Beidh Joe Biden ar an gceathrú huachtarán de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá a thabharfaidh aitheasc i nDáil Éireann nuair a labhróidh sé le Teachtaí Dála agus Seanadóirí inniu.
Tá baill an Oireachtais ag filleadh go speisialta ó shos na Cásca don ócáid seo inniu atá mar chuid de chuairt ceithre lá Uachtarán Mheiriceá ar Éirinn.
Roimh an óráid sin ag 3.45pm tráthnóna, beidh cruinnithe ag an Uachtarán Biden le hUachtarán na tíre seo, Micheál D Ó hUigínn, agus leis an Taoiseach Leo Varadkar.
“An comhoibriú dlúth atá eadrainn faoi réimse leathan dúshlán domhanda” a bheidh faoi chaibidil ag na cruinnithe sin, a dúirt lucht Biden.
Oíche anocht reáchtálfar féasta oifigiúil don Uachtarán Biden i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Fearacht na n-uachtarán eile as Meiriceá a rinne píosa cainte i nDáil Éireann – John F Kennedy, Ronald Reagan agus Bill Clinton – an Ceann Comhairle a chuirfidh Biden i láthair an Oireachtais agus Cathaoirleach an tSeanaid a ghabhfaidh buíochas leis i ndiaidh na hóráide.
Ní bheidh aon deis chainte ag polaiteoirí eile.
Meastar go ndíreoidh an tUachtarán Biden ar théama na síochána ina aitheasc inniu, mar a rinne sé inné agus é ag caint i gColáiste Uladh i mBéal Feirste.
Sular fhág sé Meiriceá, dúirt Biden gurb í príomhchúis a thurais ná “an tsíocháin a choimeád slán”.
Meastar go bpléifidh Biden sa Dáil chomh maith na ceangail idir Éirinn agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ó thaobh na staire de, a chúlra Éireannach féin agus na mianta atá i gcoitinne ag an dá thír sa lá atá inniu ann.
I ndiaidh a óráide i mBéal Feirste inné, thug Joe Biden a aghaidh ar Chontae Lú, áit dúchais James Finnegan, a shin-seanathair.
Thug Biden cuairt ar Chairlinn ar Leithinis Chuaille mar a bhfuil cónaí ar chuid dá dhaoine muinteartha.
Thug sé sé cuairt freisin ar an gcaisleán Normannach i gCairlinn sular ghabh sé go Dún Dealgan le sciuird de shiúl na gcos a thabhairt ar lár an bhaile.
“Tá sé mar a bheifeá ag filleadh ar an mbaile,” arsa Biden agus é ag caint in The Windsor Bar i nDún Dealgan.
“Na hÉireannaigh an t-aon dream ar domhan, dar liomsa, a mbíonn cumha orthu faoin todhchaí,” ar sé.
Dúirt Joe Biden i mBéal Feirste inné go bhfuil ceart ag an uile pháiste a shaolaítear sa Tuaisceart ar an tsíocháin agus go gcaithfear an ceart sin a chinntiú.
Dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, go raibh súil aige go n-athbhunófaí Rialtas Stormont go luath.
Dúirt sé gurb é tráth “na hathbheochana” é ó thaobh na síochána agus comóradh á dhéanamh ar 25 bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Is annamh aon chonspóid rómhór ag baint le haithisc uachtaráin Mheiriceá don Oireachtas, ach roimh thús óráid Reagan i 1984, bhí ar an gCeann Comhairle iarraidh ar Pháirtí na nOibrithe gan a bheith ag cur isteach ar chaint an Uachtaráin.
D’fhág triúr Teachtaí Dála de chuid na heite clé le linn na hócáide – Tony Gregory, Tomás Mac Giolla agus Proinsias De Rossa.
Eagraíodh neart agóidí in aghaidh pholasaí gnóthaí eachtracha Reagan le linn a chuairte ar Éirinn, go háirithe a pholasaí i leith tíortha áirithe i Meiriceá Theas.
Tá baghcat á dhéanamh ar ócáid an lae inniu i dTeach Laighean ag baill Phobal Seachas Brabús, a mhaígh nach aon fhear síochána Biden le fírinne agus gur aige atá an polasaí gnóthaí eachtracha “is míleata” ag aon uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá le fada.
I Maigh Eo, contae dúchais eile a shinsir, a chaithfidh sé an lá deireanach dá thuras amárach, tar éis dó eitilt as Baile Átha Cliath go dtí Aerfort Iarthar Éireann maidin Dé hAoine.
