An raibh a fhios agat go ndéanadh Igor Stravinsky seasamh lámh aon uair nach mbíodh a chuid cumadóireachta ceoil ag dul díreach mar ab áil leis? Chreid sé go silfeadh an fuinneamh ar ais go dtína cheann.
Agus an raibh a fhios agat go n-oibríodh Joan Miró óna seacht ar maidin go dtí meán lae, go gcaitheadh sé uair an chloig ag dornálaíocht nó ag rith ina dhiaidh sin agus go mbíodh sé i mbun péinteála arís tar éis am lóin, óna trí go dtína hocht tráthnóna?
Agus an raibh a fhios agat nach mbíodh Beethoven in ann feidhmiú mura mbíodh cupán caife déanta as 60 pónaire caife aige an chéad rud ar maidin (chomhaireadh sé féin na pónairí amach); nach raibh bord oibre dá cuid féin riamh ag Agatha Christie agus gur ina luí sa leaba a bhíodh Patricia Highsmith ag scríobh?
Tháinig mé ar an eolas sin ar fad i leabhar a cheannaigh mé ar €1.50 i siopa athláimhe an lá cheana, Daily Rituals: How Artists Work le Mason Currey. Leabhar don bhord caife atá ansin má chonaic mé ceann riamh, agus tá sé saghas fadálach má léann tú é d’aon iarraidh amháin mar a rinne mise (na scórtha scríbhneoirí, cumadóirí agus péinteálaithe ag éirí, ag dul ag obair agus ag dul a luí), ach spreag an cur síos ar ghnáthaimh oibre ealaíontóirí eile mé chun athbhreithniú a dhéanamh ar mo ghnáthaimh oibre féin.
Is é an chaoi go bhfuil siad sin trína chéile le tamall de mhíonna anuas.
Ar feadh na mblianta, agus cónaí orm sa Bhrasaíl, bhíodh an cur chuige céanna agam: d’éirínn ag a 5.30am, bhíodh dhá chupán caife agus babhla leite agam, thosaínn ag obair ag 7am, lón ag meán lae, dreas eile oibre ansin go dtí a 4 tráthnóna agus an t-ionad aclaíochta ina dhiaidh sin mar scaradh nádúrtha idir mo lá oibre agus mo chuid ama saor.
Ní hamháin go mbíodh mo lá oibre leagtha amach go néata ach bhí bord amháin agam don iriseoireacht agus bord eile i seomra eile don scríbhneoireacht chruthaitheach, an dá cheann iompaithe i dtreo an bhalla ionas nach mbainfeadh an radharc amach an fhuinneog m’aird den obair.
Ach ó bhog mé abhaile go dtí an Ísiltír i dtús na bliana seo de bharr cúrsaí teaghlaigh, tá mo sceideal oibre in aimhréidh. Bíonn cuid mhór den tráthnóna caite ag dul ar cuairt ar mo mháthair, a bhfuil cónaí uirthi in ionad cúraim, agus bíonn orm dul chuig an ionad aclaíochta ar maidin toisc go mbíonn an áit sin ag cur thar maoil aon am eile sa lá.
Agus cé go bhfuil bord oibre ar leith agam don iriseoireacht, is ag fánaíocht tríd an teach ar nós cait – seomra amháin an tseachtain seo agus seomra eile an tseachtain seo chugainn – a bhím leis an scríbhneoireacht chruthaitheach. Mar bharr ar an donas is ar an tolg a chríochnaím go minic, i mo luí agus mo ríomhaire glúine ar mo cheathrúna, agus bíonn pian i mo dhroim agam an lá arna mhárach.
An rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm in Daily Rituals: How Artists Work ná go mbíonn am ar leith sa lá ann nuair a bhíonn an t-ealaíontóir i mbarr a chumhachta: idir meán oíche agus a trí a chlog ar maidin mar shampla i gcás an scríbhneora ó Mheiriceá Ann Beattie, déithe na cruthaitheachta idir sinn agus an drochrud.
Ar maidin a bhíonn an Bhé i réim i m’aigne féin agus an chéad rud a rith liom agus athbhreithniú á dhéanamh agam ar mo sceideal oibre ná gur gá dom an t-am sin den lá a chur i leataobh go hiomlán don scríbhneoireacht arís – fiú má chiallaíonn sé sin go mbeidh an t-ionad aclaíochta lán go béal nuair a bheidh mé ag iarraidh dearmad a dhéanamh ansin ar chúrsaí oibre.
Marcas
Tá mise i gcónaí amhrasach faoi ealaíontóirí agus scríbhneoirí ag déanamh gaisce as a gcuid gnathaimh oibre leanúnacha. Cinnte, tá siad in ann cluiche den chineál seo á leanúint mar is ceart cúpla, nó trí, lá sa tseachtain, ach sin an méid. Agus rud eile de, in áit a bheith ag iarraidh comhluadar leamh fantaiseach leis an ‘Bhé’ ina ‘aigne féin’ gach maidin, b’fhearr dár gcolúnaí deashampla a dhéanamh agus cúl a thabhairt le cur amú ama dá chuid scrioblála cruthaithí – tá i bhfad barraíocht ficsean liteartha ar an saol seo. I bhfocail Bheckett: ‘… b’fhearr duit poill na bhfocal a líonadh isteach… ionas go ndealraíonn sé leis an rud atá ann, ainnise gan chiall, gan chaint, gan eisiúint.’