‘Bhí an-bhliain ag Le Boom agus níor chloígh muid le riail ar bith’

Caitheann Tuairisc súil siar ar 2025 le roinnt Gael. Inár dteannta an geábh seo, tá an ceoltóir Christy Leech ó Le Boom,

‘Bhí an-bhliain ag Le Boom agus níor chloígh muid le riail ar bith’

Céard í an chuimhne is mó a bheidh agat ar 2025?

Fuaim na rothaí beaga ag bun ár gcásanna taistil ag rothlú agus ag scrábadh ar sráideanna agus ar chosáin agus muid ag bogadh ó chathair go cathair, ó chlub go club. Dúnaim mo shúile agus cloisim fós é.

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2025?

Connolly mar Uachtarán na hÉireann agus ar ndóigh foireann sacair na hÉireann ag dul ar aghaidh go play-offs an Choirn Dhomhanda.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2025?

Bhí agus tá an oiread sin scéalta uafásacha ag tíocht ó Ghaza chuile lá nach féidir liom aon cheann amháin acu a phiocadh.

Céard é téama 2025 duitse?

Dhom fhéin, go pearsanta, bhí ana-chuid bróid agus tírghrá ag baint leis an mbliain seo. Ós rud é go raibh muid ag casadh go leor leor seónna thar lear – san Astráil, sa RA agus thart timpeall na hEorpa, chonaic muid an oiread éilimh atá ar rudaí agus ar dhaoine Éireannacha faoi láthair – bhí sé le brath ní hamháin ó thaobh an cheoil de ach ó thaobh aisteoirí, ealaíontóirí, scríbhneoirí, dearthóirí agus a leithéidí de chomh maith. Bhí an-chuid bróid orainn fhéin agus muid ag bogadh thart, ó chathair go cathair ag cur ‘Gael Raves’ ar siúl – iad plódaithe chuile oíche cibé cén áit a raibh muid. An oiread measa a bhí ag daoine fiú ar an teanga agus muid á labhairt, bhí sé speisialta ar fad.

Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort i mbliana?

Bhreathnaigh mé ar an gclár Say Nothing ag tús na bliana – dochreidte mar is eol do chuile dhuine.

Léigh mé Close To Home le Michael Magee – ceann de na leabhair is fearr atá léite agam le deireanaí.

Chonaic mé Portia Coughlan den chéad uair i mbliana – ní dráma nua é seo, ar ndóigh, ach chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú i mbliana?

Muinín an rud is mó, dar liom. D’fhoghlaim muid go bhfuil muid i bhfad níos fearr as nuair nach n-éisteann muid an iomarca le comhairle ó dhaoine sa ‘tionscal ceoil’ (no offence dóibh) – i bhfad níos fearr as nuair a dhéanann muid ár rogha ruda fhéin. Bhí an-bhliain againn agus níor chloígh muid le riail ar bith. Chum muid an cineál stuif a bhí muid ag iarraidh a chumadh agus bhí craic ar leith againn á dhéanamh agus á chasadh ar fud na háite.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rún a bhí agat ag tús na bliana?

Ag tús na bliana, shocraíomar dul go dtí an Astráil cé nach raibh cliú againn an mbeadh muid in ann sin a bhaint amach. Bhí sé class gur éirigh linn sin a dhéanamh. Bheadh mé anseo go hoíche dá ndéarfainn leat an oiread rún nár éirigh linn cloí leo ach beidh muid níos fearr an bhliain seo chugainn!

*Tá dhá Gael Rave fágtha ag Le Boom roimh deireadh na bliana ar an 27 (Oíche) agus 28 (Rave Lae) Nollaig i Dolans Warehouse i Luimneach. Eolas agus ticéid ar www.weareleboom.com

Fág freagra ar '‘Bhí an-bhliain ag Le Boom agus níor chloígh muid le riail ar bith’'