‘Bhídís amuigh sa ngairdín agus liathróidí ag dul go gealach, nó thíos san abhainn’ – cúigear deartháireacha ag iarraidh gaisce a dhéanamh don Spidéal

Imreoidh An Spidéal i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo agus cúigear de chlann Ui Laoi ag dul chun páirce

‘Bhídís amuigh sa ngairdín agus liathróidí ag dul go gealach, nó thíos san abhainn’ – cúigear deartháireacha ag iarraidh gaisce a dhéanamh don Spidéal

Lá mór a bheidh ann don Spidéal Dé Domhnaigh beag seo agus foireann peile an cheantair ar ais i gcluiche ceannais contae ach lá ar leith é do theaghlach amháin sa bparóiste.

Nuair a rachaidh foireann an Spidéil chun páirce i dTuaim i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe, beidh cúigear deartháireacha ó chlann Ui Laoi – Ciarán (36), Cormac (31), Antaine (28), Finnian (27) agus Cillian (21).

Bhí an ceathrar is sine mar chuid d’fhoireann an Spidéil a bhuaigh an chraobh chéanna in 2018 nuair a fuaireadar an ceann is fearr ar a gcomharsana ó Chois Fharraige, Micheál Breathnach, théis athimeartha. Ba ina mhaor uisce a bhí Cillian ag an am agus é ró-óg chun dul chun páirce lena dheartháireacha ach tá áit bainte amach aige ar an bhfoireann le blianta beaga anuas agus an bhuíon uile ag fáil réidh do chluiche an Domhnaigh nuair a thabharfaidh an Spidéal aghaidh ar an gCealtrach.

“Tá sé go deas,” a deir an deartháir is sine, Ciarán, faoi bheith ag imirt i dteannta a chéile. “Bhí an-phíosa chraic ann agus muid ag fás aníos agus muid ag imirt lena chéile. Anois, tá muid á dhéanamh amuigh ar an bpáirc leis an gclub só tá sé go deas.”

Tá nach mór fiche bliain anois caite ag Ciarán ag imirt leis an bhfoireann agus deir sé go magúil gur dúradh leis coinneáil ag treabhadh leis go dtí go mbeadh an cúigear le chéile.

“Bhíodh siad ag cur brú orm coinneáil orm ag imirt go dtí go dtiocfadh an leaid is óige. Tá sé sin tarlaithe le cúpla bliain anuas anois,” ar sé.

Cillian Ó Laoi ag imirt don Spidéal ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2025. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Naonúr ar fad atá sa gclann, an cúigear buachaillí agus beirt chailíní, rud a d’fhág go raibh an teach gnóthach i gcónaí ach is amuigh sa ngarraí a chaith na leaideanna formhór an ama ina n-óige.

“Bhíodh craic i gcónaí againn,” a deir Finnian. “Bhíodh muid i gcónaí taobh amuigh – roimh an scoil, théis na scoile. Bhí sé go deas a bheith in ann é sin a dhéanamh leis na deartháireacha.”

Cúramach go maith atá sé nuair a fhiafraítear de an mbíodh mórán scliúchais sna cluichí sin agus iad óg.

“Ní bheadh an oiread sin scéalta mar sin againn,” agus é leath ag gáire.

Ní bheadh siad feiliúnach don nuachtán tá mé a cheapadh,” a deir Antaine agus é ag briseadh isteach.

“An rud is mó is dóigh ná nach raibh aon duine ag iarraidh a bheith sa gcúl.” Ar chrann Chillian a thiteadh an cúram sin go minic, is léir.

Anois agus an cúigear ag réiteach do chluichí le chéile, cúrsaí peile a bhíonn faoi chaibidil sa teach ó mhaidin go hoíche ach, ag an am céanna, caithfear briseadh a thógáil anois agus arís, cé go mbíonn sé deacair.

“Is dóigh go ndéanann muid anailís i ndiaidh cluichí ach tiocfaidh an t-am go ndéarfaidh muid, ‘Okay, tá a ndóthain cainte déanta againn,’” arsa Antaine. “Is dóigh mo dheaide is measa a bheith ag caint faoin bpeil!”

Ní haon iontas sin agus Seosamh Ó Laoi, as Leitir Mealláin ó dhúchas, ina chathaoirleach ar CLG An Spidéal agus na blianta caite aige féin agus a bhean Caitríona ag tabhairt na ngasúir ó chluiche go cluiche. Ní i gcónaí a bhíonn sé in ann fanacht ina thost, áfach, go háirithe ag cluichí, mar a admhaíonn sé féin.

“Bímse ag béiceach. Bíonn na leaids ag rá liom, ‘Dad, fan socair thusa,’ ach faighim deacair é! Ach baineann muid an oiread sásaimh as. Is pribhléid é go bhfuil muid in ann dul ag an oiread seo cluichí,” ar sé.

“Tá muid ag an gcraic seo le hos cionn 30 bliain mar bhí siad i gcónaí ag imirt, bíodh sé ag leibhéal amháin nó ag leibhéal eile. Bheadh duine ag imirt cluiche lá amháin agus cluiche eile an lá ina dhiaidh ag duine eile acu, sin an chaoi a mbíodh sé.”

Ciarán, Antaine, Cormac agus Finnian lena athair Seosamh agus máthair Caitríona tar éis don Spidéal Craobh Idirmheánach Chonnacht a bhuachan in 2018. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

“Tharraingíodh siad go maith lena chéile i gcónaí,” a deir Caitríona. “Bhí sé deas go raibh cúpla duine acu ann mar bhídís amuigh sa ngairdín ag imirt agus liathróidí ag dul go gealach nó thíos san abhainn.”

Dar le comharsa a chónaíonn síos an bóthar, suas le céad liathróid a d’imigh le sruth ó theach Uí Laoi ó bhí na buachaillí ina ngasúir ach ina ainneoin sin agus na fuinneoga briste uilig, b’fhiú go mór é, a deir a dtuismitheoirí.

“Tá sé go hálainn go bhfuil an cúigear le chéile. An uair dheiridh, bhí Cillian ag tabhairt amach an uisce. Tá siad féin an-bhródúil as a bheith ag imirt le chéile agus don Spidéal, tá rud éigin speisialta faoi sin.”

Tá an obair tosaithe leis an gcéad ghlúin eile cheana féin chomh maith. Tá mac le Cormac, Micheál, anois ar dhuine de bhuíon bheag ógánach a bhíonn amuigh sa bpuiteach chuile oíche a mbíonn an Spidéal ag traenáil agus laochra déanta de ghaolta agus comharsana.

“Nuair a bhreathnaíonn tú siar ar go leor de na pictiúir [ó 2018], bhí Cillian agus Diarmuid Dunne ina maoir uisce i gcaitheamh na bliana. Bhí siad ag chuile thraenáil. Tá sé iontach go bhfuil na leaids sin ag imirt anois,” a deir Antaine.

“Tá leaids óga ag tabhairt cúnamh anois ag an traenáil agus le cúnamh Dé feicfidh muid iadsan ag imirt amach anseo chomh maith.”

Fág freagra ar '‘Bhídís amuigh sa ngairdín agus liathróidí ag dul go gealach, nó thíos san abhainn’ – cúigear deartháireacha ag iarraidh gaisce a dhéanamh don Spidéal'