Bille teanga ar liosta nua tosaíochtaí an Rialtais

Ghlac an Rialtas i mBealtaine 2017 le ceannteidil an Bhille a bhfuil sé mar ‘chuspóir’ aige go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge

Bille teanga ar liosta nua tosaíochtaí an Rialtais

Tá an bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha ar liosta tosaíochtaí an Rialtais ó thaobh reachtaíochta do sheisiún an tsamhraidh sa Dáil.

An Príomh-Aoire agus Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne a d’fhógair an liosta tráthnóna den 30 píosa reachtaíochta a bhfuil tús áite á thabhairt ag an Rialtas dóibh as seo go dtí tús shos an tsamhraidh.

Ní hé seo an chéad uair don reachtaíocht teanga a bheith ar liosta dá leithéid agus tá breis is seacht mbliana ann ó cuireadh tús leis an bpróiseas chun leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha.

Ba é an Breatimeacht an t-údar is déanaí a tugadh leis an moill ar fhoilsiú na reachtaíochta.

Tá os cionn seacht mbliana ann ó cuireadh próiseas comhairliúcháin phoiblí ar bun maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha agus, idir an dá linn, gealladh go minic go bhfoilseofaí an reachtaíocht.

Ghlac an Rialtas i mí na Bealtaine 2017 le ceannteidil an Bhille a bhfuil sé mar “chuspóir” aige go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeadh “gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa nGaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge”. De réir na gceannteideal, chuirfí deireadh freisin le córas na scéimeanna teanga agus chuirfí córas nua ar bun maidir le daoine le Gaeilge a earcú sa státseirbhís.

Foilsíodh ceannteidil leasaithe eile in 2014, ach cuireadh go leataobh an dréachtreachtaíocht ina dhiaidh sin nuair a mhaígh an Coimisinéir Teanga, eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra gur bheag a dhéanfadh sí chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill in 2017 go raibh “céim mhór chun cinn” i gceist leis na ceannteidil nua “le hais na gcinn a foilsíodh in 2014” agus chuir idir eagraíochtaí teanga agus pholaiteoirí an fhreasúra fáilte roimh an dréachtreachtaíocht.

Beifear ag súil anois go bhfeicfear faoi dheireadh an Bille féin go luath agus gur cathair mar a tuairisc a bheidh ann.

Fág freagra ar 'Bille teanga ar liosta nua tosaíochtaí an Rialtais'

  • Meánscoileanna LánGhaeilge ag teastáil i ngaxh baile mór

    Teastóidh tuilleadh meánscoileanna LánGhaeilge chun Gaeilgeoirí a chur ar fáil don Státchóras. Níl aistritheoirí, múinteoirí Ghaeilge, múinteoirí le Gaeilge, bainisteoirí le Gaeilge srl ar fáil.
    Is léir go mbeidh níos mó deiseanna ann do Ghaeilgeoirí ach ní thugann an Ardteiste Ardleibhéil áiféiseach ró-shimplí aon deis dos na daltaí sna meánscoileanna LánGhaeilge caighdeán ard a bhaint amach i labhairt agus scríobh na Gaeilge.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is breá a chloisteáil arís go bhfuil an bille chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú fós ar chlár reachtaíochta an rialtais. Beagnach 3 bhliain ó shin chuireas agallamh ar Sheán Kyne a bhí nua cheapaithe sa phost ag an am i gceannas ar Roinn na Gaeltachta. Chuireas ceist air faoin mbille leasaithe thuasluaite. Ag an bpoinnte sin, beagnach 3 bhliain ó shin, bhí Roinn na Gaeltachta ag plé leis an mbille leasaithe le 5 bhliain. Idir an dá linn tá roinnt comhlachtaí nua poiblí bunaithe nach dtagann faoin reachtaíocht, mar shampla Uisce Éireann. Ní thógann sé ach Ionstraim Reachtúil (SI) ón Aire lena chinntiú go mbeidh ar na comhlachtaí nua poiblí tíocht faoin reachtaíocht. “Tá a ‘fhios agam go bhfuil an chumacht agam ó thaobh an Achta atá ann faoi láthair, é sin [Uisce Éireann a thógáil faoin Acht Teanga] a dhéanamh” a dúirt sé liom beagnach 3 bhliain ó shin. Ní ghá fanacht ar na leasaithe ar an Acht le cearta teanga a thabhairt dúinn agus muid ag déileál le Uisce Éireann agus roinnt eile comhlachtaí poiblí atá bunaithe le blianta beaga anuas. Cén fáth an moill?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘…mar “chuspóir” aige go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeadh “gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa nGaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge”.’

    An earnáil phoiblí arís. Ag caitheamh cainteoirí Gaeilge isteach le cainteoirí Béarla – cuid acu agus gráin acu don Ghaeilg – agus gan tacaíocht ná gréasán comhairleoireachta ar bith ann daofa! Ní aithníonn na ceardchumainn an Ghaeilg fiú!! Agus leoga, níl na ceardchumainn chun faic a dhéanamh ar son na Gaeilge mar nach dtagann cearta teanga faoi na cearta daonna a bhíonn siadsan ag troid ar son.

    ‘…20%…ina gcainteoirí Gaeilge…’

    Caidé’n mhaith bheith i do chainteoir Gaeilge nuair nach ndéanann an tseirbhís phoiblí an Ghaeilg agus úsáid na Gaeilge a chuir chun cinn don phobal? D’oibrigh mé san earnáil phoiblí agus sé’n míniú a tugadh domh maidir le ‘seirbhísí trí mheán na Gaeilge’ ná go raibh dualgas ar bhaill den phobal an chéad chéim a ghlacadh agus seirbhís trí Ghaeilge a iarriadh ar tús!! Ní raibh plean ná straitéis ar bith ann leis an Ghaeilg a chuir os comhair an phobail chun cuidiú leo teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí stáit trí mheán na Gaeilge!! Amaidí!! Agus, dár ndóighe, coinnítear an Ghaeilg i bhfolach, sé sin, níl sí le feiceáil ar fhoirmeacha iarratais, ar shuímh gréasán, ar phoiblíocht/fhógraíocht ach amháin má dhéantar cuardú ar an leagan Gaeilge nó má iarrtar leagan Gaeilge a chuir ar fáil. Ní iontas ar bith Béarlóirí (Éireannaigh) ag rá nach raibh feidhm riamh acu d’úsáid na Gaeilge – mar ní raibh sí feiceálach áit ar bith, am ar bith!!

    Tá sé i bhfad thar am dualgas Gaeilge a chuir ar an earnáil PHRÍOBHÁIDEACH nó níl achan duine chun post a ghlacadh san earnáil phoiblí.

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!!