Bhí 500 duine i mbun agóide ag Aerfort na Sionainne nuair a tháinig Reagan, ina measc Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, a bhí ina sheanadóir an uair sin.
I mí an Mheithimh 1963, a labhair John F Kennedy i nDáil Éireann, i Meitheamh na bliana 1984 a thug Ronald Reagan a aitheasc don Oireachtas agus i mí na Nollag 1995 a labhair Bill Clinton le Teachtaí Dála agus Seanadóirí.
Dónall Mór Mac Billings
*****************************************************************************************
http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
*****************************************************************************************
Facebook/Don MacB Twitter @DonallMacBill YouTube @DonallMacBillings
(Cinnte go mbeidh Cinsearacht ar siúl arís agus arís eile ach d’ainneoin sin seo é —)
SEO cnánh na spairne i gcónaí ———–
Má tá socrú ann a thugann Ceannasaíocht na Sé Chontae do Shasana i gcónaí cén fáth nach mbeifear ag dúil fréasúra mar a tharla le 800 bliain le Réabhlóid/Éirithe Amach éagsúla ???
Maith sibh ‘A Jeffrey Donaldson’ agus ‘A Richie’agus ‘A Sheosaimh’.
Cuir Jeffrey an dallamulóg oraibh uilig !!!
Maith sibh ‘A Jeffrey Donaldson’ agus ‘A Richie’ is ag dul i dtreo Éire Aontaithe atá sibh agus :——
Chomh cinnte is atá cros ar asal agus táim cinnte go bhfuil, tiocfaidh plé, díospóireacht agus poblailbhreith faoin teoireann le toradh déarfa a fháil réidh le críochdheighilt.
Ansin an bealach fada/nó gairid go ceann scríbe na bPoblachtach ‘Éire Aontaithe’ agus muid mar Phoblachtaigh ag dúil le Éire Shoisialach, Ghaelach, Neamh-eaglasta, Neamhsheicteach mar mhúnla don Tír Aontaithe Nua seo.
Ach baineann dhá fhadhb leis an fhís seo.
An mbeidh Caitlicigh/Náisiúnaigh( cuid acu), aontaithe faoin idé-eolaíocht phoblachtach nó an mbeidh siad ró-chleachtadh leis an Saol Caipitileach Anglo-Mhéiriceánach agus an Béarla ag teoiriú an tSochaí leis an nasc Breatanach.
Bheul, caidé faoin darna fadhb ag dul i dtreo na Tíre Aontaithe seo, na hAontachtóirí nó Protasúnaigh(cuid mhór acu) . Muna mbeidh siadsan sásta d’fhéadfaí an darna cogadh cathartha a bheith ar siúl.
Scor ar bith beidh na Sasanaigh sáite ina bhfadhbanna féin le boilsciú gurbh fhearr leo fáil réidh leis an fhadhb a chruthaigh siadsan sa chéad dul siós( cé nár adhmaigh siad sin in am ar bith ). Ba lucht déanta na síochána iad i gcónaí mar an gcéanna leis an Saorstát, dar leo.
Ach cá huair a raibh Meiriceá(SAM) ina ‘Teachtaire na Síochána’ ó Vietam go Afganistan ???
Impireacht an Caipitileachais í.
Leis an scéal a dhéanamh gairid agus ní scéal gairid é. Ní mór dúinn a thoiseacht á dhéanamh ag cruthú an ‘Éire Nua’ casta seo.
(tuilleadh le teacht amach anseo)
Is mise le dóchas mór agus ceol binn na n-éan
Dónall Mór Mac Billings
Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
Iar-Chime Poblachtach (Saor anois agus cead mo chinn agam)
a bhí ina chónaí sa Ghaeltacht/Jailteacht,
i bPríosún Phort Laoise
Ardán 1
Bloc E
Éire
Focal scoir :—-
1. Bíonn ‘Ciorcail Chainte/Chomhra’ ar siúil i Longfort san Óstán Armais nó sa teach tabhairne ‘Eascabar ‘ nó i dTeach Tabhairne ‘Valentine’ gach Aoine ag 1.30 i.n.
Labhair í agus mairfidh sí.
2. Déan teagmháil liom i dtaobh ‘Ranganna Teagaisc’ le dul faoin Ard-Teistiméaracht nó cuidiú i dtaobh obair ollscoile.
Labhair í agus mairfidh sí.
*****************************************************************************************
http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
*****************************************************************************************