Bímis mórálach as ár sinsir agus as an oideachas a chuir siad orainn

Ar a seanmháthair a chuimhnigh ár gcolúnaí agus í ag caint le fear tacsaí as Gána i nGaillimh le gairid

Bímis mórálach as ár sinsir agus as an oideachas a chuir siad orainn

Ar an 26 Aibreán 1911 sheol an SS Caronia ó Queenstown i gCorcaigh go Nua-Eabhrac. Bhí liosta mór fada d’ainmneacha Éireannacha le feiceáil ar ‘manifest’ na loinge. Thángadar ó Luimneach, ó Bhéal Átha na Muice, ó Dhroim Seanbhó, ó Bhealach a’ Doirín agus ón iliomad bailte ar fud na hÉireann. I measc na sluaite Éireannach a chuaigh ar bord na loinge ann, bhí dream beag ó Mhainistir Aodáin, gar do Bhealach a’Doirín, mo sheanmháthair Nora Corcoran ina measc. Bhí sí 19 bliain d’aois.

Bean óg shingil a bhí inti agus phós sí mo sheanathair Ted Surlis i Nua-Eabhrac. Sin é an fáth gur saoránach de chuid na Stát Aontaithe ab ea mo mháthair Áine a rugadh i Nua-Eabhrac sa mbliain 1918. Bheadh sí 100 bliain d’aois dá mairfeadh sí chomh fada lena lá breithe an tseachtain seo chugainn.

Nuair a baisteadh í in Brooklyn, Nua-Eabhrac, rinneadh botún i litriú a hainm- ‘Anasia’ seachas ‘Anastasia’. B’éigean di cloí leis an litriú mícheart nuair a bhí sí ag cur isteach ar phas Meiriceánach blianta ina dhiaidh sin. (Bhí mo dheartháir in ann ceart a bhaint as an bpas sin nuair a bhí sé féin ag iarraidh dul ar imirce go dtí na Stáit blianta ina dhiaidh sin.)

Nuair a bhí mo mháthair bliain go leith d’aois chinn Ted agus Nora filleadh ar an mbaile – rud nár gnách le hÉireannaigh a dhéanamh ag an am. Ach bhí Nora lán le dóchas faoin Stát nua a bhí le teacht sa mbaile. ‘Beidh Rialtas nua ann,’ a dúirt sí. ‘Cuirfimid oideachas ar ár gcuid páistí in Éirinn.’

Saghas aisling a bhí sa méid sin – ní raibh aon chóras nua oideachais leagtha amach, agus ní raibh a fhios ag éinne céard a thiocfadh as na blianta corraitheacha sin in Éirinn. Ach bhí sí an-tógtha leis an smaoineamh seo a bhí aici- gur fearr an seans a bheadh acu sa tír seo.

Deichniúr páistí (a mhair) a bhí acu. Chuir sí oideachas maith ar chuile dhuine acu. Go deimhin dhéanadh sí staidéar ar thorthaí na scrúduithe sna scoileanna thart uirthi, sula ndéanfadh sí cinneadh faoin áit a gcuirfeadh sí gasúr chun na scoile. Cuid díobh, chuir sí ar an gcarr capaill iad chuig scoileanna píosa ón mbaile, toisc gur chuala sí tuairiscí maithe faoi mháistir/mháistreás  scoile éigin. D’fhanadar ar lóistín go minic.

Chuimhnigh mé ar Nora agus na pleananna a bhí aici agus mé i dtacsaí i nGaillimh le gairid. As Gána ó thús mo thiománaí tacsaí, Simon. Chuaigh an tacsaí thar Choláiste Mhuire i nGaillimh. Crochta os cionn bhalla an Choláiste bhí póstaer mór ag fógairt gaiscí agus éachtaí na mac léinn. (Tá pictiúir dá leithéid le feiceáil freisin ar an suíomh idirlín atá acu.)

Daltaí Choláiste Mhuire

Ar nós scoileanna eile thart faoin tír, tá daltaí ag freastal ar Choláiste Mhuire gur as tír éigin eile dá gcuid tuismitheoirí. Tá siad ag déanamh thar cionn agus an scoil bródúil astu.

‘Sin é an fáth gur tháinig mise go hÉirinn,’ a dúirt Simon, an tiománaí liom. ‘Oideachas. Bhí mé ag iarraidh oideachas a chur ar mo chuid gasúr in Éirinn.’

Bíonn an téama céanna ag rith tríd na haltanna ar fad a scríobhtar faoi imircigh Éireannacha ag filleadh ar an mbaile. Oideachas. Is cuma cén saol iontach a bhíonn acu thar lear, nuair a bhíonn páistí acu, cuimhníonn siad ar an mbaile agus ar an oideachas a bheas acu in Éirinn.

Deirtear gur de bhunadh tír éigin eile 17% de dhaonra na hÉireann anois. Ní aithneodh Ted agus Nora an tír in 2018. Ach is ar éigean a d’aithin siad í nuair a d’fhill siad i 1920. Nuair a d’fhág siad Queenstown bhíodar ina ‘ngéillsinigh’ de chuid na Ríocht Aontaithe. Ní raibh focal Gaeilge ag ceachtar acu. (D’úsáid na gasúir Gaeilge mar ‘cód’ nuair a bhíodar ag iarraidh labhairt faoi ábhar a bhí rúnda- céilí, damhsa, siúl amach…)

Bímis mórálach as ár sinsir a d’oibrigh go crua, agus arbh éigean dóibh dul ar imirce agus iad an-óg. Bímis mórálach as an oideachas a chuir siad orainn. Agus féach na hathruithe atá tarlaithe sa tír. Garuncail liom PJ, a chuaigh ar imirce in éineacht le Ted, d’fhan mé leis uair amháin i Long Island. Níor fhill sé riamh. D’fhiafraigh sé díom an raibh an cheárta fós i Sráid na Beairice i mBealach a’ Doirín. Is dócha gur ag cuimhneamh ar an gcarr capaill a thug ag an stáisiún traenach é a bhí sé. Nuair a smaoinigh sé ar an mbaile, chonaic sé capaill agus an tírdhreach thart ar Mhainistir Aodáin.

Ach tá sé thar am againn a bheith mórálach as an 17% a oibríonn go crua sa tír seo agus a chuireann oideachas ar a gcuid páistí sna scoileanna in Éirinn. Tá sé thar am go bhfeicfimis iad in áiteanna eile seachas ar phóstaeir taobh amuigh de scoileanna. Tá ciall níos leithne ná cearta na mban ag baint le ‘diversity’.

B’fhéidir nach n-aithneodh Ted agus Nora agus an páiste Anastáis Éire an lae inniu. Ach d’aithneoidís scéal na himirce, an dúil san oideachas agus buntáistí na héagsúlachta.

Feliz Cumpleaños, a Anastáis – tá céile garmhic ón Spáinn agat anois.

Fág freagra ar 'Bímis mórálach as ár sinsir agus as an oideachas a chuir siad orainn'