Beidh an léiriú An Londubh Fáin: Tadhg Ó Murchadha, Pádraig Ó Ceallaigh agus Amhráin Chill Rialaigh á chur i láthair ag Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach ag an amhránaí Tim Dennehy i dteannta Róisín Mullarkey agus cairde eile. Labhair sé le Tuairisc.
An deireadh seachtaine seo romhainn beidh comóradh á dhéanamh ag Éigse na Brídeoige 2025 ar an obair a rinne an bailitheoir béaloidis Tadhg Ó Murchadha (1896 – 1961) nuair a bhí sé ag obair le Coimisiún Bhéaloideas Éireann i gCo. Chiarraí. Bhí Tadhg Ó Murchadha ar dhuine den chéad bheirt bhailitheoirí lánaimseartha a d’fhostaigh an Coimisiún Béaloideasa nuabhunaithe i 1935. Fear díograiseach a bhí ann a bhailigh 60,000 leathanach d’ábhar béaloidis i gcontaetha Chorcaí, Chiarraí agus an Chláir. Théadh sé timpeall ar a rothar agus an ediphone thiar ar an iompróir aige agus é ag tabhairt cuairt ar sheanchaithe, scéalaithe agus amhránaithe ag bailiú amhrán, scéalta agus seanchais.
Lá amháin sa mbliain 1940, thug sé cuairt ar sheanathair an cheoltóra Tim Dennehy, Pádraig Ó Ceallaigh, i gceantar Chill Rialaigh agus bhailigh sé dosaen amhrán fada uaidh. Is iad na hamhráin a taifeadadh an lá sin a bheidh á gcur i láthair ag Tim agus a chairde ag an léiriú An Londubh Fáin: Tadhg Ó Murchadha, Pádraig Ó Ceallaigh agus Amhráin Chill Rialaig a bheidh ar bun mar chuid de chlár na hÉigse i mbliana.
Tá staidéar á dhéanamh ag Tim Dennehy ar na hamhráin le tamall anuas agus é ag dul idir na nótaí a bhí breactha ag an mbailitheoir béaloidis agus na taifeadtaí a deineadh de ghuth a sheanathar agus na hamhráin á gcanadh aige.
“Tháinig mé trasna ar chúpla amhrán tamall de bhlianta ó shin. Bhí sé deacair na scríbhinní a léamh agus ní raibh aon taifead den ghuth agam an t-am sin. Thug Ríonach Uí Ógáin a bhí le Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus Liam O’Connor ó Thaisce Cheol Dúchais Éireann an-chúnamh dom. Thug siadsan cúpla taifead dom agus sin a spreag mé chun staidéar a dhéanamh ar amhráin mo sheanathar,” a deir sé.
File, amhránaí, cumadóir amhrán, craoltóir agus múinteoir é Tim Dennehy. Rugadh i mBaile an Sceilg i leithinis Uíbh Ráthaigh é agus bhog a mhuintir go Cathair Saidhbhín nuair a bhí sé fós óg. Is óna mháthair agus a athair, Nóra agus Tadhg, a tháinig a ghrá don cheol is na hamhráin agus cé go ndeir sé go raibh an Ghaeilge ag trá ag an am, bhí saibhreas Gaeilge le cloisteáil aige sa gcistin is sa gceantar agus é ag fás aníos.
Níos deireanaí ina shaol, sa mbliain 1979 i mBaile Átha Cliath dó, bhunaigh sé féin agus a chara Dónal de Barra, Club Amhránaíochta Góilín, club atá fós ag teacht le chéile gach Aoine. Tá sé cheirnín eisithe aige, ina measc Between the Mountains and the Sea in ómós don fhile Sigerson Clifford.
Ina chónaí i Sráid na Cathrach, contae an Chláir atá sé anois, áit a mbíonn sé gníomhach le Scoil Samhraidh Willie Clancy, Oidhreacht an Chláir agus Cruinniú na gConsairtín. Tá staidéar déanta aige ar Oidhreacht Uíbh Ráthaigh agus tá cuid den obair sin le léamh sa leabhar The Iveragh Peninsula–A Cultural Atlas of the Ring of Kerry.
