Bhí Monica cinnte gur ar a mbealach go Treblinka a bhí siad nuair a d’éirigh lena máthair fuinneog na traenach a oscailt

Taispeántas nua i gCaisleán Bhaile Átha Cliath é ‘Objects of Love’, a insíonn scéal teaghlach Giúdach amháin le linn an dara cogadh domhanda

Bhí Monica cinnte gur ar a mbealach go Treblinka a bhí siad nuair a d’éirigh lena máthair fuinneog na traenach a oscailt

Is ar chailín beag dhá bhliain go leith d’aois a bhíos ag smaoineamh nuair a bhreathnaigh mé amach trí fhuinneog an chaisleáin. Bhí bratach na hÉireann ar foluain agus daoine ag fáil faoi réir don ócáid mhór an lá ina dhiaidh sin. Bhí an Taoiseach ag siúl thart gan mórán stró ná cosúlacht na slándála a bheith timpeall air.

Nach luachmhar í an tsaoirse, a bhí mé ag rá liom féin. Nach deas an rud é a bheith i do chónaí i dtír gur féidir leat beannú don Taoiseach más maith leat, agus nach mbéarfar ort faoi bhéal gunna ná leis an láimh láidir le thú a bhrú as an mbealach?

Agus mé ag caitheamh súil ar na himeachtaí ullmhúcháin i gCearnóg Chaisleán Bhaile Átha Cliath, is ag smaoineamh ar an gcailín beag sa phictiúr taobh liom a bhí mé.

Cén tionchar a bheadh ag eachtraí an phictiúir uirthi – an mbeadh cuimhne aici i bhfad ina dhiaidh ar an uair a caitheadh amach as an traein í? An gcuimhneodh sí gur léim a máthair agus a seanmháthair amach díreach i ndiaidh an páiste a shá trí oscailt sa bhfuinneog? Ar airigh sí an ghaoth ó na piléir a scaoil na meaisínghunnaí thar a gcloigne?

Is cinnte gur ghoill go leor d’imeachtaí a hóige ar Monica, an páiste beag sin. Níor labhair sí faoi thada den stair phearsanta sin go raibh sí amach sna caogaidí.

Níor thagair sí riamh don tréimhse a chaith sí faoin mbord sa seomra suí, agus gan aici ar feadh an lae ach bábóg, leabhar agus pota. Bhíothas tar éis fainic a chur uirthi nach bhféadfadh sí torann ar bith a dhéanamh i rith an lae, nó thiocfadh arracht mór millteach Gearmánach ar a tóir agus shlogfadh sé í.

Ag an am sin bhí Monica, a máthair agus a seanmháthair ar a dteitheadh ó na Naitsithe sa Pholainn agus bhí páipéir aitheantais bhréige faighte ag a máthair, a lig uirthi gur Caitlicigh iad agus ainm Polannach orthu.

Ag breathnú siar ar na heachtraí scéiniúla sin, blianta ina dhiaidh, cheap Monica go rabhadar cinnte ar an mbealach chuig Treblinka, nó campa uafáis eile ina gcuirfí chun báis iad, nuair a d’éirigh lena máthair fuinneog na traenach a oscailt.

Caithfidh duine breith ar a seans aon uair is féidir leo. Chuir sé scéala ár gcara Tomi Reichental i gcuimhne dom. Bhí a athair siúd ar thraein sa tSlóvaic ar a bhealach chuig Auschwitz nuair a fuair sé amach gur robálaí taisceadán a bhí sa bhfear a bhí taobh leis. D’éirigh leis siúd fuinneog na traenach a oscailt agus léim athair Tomi amach. Choinnigh sé air ag troid in aghaidh na Naitsithe in éindí le dream páirtiseán a bhí i mbun troda sna sléibhte, go dtí deireadh an chogaidh.

Chaith Tomi é féin seal agus é ina lead óg, ag maireachtáil faoi rún (agus chaith col ceathrar leis tréimhse sé mhí faoin urlár agus eisean ar a theitheadh) le páipéir aitheantais bhréige. Ach faoi dheireadh caitheadh isteach i gcampa uafáis Bergen-Belsen é féin agus baill dá theaghlach. Agus é 90 bliain d’aois, tá a dheartháir Miki fós beo. Ach fuair 35 ball den teaghlach bás san Uileloscadh.

