Bua nó bris ag brath ar bhuillí saora? Tá roghanna eile ann…

Buillí saora a shocraigh an imirt idir iománaithe Luimnigh agus an Chláir, ach bhí na naoscairí chomh mór sin ar a suaimhneas agus a bheadh siad ar fhaiche Áras an Uachtaráin ag léiriú scileanna na hiománaíochta do phiarda mór éigin

Bua nó bris ag brath ar bhuillí saora? Tá roghanna eile ann…

Colin Ryan ag fáil réidh chun poc saor a thógáil do Luimneach Dé Luain seo caite. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Idir na sála a bheith taispeánta do chapaill Shasana i Cheltenham agus na bróga a bheith tugtha don fhoireann rugbaí i Twickenham rinne duine go maith agus anáil a tharraingt an tseachtain seo caite.

Facthas díol suntais sna Cluichí Gaelacha ansin Dé Luain nuair ba bhuillí saora a shocraigh an imirt idir iománaithe Luimnigh agus an Chláir ar Pháirc na nGael agus iad fós ar comhscór faoin am a raibh an imirt fhéin agus am breise caite ansiúd.

Is deacair liom breithiúnas a thabhairt air sin. Ós rud é gur ag brath ar an teilifís a bhí mé níl a fhios agam cé chomh mór agus a thaitin sé leo siúd a bhí i láthair, ach cheap mé féin go raibh folús de chineál éicint ag baint leis – ag tabhairt iarracht ar scóráil i gcúl nach raibh imreoir ar bith ina ghaobhar, gan de bhaint leis an imirt acu siúd a bhí amuigh i lár na páirce ach a bheith ag máinneáil thart go dtiocfadh a seal féin.

Go fiú nuair a thug Peter Duggan, Aaron Gillane agus a gcomrádaithe faoi na buillí 65m is beag cuma a bhí orthu go raibh aon bhrú mór ag cur as dóibh. Bhí siad chomh mór sin ar a suaimhneas agus a bheadh siad ar fhaiche Áras an Uachtaráin ag léiriú scileanna na hiománaíochta do phiarda mór a bheadh ar chuairt oifigiúil ar an tír.

Tuigim cén fáth arbh éigean a leithéid de riail a thabhairt isteach, ach ar fhianaise an Luain ní mór rud éicint a dhéanamh le beagán croí agus anam a chur ann – dul trí iomlán na foirne seachas a bheith taobh leis an gcúigear naoscairí is fearr, b’fhéidir. Sin nó na pocanna a bhogadh 10 méadar amach sa gcás go mbítear fós ar comhbhuillí agus 5 cinn tógtha, nó iad a thabhairt níos gaire den taobhlíne.

Bheinn níos sásta fós dá mba chuid den chluiche féin a shocródh cúrsaí.

Ach a chead sin a bheith agam chuirfinn deireadh go hiomlán le tréimhse chinnte am breise sa gcás agus go gcríochnaíonn foirne ar comhscór. Céard faoi leanacht leis an imirt go bhfaigheadh ceann acu dhá scór as a chéile?

Bheadh an intinn chéanna agam maidir leis na ciceanna éirice a shocraíonn an lá nuair a chríochnaíonn cluichí sacair ar comhscór agus am breise imeartha.

An réiteach atá agam air sin ná an liathróid a leagan ar an talamh sa gciorcal i lár na páirce agus é de dhúshlán ag an té atá ag iarraidh scóráil í a thabhairt leis as sin i dtreo an chúil lena cur sa líon – cead taistil ag an mbáireoir chomh fada le himeall an bhosca mar a bhíonn de ghnáth.

Ní féidir ach go mbeadh iomlán na scileanna a d’fhéadfadh an bheirt iomaitheoirí a léiriú i bhfad níos airde ná bleaist a thabhairt don liathróid atá i bhfoisceacht 12 slat de líne an chúil – gan roimpi ach fear nach féidir leis corraí amach agus é ag iarraidh gardáil a dhéanamh ar limistéar 24’ x8’.

Pébrí fúthu siúd, tá mé cinnte go mbeadh níos mó tóir ar a leithéid ag an lucht féachana agus go mbainfeadh siadsan níos mó suilt as ná a bhaintear as an mbualadh tóin bó le sluasaid atá ann faoi láthair.

Rinneadh tagairtí go leor an tseachtain seo caite freisin de rud eile atá ag cur chantail orm le fada an lá anois agus sin an nós atá ann roinnt mhaith athruithe a bheith curtha ar fhoirne Chumann Lúthchleas Gael a bhíonn liostaithe sna cláracha a cheannaítear ag na cluichí faoin am a ritheann siad amach chun páirce.

Bhí mé féin ag an gcluiche sraithe idir Gaillimh agus Áth Cliath – lena gceart a thabhairt do bhainistíocht na Gaillimhe ba iad an cúigear déag a bhí liostaithe ar an gclár a chuaigh chun páirce, ach nuair a thosaigh an imirt bhí ceathrar d’fhoireann Átha Cliath agus geansaithe orthu arbh idir 16 agus 26 a bhí ar a ndromanna.

Ar an Irish Examiner Dé Máirt thug comhfhreagraí CLG an nuachtáin John Fogarty liosta samplaí den obair chéanna a facthas ar pháirceanna timpeall na tíre an dá lá roimhe.

Ar Pháirc Brewster fógraíodh ar an PA nach rabhthas in ann aon eolas a thabhairt faoi bhfoireann peile a bhí Ard Mhacha a chur chun páirce i Roinn 3 na Sraithe mar nach raibh siad sásta an t-eolas sin a roinnt. Bhí 5 athrú ar fhoireann Dhún na nGall a d’imir Muineachán ón gceann a tugadh d’fhoilsitheoirí an chláir.

Agus i gCaisleán an Bharraigh, áit ar imir Maigh Eo agus Tír Eoghain a chéile, bhí athrú iomlán ar fhoireann na dTuaisceartach seachas mar a bhí foilsithe sa gclár. Ceart go leor ba ionann an 15 imreoir a bhí ar an bpáirc agus an fhoireann a d’fhógair Tír Eoghain tráthnóna Dé hAoine, ach ní raibh lucht foilsithe an chláir in ann fanacht chomh fada sin lena chur i gcló.

Deir siad gurb é an té a íocann an píobaire a ghlaonn an port. Is léir nach é an té a cheannaíonn an clár a fhaigheann an t-eolas.

Tá sé thar am rud éicint a dhéanamh ina thaobh.

Fág freagra ar 'Bua nó bris ag brath ar bhuillí saora? Tá roghanna eile ann…'