinn na Gaeilge”. Nár dheas dá dtabharfaidís comhairle bheag do Chumann Peil Gael na mBan nó d’údaráis Staid an Phiarsaigh?

Tá Clár an Lae agus ainm an dá chontae ar an gclúdach i nGaeilge. Tá ainm chaptaen na Gaillimhe Sarah Ní Loingsigh agus a club Naomh Anna Leitir Móir i nGaeilge chomh maith le fógra TG4 ar an gclúdach cúil ach caithfimid teacht le Quarter Finals agus TG4 All Ireland Ladies agus Pearse Stadium, Salthill, Galway.

Tá achoimre bhreá i mBéarla, an TG4 Championship Overview, ar an gcomórtas go dtí seo gan oiread is focal amháin féin di i nGaeilge. Múisiam a chuirfeadh sin orm murach na haidhmeanna uaisle a luann CLG agus TG4 ach colg a ghineann an cur i gcéill agus an dúire cultúir sin.

1-6 v 0-10 an scór deiridh a bhí ar an bpáirc ach comhscór a bhí ag Cumann Lúthchleas Gael agus Cumann Peil Gael na mBan, 0-0 v 0-0.

Fág freagra ar 'Bíodh Gaeilge taobh thiar den droichead, ach Béarla a theastaíonn i Staid an Phiarsaigh!'

  • Pádraig Dunne

    Nach dtuigeann sibh fós?

  • Colm

    Beag a’baol go bhfuil maorlathas TG4 ag tabhairt a ndúshlán don GAA i leith an an Bhéarlachais. Ar a laghad, a cholúnaí, seinneadh Amhrán na bhFiann ar an lá, níor déanadh nuair a bhí peileadóirí na Gaillimhe ag imirt sa Staid i mí Bealtaine ach sin scéal eile…..

  • jpmorley0@gmail.com

    Cóip den alt seo seolta ar aghaidh agam ‘dtí oifigh CLG, Gaillimh… cc “tíorán & tráill”.

  • Aindriú

    Scéal uafásach! Go háireaid is gasúir Gaeltachta ar an bpáirc. Cé go bhfuil án obair á déanamh ag cumainn i leith na Gaeilge timpeall na tíre is iad faoi scáth scéim Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha níl an obair sin ag dul níos airde ná na Cumainn faraor ach é sin raite b’fhéidir gur ar an Lgfa an locht anseo. Ach nach gcuireann sé seo ceist faoi na pleananna teanga, Plean Teanga Chathair na Gaillimhe? Céard atá tarlú leis an bplean sin? Ní fheicim mórán ag tarlú ar na meáin seachas pop ups is maidineacha chaife. nach bhfuil an spóirt luaite sna bearta?

  • Seán Mag Leannáin

    Náireach an scéal é nach féidir le CLG chontae na Gaillimhe iarracht dá laghad a dhéanamh ar son na Gaeilge. Cuirim é seo i gcomparáid le mo chontae féin Cill Mhantáin, áit nach raibh Gaeltacht ann leis na gliúnta fada. Tá múinteoir óg Shane Byrne ina oifigeach Gaeilge diograiseach anseo agus i measc go leor rudaí eile cinntíonn Shane go mbíonn na fógraí ag na cluichí sa pháirc chontae in Eachroim i gcónaí dátheangach agus de ghnáth tús áite tugtha don Ghaeilge. Lucht bainistíochta Staid an Phiarsaigh, ba chóir dhaoibh bhur gceann a chromadh le náire.