Tá Monica fós beo freisin – i Sasana, áit ar éirigh léi tearmann agus saol nua a fháil in éineacht lena máthair ag deireadh an chogaidh. Phós sí agus bhí mac aici, Oliver Sears, a bhfuil aithne mhór air mar gheall ar a ghailearaí ealaíne i mBaile Átha Cliath.

Ba é Oliver a chuir an taispeántas seo le chéile – ‘Objects of Love’ an teideal atá air. Déanann sé féin an tráchtaireacht agus is breá soiléir, gonta atá na píosaí cainte uaidh.

Breathnaíonn Oliver air féin mar ‘cartlannaí an teaghlaigh’ anois, óir is aige a tháinig na hiarsmaí éagsúla atá ar taispeáint ann – na grianghraif, na píosaí seodra pearsanta, na pasanna, na doiciméid a léiríonn céard a tharla don chlann Pholannach seo.

Ag breathnú ar an bpictiúr dá mháthair Monica agus í dhá bhliain go leith d’aois, cuireann Oliver an cheist: ‘Cén chaoi a bhféadfadh aon Stát nó eagras polaitiúil a shamhlú go mbeadh sé chun a leasa féin dá gcaithfí an páiste beag seo isteach in oigheann gáis?’

Déanann sé amach gur maraíodh thart ar mhilliún go leith páiste Polannach Giúdach le linn ré na Naitsithe agus gur cinnte gur le gás a maraíodh a bhformhór.

 

Ag breathnú ar na grianghraif domsa, a ba é an smaoineamh ba láidre i mo cheann ná gur le linn ré na nua-aoise a tharla an t-uafás seo. Nuair a bhí mise óg, cheap mé gur seanstair a bhí sa Dara Cogadh Domhanda. Ach leis an bhfírinne a dhéanamh ní raibh sé i bhfad thart.

Bhí Monica ina déagóir nuair a bhí mise sa bhunscoil. Bhí a máthair siúd agus a cuid aintíní ag ‘pósáil’ le haghaidh grianghraf sna 30idí díreach mar a bhíonn mná óga na linne seo. Bhí éadaí ar chuid acu – cultacha agus buataisí leathair rúitíní a bheadh an-fhaiseanta sa lá inniu. Ní raibh tuairim na ngrást acu céard a bhí rompu. Ní raibh col ceathrar le Monica, Artur ach aon bhliain déag nuair a dúnmharaíodh é féin agus a athair Jen i gcampa Belsen nó Auschwitz, dar le Oliver Sears.

Tá tráchtaireacht Oliver Sears i mBéarla agus i nGaeilge i leabhrán beag a théann leis an taispeántas. Tá buíochas tuillte ag Oifig na nOibreacha Poiblí, Caisleán Átha Cliath agus Feasacht Uileloiscthe Éireann as ucht an taispeántas seo a chur ar siúl agus slacht chomh breá agus chomh tarraingteach sin ar an leabhar agus ar gach a bhfuil ar taispeáint.

Rinne tuairisceoir le RTÉ, Philip Bromwell tuairisc bhreá teilifíse faoi agus ní haon locht ar Philip é go bhfuil sí gearr. Is mar sin a bhíonn le cúrsaí nuachta.

Ach is cinnte gur chuir sé daoine ar an eolas faoi agus bhí slua breá i láthair an lá a raibh mise ann.

Nod beag: Déan an tráchtaireacht a aimsiú le ‘Q-cód’ ar d’fhón póca – is fiú go mór duit éisteacht le glór Oliver agus tú ag dul thart ann. Insíonn Oliver ina ghlór féin freisin faoin mbaol atá ann arís maidir leis an bhfrith-Ghiúdachas.

Agus mé sa mbaile an oíche sin, bhí na chéad tuairiscí ag teacht isteach faoi na daoine a tógadh ina ngialla sa tSionagóg i Texas Mheiriceá.

Fág freagra ar 'Bhí Monica cinnte gur ar a mbealach go Treblinka a bhí siad nuair a d’éirigh lena máthair fuinneog na traenach a oscailt'

  • KH

    Ceiliúradh ar an daonnacht trí chéile atá in ailt an údair seo. Go bhfágtar againn í.