Faoi láthair tá sé ag déanamh staidéar ar amhráin a sheanathar, Pádraig Ó Ceallaigh ó Chill Rialaigh, amhránaí aitheanta sa gceantar a mhair idir na blianta 1868 agus 1948. Ba é Pádraig seanathair Tim ar thaobh a mháthar agus nuair a thosaigh Tim ag staidéar na n-amhrán bhí an-suim aige a fháil amach an raibh aon cheann acu tar éis a theacht anuas chuige féin.
“Aisteach go leor níl an oiread sin comparáid idir na hamhráin a bhailigh Ó Murchú ó mo sheanathair agus na hamhráin a chuala mé féin ó mo mháthair sna 1950idí. Bhí go leor acu imithe, ar ndóigh, ach bhí cuid eile acu a d’aithin mé, Caisleán Uí Néill agus Amhrán an Bhaitsiléara, bhí siad sin ag m’uncail, cé nár chuala mé ag mo mháthair iad.”
Bhí athrú mór tagtha ar an stíl amhránaíochta freisin ó rinne a sheanathair na taifeadtaí le Ó Murchú go dtí gur fhoghlaim Tim na hamhráin óna mháthair agus óna uncail.
“An cheist eile a bhí agam ansin ná an stíl. Ar mhair an stíl sin go dtí glúin mo mháthar agus m’uncail Seán? An freagra ná nár mhair sí dháiríre. Sin cuid de na ceisteanna a bhí á gcur agamsa agus mé ag éisteacht leis an stór amhrán. Cén chomparáid a bhí ann ón am sin go dtí m’am féin, agus an freagra ná nach raibh mórán comparáid ann dáiríre. Bhí an teanga ag meath le mo linnse ach mhair na hamhráin i gcuimhne na ndaoine. Bhí difríocht ana-mhór idir stíl agus stór agus méid na n-amhrán a bhí ar eolas ag glúin mo sheanathar.”
Beidh na hamhráin ar fad á n-aithris aige mar chuid den léiriú An Londubh Fáin ag Éigse na Brídeoige in éineacht le Róisín Mullarkey, Paddy Bushe, mac le Tim, Tadhg Dennehy, agus Diarmuid de Faoite.
“Is turas iontach pearsanta domsa é agus tá obair fós le déanamh, ach tá i bhfad níos mó ná mé féin i gceist leis an léiriú. Oíche na hÉigse beidh Róisín Mullarkey ag canadh liom, amhránaí an-bhinn, beidh mo mhac Tadhg ann agus an file Paddy Bushe. Beidh ceann amháin againn freisin le Seán Garvey, amhránaí aitheanta a cailleadh roinnt blianta ó shin. Bhí an-bhaint ag Diarmuid de Faoite leis an tríú mír, chuir sé an téacs ar an scáileán agus feicfidh daoine an scríbhneoireacht a rinne Tadhg Ó Murchadha fad is a bheidh na hamhráin á gcanadh.”
Tá sé ag súil go dtabharfaidh an ócáid tuiscint do dhaoine ar an gceantar agus go ndéanfaidh sé ceiliúradh ar an obair a rinne Tadhg Ó Murchú agus ar na daoine a roinn an béaloideas leis go flaithiúil.
“Níl aon mhaith na hamhráin seo a bheith istigh i leabhar, caithfear iad a chanadh arís. Tá áthas orm a bheith páirteach leis seo mar go dtugann sé ómós do na daoine i gCill Rialaigh a choinnigh an teanga beo.”
*Beidh An Londubh Fáin: Tadhg Ó Murchadha, Pádraig Ó Ceallaigh agus Amhráin Chill Rialaigh le feiceáil ag Éigse na Brídeoige ar an Aoine, an 31 Eanáir. Tuilleadh eolais agus clár na féile le fáil anseo.
Fág freagra ar '‘Bhí an teanga ag meath le mo linnse ach mhair na hamhráin i gcuimhne na ndaoine’'